Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

iasc (50+)

 
faoisc
Séard atá agat a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uileag as. Níl ag an iasc sin ach faoisceadh beag. Ólfaidh sibh an abhainn má bhruitheann sibh ar a aghaidh féin é
 
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
Tabhair anuas feadhnach uisce agam. Tá íota orm i ndiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa anlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst chomh goirt sin é
 
fios
An bhfuil iasc istigh ab ea. Níl a fhios sin agam (dheamhan a fhios sin agam)
 
Féadfaidh duine a bheith fial frasach nuair a thiocfas an ócáide air, agus is corruair é sin. Ní hé gach aon lá a maraíonn Páidín iasc adeir siad
+
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
TUILLEADH (4) ▼
Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt (seanfhocal) — má bhíonn duine ag caitheamh dúthracht le saothar ar bith nach mbíonn aon bhalachtáil air, ná nach bhfaigheann sé aon ugach uaidh, b'fhearr dó ligean dó
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Fágfaidh an t-iasc sin tart ort — cuirfidh sé tart ort; fáiscfidh sé tart ort
 
fág
Fág seo ag iascach. Tá an lá in araíocht
+
B'fhearr go mór aobha éisc ná geir le fáideoig a dhéanamh. Chonaic mise chaon cheann acu
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann tú fáideog ghiúsaí gabhfaidh muid ar an abhainn oíche eicínt! Ní féidir nó éireoidh béilí éisc linn
+
ceas
D'ith mé an-fhoracún éisc inniu. Tá ceas orm aige.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé chomh dúlaí san iasc úr agus gur chuir sé ceas air fhéin leis. Thosaigh sé ag brúchtaíl ina dhiaidh. Uair annamh, tá mé ag ceapadh, a éiríonns aon bhreac úr le lucht an tsléibhe sin.
Má d'éirigh an oiread sin éisc inniu leis, cuirfidh sé ceas air fhéin le blátháin anocht.
 
Tá an t-iasc carraige sin ar fad coilgneach le n-ithe. Níor mhór do dhuine iasc mór le aon tsubhachas ná aon tsolamar a fháil orthub.
 
Chinnfeadh ort aon choinnleoireacht a dhéanamh anois ag maortha agus ag báirseoirí éisc. Tá duine acub romhat le chuile chor.
 
Is iomaí sin anlann in aice cladaigh. Tá an bhealaíocht éisc ann agus an cnuasach cladaigh, agus deirimse leat gur beag an locht toit bhairnigh fhéin dhá mbeadh goile géar agat.
 
Cá mbeadh an ball séire do do thabhairt inniu ag iascach! Nach bhfuil an cuan fré chéile ina chuilíní bána. Deirimse leat go bhfuil sé bungharbh go leor ar an bhfarraige inniu.
 
bocht 2
'Tá sé ag dul ar an iasc,' adeir sí, 'mar tá sé gráinithe ar an bhfeoil'. I nDomhnach, shantaigh mé fhéin a rá léithe go mba bhuí bocht leis an ruainne éisc fhéin a fheiceáil ar a chiseoig tamall.
+
Is diabhlaí an bhrachlainn éisc atá aige — adéarfá nuair a d'fheicfeá an strapa nó an máilín éisc caite amach ar an gcarraig, ar an talamh, nó sa mbád ag iascaire.
TUILLEADH (4) ▼
D'éirigh an-bhrachlainn éisc leis inniu. Is mór an fáiteallaí é.
Chaithfeadh sé go raibh an-mharú ar iasc inniu agus an bhrachlainn a d'éirigh le N. Ph. Ní fhaca mé fós i mbliana aige, thar chupla blátháinín agus bod gorm.
Chuaigh mé 'na chladaigh le cupla urchar iascaigh a chaitheamh roimh an gCincís, agus ní chreidfeá ach an bhrachlainn éisc a tharlaigh mé liom.
Is mór an saothraí tú má mharaigh tú fhéin an bhrachlainn éisc sin fré chéile.
 
Má dhéanann briotais dhó é, maróidh sé iasc.
 
bruach
Chuala mé m'athair ag rá go raibh siad ag iascach lá ansin amuigh ar an meath mhóir agus go raibh colmóirí acub tráthnóna bruach ar bhruach leis an seas deiridh — bád iomartha a bhí acub. Nach diabhlaí an cúl a thug an t-iasc don chaoláire ó shin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheofá anois ann
 
aer
Tá an t-iascach caite in aer ar fad acub ar an saol seo.
 
buail
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
+
Níl aon bhualadh ar an iasc inniu — níl an t-iasc ag dul i bhfostós sna duáin; níl aon phriocadh ná aon fhreagairt le fáil ag iascairí
TUILLEADH (16) ▼
Ní fhéadfadh aon bhualadh a bheith ar iasc inniu. Tá an lá rógheal.
Lá dorcha is fhearr a bhíonns bualadh ar an iasc.
Ní fhéadfadh aon bhualadh éisc a bheith ortsa, arae ní bhuailfidh an t-iasc an baoite atá agat — portáin. Más leat aon chúis a dhéanamh, ní mór dhuit logaigh agus péiste rua a fháil.
D'fhan mé ann go raibh an charraig ionann is folcaithe ach ba aon mhaith amháin dom é, ní raibh a dhath bualadh ar an iasc.
Bhí báiríochaí éisc ann thar a chéile, ach dheamhan bualadh a bhí ar na heangachaí ina dhiaidh sin.
Ní bhíonn aon bhualadh éisc ghlais ar na glaschuanta sin. Sa tseanfharraige is mó a chothaíonns siad.
Sa bhfómhar a bhíonns an bualadh ar an iasc glas.
Níl mórán bualadh ar an iasc mór sa stopóig. Chaithfeá a dhul ar an meatha mhóir leis.
Bhí bráite maith againn agus ní raibh aon bhualadh thairis sin ar an iasc, ina dhiaidh sin.
Bhí bualadh chomh mór sin ar an iasc glas agus go gcaithfinn tharam iad gan stró ar bith dhá mbeadh líon cléite agam.
Tá bualadh ar iasc glas ansin amuigh má tá aon líon curtha ann. An bhfeiceann tú an stadhan éan atá ann!
Dhá mbeadh a dóthain lonnadh sa bhfarraige, bheadh níos mó bualadh ar an iasc.
'Sé an uair is fhearr a mbíonn bualadh ar iasc, lá a mbeadh lonnadh sa bhfarraige ach gan í a bheith róchallóideach.
Tá an lá ró-aoibhinn le aon bhualadh a bheith ar an iasc.
Níl aon bhualadh éisc orm inniu — níl aon ádh éisc orm; níl aon chonách éisc orm
Ná faigh caidéis ar bith dhom anois, le faitíos nach mbeadh aon bhualadh éisc orm (iascaire, le duine a chasas dó faoi bhealach agus é ag dul ag iascach)
 
aird 1
Lá sna naoi n-aird a théim ag iascach ar an saol seo.
 
airigh
Aireoidh na daoine an t-iasc glas a bheith ídithe, ach bhain muid solamar maith dhe an fhad is a sheas sé (iasc glas = ronnaigh, bolmáin, mangaigh srl. a bhuaileanns an cladach agus na glaschuanta ina gcluichí sa bhfómhar)