Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

imthighthe (50+)

 
Is furasta dhó a bheith imthighthe as a chranna cumhachta le ámhuilleacht a's 'scaibhtéaracht'. Dhá dtagadh sé isteach th'éis duine a mharbhú dheamhan caidéis a chuirfeadh a' t-athair ná'n mháthair air. Sé'n chaoi 'bhfuil siad a' borradh leis.
+
Tá S. anois mar bheadh an chaolóid riabhach indiaidh na cuaiche. Dheamhan goir ag an D. a chois a chur amach as a' teach, nach bhfuil sí imthighthe dhá shiubhal ionnsuidhe in a dhiaidh. A's mara bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi a' bith ag an D. uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Tá P. Sh. Dh. imthighthe siar. Is gearr go bhfeice tú an chaolóid riabhach anois anoir 'na dhiaidh. Ní dhéanfad sé aon-tsuaimneas thoir gan a bheith 'na chomhluadar.
 
Tá mé siún siunncaighthe aige ó mhaidin, a' ceartú dhom, faoi 'scholarships', a's faoi na bheirt inghean atá imthighthe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon-duine ariamh i gcoláiste cheana, ach a bheirt inghean fhéin.
 
Tá sé imthighthe ar na M. C.
 
Dhá bhfaghadh sé sin, an té 'dhéanfadh obair dó, dheamhan smeach a' bith a dhéanfadh sé fhéin, ach imthighthe a' bóithreoireacht. Dheamhan ab é a mhalrait de chosamhlacht atá air.
+
Ní bheadh aon-ghé choideáin, in éindigh le na géadhbha se'agaibhse. Airighim imthighthe le seachtmhain í, a's níl fhios agham ó árd-bhonnaidheachaí an chatmara, cá ndeacha sí, marab é an sionnach a thárlóchadh leis í.
TUILLEADH (1) ▼
Th'éis gur thoir ar a' mbaile sin a rugadh a's a tóigeadh mé, inDomhnach chreidim go mbeidhinn coideáin ann dá gcastaí soir ann anois mé. 'Chuile dhuine dá raibh ann le mo línn-sa, tá siad curtha nó imthighthe.
 
Tá'n sluagh céadtach imthighthe soir, má's chuig an 'show' a chuaidh siad uileag, nó nach h-eadh.
 
Níor airigh mé an 'bicycle' imthighthe go dtáinic mé amach, a's dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dheanamh, ach é shiubhal. Dar príosta sin é 'an marcuigheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile'.
+
baile
Tá sé imthighthe amach in áit eicínt faoi'n mbaile.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé imthighthe ó bhaile (ó'n mbaile freisin) indiu; tá sé ó bhaile indiu.
D'fhágamuid sa mbaile é — an créatúr. Is gearr go mbí na sean-anndúirí imthighthe fré chéile.
 
beanna
Thug sé a bheanna leis, ar éigin. Marach go raibh sé imthighthe, nuair a tháinic Peaits isteach oll(mh)uighthe, gheobhadh sé faoi na for(bh)aí é, a's dhá bhfaghadh fhéin, ní bheinnse in a dhiaidh air.
 
beart
Ní bheadh beart a' bith ba chríonna dhuitse 'a Phat', ná 'bheith imthighthe as seo, shul a dtige M. Tá sé bruithte ar bhainne aige dhuit, agus is ait a chruthóchas tú, nó tiubhra sé faoi na fabhraí dhuit é.
 
Imthighthe soir, annsin soir, imbéalmhachaí Bh. an D. atá siad, mar deir M.
 
Is mór a' carghaos gan an chromnasc a bhaint de'n asal sin thuas, arae tá a chois ithte isteach go cnáimh aice. Ach dar ndóigh má bhaintear dhe í, beidh sí imthighthe faoi scuir aríst.
 
cúl
Dheamhan céilidhe ná damhsa a bhío(nn)s annseo anois, ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhío(nn)s a' corr-cheann sin fhéin. Saoghal imthighthe é!
+
beo 1
Ní beo é gan a bheith imthighthe, a's nuair a bhíonn sé imthighthe, dheamhan a' beo é, gan a bheith sa mbaile aríst, a's dheamhan fhios agham fhéin cé'n scéal é! Bíonn cuid de na daoine an-luath-íntinneach.
TUILLEADH (1) ▼
Ara a fhleasca(igh) beir air, go beo deifreach, nó beidh sé imthighthe uait.
 
bior
Bíonn bior air, go n-imthighe sé, a's ní túisce imthighthe é, ná 'bhío(nn)s bior air, go mbí sé sa mbaile aríst. Dheamhan mac faoi na bruit is corr-mhéineamhla ná é.
 
bocht 1
Bhíodh fir bhochta a's mná bochta isteach in a sealtaí roimhe seo. Ní maith a bhíodh duine imthighthe nuair a bhíodh duine eile isteach.
 
Ní fhéadfadh a' ceann céadna a leas a dhéanamh — imthighthe mar tá sé in a bhoideoide. 'Is mór a feicthears (feicthear) do'n díomhaointeas' adeir siad.
 
