futh (6)
+
→
foth
Ní bhfuair mé ar futh ná ar féar é = in áit ar bith; níl sé le fáil in aon-áit san tír (tá an leagan seo an-choitianta)
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé annsin ar baillín, ach ní fheicim ar futh ná ar féar anois é
Sin é an chaoi a mbíonn an dearmad. Leagann sib rud uaib agus ní bhíonn sé le fáil ar futh ná ar féar in u (ur) ndiaidh
D'imigh bean as sin thíos i mB. an bhliain cheana, agus dheamhan ar fríodh ar futh ná ar féar ó shoin í
Cuir isteach an t-asal sin agus cuir glais agus aithghlas air, nó dheamhan a chos a bhéas ar futh ná ar féar amáireach.
Tá mo lá caithte agam in a dhiaidh agus gan é ar futh ná ar féar. Caithigidh sneachta ar a lorg anois. Dheamhan amharc a fheicfeas sibh go deó air. Sin í ur gcuid sleamchúise féin