Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

iasc (50+)

 
faoisc
Séard atá agad a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uiliog as. Níl ag an iasc sin ach faoscadh beag. Ólfaidh sib an abhainn má bhruitheann sib ar aghaidh féin é
 
Runnachaí ar fad a bhí san eangach. 'Chuile bhreac ar an bhfeáin aca. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
Tabhair anuas feánach uisce agam. Tá íota orm indiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa annlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst cho goirt sin é
 
fios
An bhfuil iasc istigh ab ea. Níl a fhios sin agam (dheamhan a fhios sin agam)
 
Féadfaidh duine a bheith fial frasach nuair a thiocfas an ócáide air, agus is corr-uair é sin. Ní hé gach aon-lá a maraíonn Páidín iasc adeir siad
+
Bhí mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt in a dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat in a fhear fabhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindigh liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
TUILLEADH (4) ▼
Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt (sean-fhocal) = má bhíonn duine ag caitheamh dúracht le saothar ar bith nach mbíonn aon-bhalachtáil air, ná nach bhfánn sé aon-ugach uaidh, b'fhearr dó leigean dó
Tá sé ag líochán an chasáin in a diaidh sin leis an fhad seo aimsire, agus gan d'áird aice sin air ach an oiread agus dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach leigeann sé di fhéineacht, nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon-ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Fágfaidh an t-iasc sin tart ort = cuirfidh sé tart ort; fáiscfidh sé tart ort
 
fág
Fág seo ag iascach. Tá an lá in araíocht
+
B'fhearr go mór aobha éisc ná geir le fáideóig a dhéanamh. Chonnaic mise 'chaon cheann aca
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaghann tú fáideóg ghiúsaí gabhfaidh muid ar an abhainn oíche eicínt! Ní féidir nó eireóidh béilí éisc linn
 
ceal 1
Tá'n faltanas sa mbitheamhnach ceart go leor. Ní cheal droch-mhúineadh ná droch-éisc atá air, ach cheal spreactha a's neirt.
+
ceas
D'th mé an-fhoracún éisc indiu. Tá ceas orm aige.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé chomh dúlaidhe 'san iasc úr, a's gur chuir sé ceas air fhéin leis. Thosuigh sé a' brúchtaoighil in a dhiaidh. Uair annamh, tá mé 'ceapadh a eirighea(nn)s aon-bhreac úr le lucht a' tsléibhe sin.
Má d'eirigh an oiread sin éisc indiu leis, cuirfe sé ceas air fhéin, le blatháin anocht.
 
Tá'n t-iasc carraige sin ar fad coilgneach le n-ithe. Níor mhór do dhuine iasc mór le aon-tsubhachas ná aon-tsolamar a fhaghail orra(b).
 
Chinnfeadh ort aon-choinnleoireacht a dhéanamh anois ag maora a's ag báirseoirí éisc. Tá duine aca(b) romhat le 'chuile chor.
 
Ní bheadh Tom Sh. contanásach i láthair sagairt ná easbuig. Dá mbadh é an té ba mheasa leat beo é, leigfead sé amach a chuid droch-éisc in a láthair.
 
Is iomdha sin annlann in aice cladaigh. Tá'n bhealuidheacht éisc ann a's an cnuasach cladaigh, a's deirimse leat gur beag a' locht toit bháirne fhéin, dhá mbeadh goile géar agad.
 
