Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fuiliú (8)

+
Is furasta fuiliú ar phutógaí falamh = is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan etc.
TUILLEADH (5) ▼
Bí buíoch nar ith mise aon-ghreim ó mhaidin inniu. Marach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh
Bhuailfeadh an madadh se'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh. Dheamhan greim a fhaghas sé siúd, ach an méid a bhaineas sé as a chrága
Is beag an rud a fhuilíos ar cheann carrach; is furasta fuiliú ar cheann carrach; is furasta fuil a bhaint as cúl carrach = is beag atá indon cur chuig duine atá go dona, nó buailte suas cheana; is furasta nocht a dhéanamh de bhocht
Bhí mé an-bhuailte suas le coicís. Choinnigh mé an leabaidh. Shílfeá nach raibh tsiocair ar bith agam mara fuacht a fuair mé oíche na tórradh. Ach deir siad gur furasta fuiliú ar cheann carrach
Tá sé le cur as seilbh. Níor íoc sé aon-chíos, ó a baineadh an "dole" dhe. Shílfeá nach gcuirfeadh an "dole" céanna síos ná suas é, ach is furasta fuiliú ar cheann carrach
 
deacair 2
Is deacair fuiliú ar cheann carrach (fc. carrach, fuiliú)
 
Dúchas 'sábhálaidh Dia sinn! Má tá sé le dúchas tá sé réidh. Is fada th'éis an madadh fuiliú ar dhuine, go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dheallracán annsin slán an tsamhail a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosóchthá ag cur chubhair amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort 'chuile phuinte agus meirbhthean in a dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon-leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do 'chuile shórt leigheas dhá chuid féin