Is furasta leis a' bhféar luibheannach sin, breodhadh, mara bhfagha sé neart gréine. Shílfeá go mbeadh sé tirm, a's thú dhá chuir i gcoca, ach ní bhíonn a' sugh imthighthe as 'na dheidh sin.
+
bruach
Tá sé ar bhruach seachtmhaine imthighthe anois.
TUILLEADH (1) ▼
Déarfainn go bhfuil sé ar bhruach lae. Tá'n fáinne bán imthighthe soir, ar fad.
 
Bhí cuid de na daoine an-adhartha fadó. Smuintighim (smaointighim) fhéin an uair, dhá mbeadh duine go dona chor a' bith, go n-abruigheadh na sean-daoine gur imthighthe go Cnoc Meadha a bheadh sé. Tá'n tseafóid sin, caithte i gcártaí anois, ar chuma'r bith.
+
aer
Tá sé imthighthe a' deasú éadtromán an aeir, mar ní raibh 'chuid móna 'triomughadh dhó = dubhradh ingreann faoi dhuine a raibh sé 'cínnt air, a chuid móna a thriomú le báistigh.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé igcomhnuidhe imthighthe le aer a' tsaoghail.
Ní dheanann sé comhnuidhe 'bith ach imthighthe le aer a' tsaoghail
Níl aon-ghoir ag daoine bochta a bheith 'comártas le daoine móra a fhéadfas gacha le lá a chaithe(amh) imthighthe le aer a' tsaoghail.
Níl Domhnach a' bith, nach mbíonn sé imthighthe a' déanamh aeir dhó fhéin.
Tá sé in ainm's a bheith imthighthe thart soir, a' déanamh aeir ach dar liom péin, gur faoi lámha dochtúirí atá sé a' gabhail, ach go bhfuil siad fhéin dhá cheilt sin.
 
buille
Is do-chreidthe an scéal é, go dtiocfadh buille sa mbéim sa nGaedhilge aríst, a's chomh h-imthighthe a's tá sí ar fud na h-Éireann.
+
buinne 1
Tháinic bairille faoi thír annseo an bhliadhain cheana, ach bhí an buinne uachtair imthighthe dhi, a's má bhí aon-éadáil ann thuit sí amach as. Scríobhnóireacht aisteach a bhí air. Deir cuid aca(b) sin, gur ó'n bhFrainnc a tháinic sé.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n buinne íochtair imthighthe de'n bhairille sin amuigh. Ní mór lata nó rud eicínt a chuir air, le na choinneál daingnighthe.
 
buíog
Chomh luath a's thosuigh muid a' tolladh ag béal na h-áfaigh, thug éadan na h-aille uaithe, a's thosuigh sí a' tuitim in a buidheagrachaí. Níor mhór (dh)uinn, go raibh muid imthighthe, nó bheadh scéal againn air.
 
Ní fhaca mé aon-ágóid chomh h-imthighthe léithe in mo shaoghal ariamh = ní fhaca mé aon-bhean chomh claoidhte ná chomh suaidhte ná chomh cáillte léithe ariamh.
 
ailp
Tá ailp imthighthe as cnapán mo ghlúnach, de bharr a' leagan a d'eirigh dhom.
 
airde 1
Corr-bhean a d'fhágfadh a teach béal in áirde mar sin, a's gan fhios aice, cé thiocfadh isteach a's í imthighthe.
 
aire
Ba díon déirce léithe aonduine fhaghail a thiubhradh aire do'n teach di, feadhs í fhéin a bheith imthighthe, agus 'sé mo bhuidheachas anois go bhfuil sí a' samhailt liom gur ghoid mé airgead uaithe.
+
airigh
Níor airigh mé an gamhain imthighthe go dtí indiu = níor chronuigh mé imthighthe é go dtí indiu
TUILLEADH (5) ▼
Níor airigh mé Seán imthighthe, gur ghlaoidh mé air, ar maidin = níor chronuigh mé gur fhága sé an teach ar feadh na h-oidhche
D'airigh sib imthighthe mise, chuirfinn geall = ba mhaith dhaoib agaibh mé le bheith chongnamh dhaoib etc.
D'airigh an teach tú, scáth an t-achar a bhí tú imthighthe = níor tugadh an áirde chéadna ar chúrsaí an tighe ó d'imthigh tú, agus a thiubharfá-sa orra(b).
Aireocha an mhóin, an aimsir bhreagh a bheith imthighthe = ní thriomócha sí leis a' droch-aimsir.
Ní aireochadh muid uainn thú, dá gcaiththeá imthighthe ar fad = ní aireochadh muid do chongnamh uainn, dá bhfantá imthighthe uilig. (Is annamh a cloistear "uainn" "uaim" etc i ráidhtí de'n tsórt seo faoi Chonamara. Bíonn sain-chiall le "uainn" etc ionnta.)
+
amach
Níl sé ach imthighthe amach; is gearr ó chuaidh sé amach as a' teach seo.
TUILLEADH (2) ▼
Imthighthe amach faoi'n mbaile in áit eicínt atá siad.
Tá sé imthighthe amach Boluisce indiu, ag iarraidh buidéal