Cá mbeadh a' ballséire do do thabhairt indiu ag iascach! Nach bhfuil a' cuan fré chéile in a chuilíní bána. Deirimse leat go bhfuil sé bun-gharbh go leor ar a' bhfairrge indiu.
+
beo 1
Tá iasc beo ionnam.
TUILLEADH (13) ▼
Airighim iasc beo a' giolcáil in mo cheathramha.
Meastú cé'n fáth an t-iasc beo seo a bheith a' léimneach i mo chois?
Ní iasc beo é sin chor a' bith ach pianta fáis.
Deir siad dhá sáiththí biorán ionnad 'san áit a mbeadh a' t-iasc beo, go dtiocfadh do chuid fola as éadan. Ní thiocfad sí mara mbeadh a' t-iasc beo ann faoi láthair.
Airighim drithlíní eicínt i mo chorróig, maran iasc beo a bheadh ann, ach feicthear dhom nach h-eadh.
Is aisteach a' rud é an t-iasc beo sin fhéin. Ar airigh tú ionnad fhéin ariamh é?
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
Níl dochar a' bith annsin a leain(bh)ín. Iasc beo é sin. Bíonn sé ar chuile dhuine beo, uair eicínt.
Iasc beo! Chaithfead sé gur ionnadsa atá an t-iasc beo ar fad, a's nach bhfuil tada dhe in aon-duine eile.
Cé'n mhaith dhuit a bheith dhá scríobadh. Ní dhíbreocha sin a' t-iasc beo.
Is diabhaltaidhe an tóir atá ag an iasc beo ortsa fharras aonduine. Níl de leathrann agad ó mhaidin go faoithin ach iasc beo. Ó thárla nach bhfuil aon-dochar ann, tuige a mbíonn tú a' bodhrú na ndaoine a' cainnt air! Nach thú an sean-pháiste againn!
Níor chodail mé néal ar feadh na h-oidhche aréir. Bhí iasc beo liom ar feadh na h-oidhche, aindeoin go sílfeá nach gcoinneochadh sin duine ó chodladh
Seachain dia aithnighthear! Deir siad, dá gcuirtheá biorán thríd an áit a mbeadh a' t-iasc beo ionnad, nach bhfanfadh deoir fhola ionnad nach dtiocfadh.
 
bocht 2
'Tá sé ag (d)ul ar an iasc' adeir sí 'mar tá sé gránuighthe ar a' bhfeoil'. InDomhnach shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh bhuidhe bocht leis, an ruainne éisc fhéin a fheiceál ar a chiseoig tamall.
+
Is diabhluidhe an bhrachlainn éisc atá aige adéarfá nuair a d'fheicfeá an stropa nó'n máilín éisc caithte amach ar a' gcarraig, ar a' talamh, nó sa mbád ag iascaire.
TUILLEADH (4) ▼
D'eirigh an-bhrachlainn éisc leis indiu. Is mór a' fátalluidhe é.
Chaithfeadh sé go raibh an-mharbhú ar iasc indiu, a's an bhrachlainn a d'eirigh le N. Ph. Ní fhaca mé fós imbliadhna aige, thar chupla bláthainín, a's bod gorm.
Chuaidh mé 'na chladaigh le cupla urchar iascaigh a chaitheamh roimh an gCingcís, a's ní chreidfeá ach a' bhrachlainn éisc a thárluigh mé liom.
Is mór an saothruidhe tú, má mharbhuigh tú fhéin an bhrachlainn éisc sin, fré chéile.
 
Má dhéanann briotais dhó é, marbhócha sé iasc.
 
Tá'n droch-éisc istigh. Marach go bhfuil, ní bheadh sé a' broimseálacht mar sin, go h-acht a's go h-áithrid.
 
bruach
Chuala mé m'athair a' rádh go raibh siad ag iascach lá annsin amuigh ar a' meath mhóir, a's go raibh colmóirí aca(b) tráthnóna bruach ar bhruach leis a' seas deire — bád iomartha bhí aca(b). Nach diabhluidhe an cúl a thug a' t-iasc do'n chaoláire ó shoin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheobhfá anois ann.
 
aer
Tá'n t-iascach caithte in aer ar fad aca(b) ar an saoghal seo.
 
buail
Chuaidh beirt as an áit seo fadó, amach ar a bhfeatha mhóir (meath?) ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mara dtáinic sé in a lom gaoithe aduaidh orra(b), a's b'éigean dóib leigean leis a' mbád iomramha gur bhuail siad tír imBaile Uí bhFiadhcháin i gConndae an Chláir. Ach níor chás dóib é, ó bhuail siad tír in aon-áit.
+
Níl aon-bhualadh ar an iasc indiu = níl a' t-iasc a' dul i bhfastódhas 'sna dubháin; níl aon-phriocadh ná aon-fhreagairt le faghail ag iascairí.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfadh aon-bhualadh a bheith ar iasc indiu. Tá'n lá ro-gheal.