Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fliuchadh (13)

+
fliuch 1
Fliuchadh mé go craiceann trathnóna
TUILLEADH (9) ▼
Tá an féar fliuchta aríst. Má fhaghann sé mórán amlú anois, beidh sé dreóite
Tá tú ag fliuchadh do léine le pislíní
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithigh ar fad imithe amach aice = níl deóir ar bith bhainne aice
"Dhá mhéad a cuid bua (bó), ní raibh fliuchadh ar a croí (de bhainne) Ach puisín go suaimhneach ag cumhdach an tí" (As "Na Ba Ciara agus Bána")
Ní bhfuair mé fliuchadh mo bhéil ann = deóir ar bith óil
Níl fliuchadh do bhéil de phoitín ar thamhnachaí anois
Ní raibh fliuchadh do bhéil de chineál ar bith óil annseo faoi Nollaig. B'annamh leis nach go barrbachall a bheadh sé
Níor chaith sé fliuchadh do bhéil d'uisce le leathráithe. Tá chuile shórt spalpha
Fliuchadh chuile dhuine a chuid aráin in allas a mhailí fhéin = caithfidh chuile dhuine obair a dhéanamh len a bheatha a shaothrú
 
aníos
Fliuchadh mé aníos go glúine.
 
Má tá muid cumhang, níl muid doicheallach. Sin é a bhí J. Ph. A. a rádh an oíche ar pósadh é. "Brughaigidh isteach 'fhearaibh. Má tá muid cumhang níl muid doicheallach". Bhí an teach sáthach cumhang gan dabht, ach m'anam go raibh a dhóthain fairsingeacht' ann freisin dhá mbeadh aon-cheo le cur ann. Fliuchadh a' (ar) mbéil féin níor eirigh linn i gcaitheamh na h-oíche. Ó dheamhan an sdriog!
 
An téagar a thug sé dhuit ins an ngloine ní raibh agad a ghlacadh chor ar bith uaidh agus cho beag agus a chuir sé thú. Ní raibh fliuchadh do bhéil féin ínnte. Níor dhéircighe dhuit é