→
                  
                    
                      ionadh 
                    
                  
                
              
            iongantas (50+)
Is iongantas é muis, mara raibh an méid sin tuairisce aice a's chomh caidéiseach a's tá sí.
                    
                    →
                    carn 
                  
                  
                    Dheamhan iongantas a' bith é sin a bheith cárnuighthe suas, a's chomh reamhar righte a's atá sé.  (D)ar ndóigh níl puth dhá anáil aige, le saill.
                    
                    →
                    clab 
                  
                  
                    Nach mór a chaithfeá clab truisc a ghlaodhach uirre!  Dheamhan iongantas a' bith gur tháinic cuthach uirre leat.
                    
                    →
                    cleite 
                  
                  
                    A Dhia dhá thárrtháil muis!  Is iongantas é 'bheith díbliú ar Mhac A. Uí Ch.  'Séard deir sé i gcomhnuidhe, gurb shin é an cleite is fhearr in a sciathán fhéin.
                    Ní bheadh iongantas a' bith orm, arbhar a bheith lobhtha a's an coimhightheas atá 'san uair.  Ní bhuachfa (bhuadhfa) mise aon-phighinn go deo ar a' ngarrdha atá annsin thíos agham, arae tá sé scuirthe as éadan ag a' ngála.
                    
                    →
                    comaoin 
                  
                  
                    A Dhia dhá thárrtháil muis!  Má bhí sé sin a' cur chumaoine ar aon-duine, is iongantas é.  Dheamhan cneagaire gan crochadh, ach é sin.
                    Tá marach eicínt ar a' saoghal nó ar na daoine, a's an chaoi 'bhfuil an uair.  B'iongantas é anois, dhá dteagadh lá breagh.  Ba mhór i gceist ag sean-daoine cothromacan síne na h-aimsire, ach inDomhnach d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
                    
                    →
                    abhaile 
                  
                  
                    InDomhnach ní iongantas mór é sin a fheiceál ag ól.  Nach hé an t-ól a thug sé abhaile leis i dtaobh athar a's máthar.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    beo 1
                  
                  
                    Tá na crícheannaí sin suas beo ar fad le bruic le goirid anuas.  Is iongantas é, a's laghad aca(b) a's bhíodh ann roimhe seo.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Má tá aon-áit eile beo mar an áit seo, is iongantas é.  Ní chomhairim go bhfuil.
                    Dheamhan iongantas a' bith a dhéanfainnse gur théith an coca féir sin.  Nar fhága sé in a bhrat-scair annsin thíos é ar feadh coicíse, gan breathnú siar air.  Bíodh sé buidheach nuair nar lobh sé ar fad.
                    
                    →
                    breoigh 
                  
                  
                    Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í.  Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
                    
                    →
                    bruach 
                  
                  
                    Tá'n tobar a' cuir thar bruach anois, ach dar ndoigh ní iongantas é, a's a' t-uisce atá caithte aige, le seachtmhain.
                    
                    →
                    aire 
                  
                  
                    Ní iongantas a' bith nach mbeireann a' teas ar a' bhfuacht aige, agus a laghad aire agus thuga(nn)s sé dhá ghnaithe (féach teas).
                    Ní bheadh iongantas orm dhá dtagadh sé amach de dhlighe, go gcaithfeadh 'chuile fhear talmhana pósadh.
                    
                    →
                    iompair 
                  
                  
                    Chonnaic mé, chonnaic mé, chonnaic mé, iongantas mór; Ceann gainimh' dul tharm a's é ag iomchur seoil (sliocht as an amhrán bréagach)
                    
                    →
                    ionadh 
                  
                  
                    Dhá bhfeictheá iongantaighe an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iongantas.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            
                    →
                    iontas 
                  
                  
                    Chonnaic mé iongantas mór inGaillimh le goirid = rud a ndéanfá iongnadh de, cuirimigcás cineál gluaisteáin nuaidh, go mbeadh cáilidheacht ar leith ag baint leis, nó rud eicín uathbhásach nó míorbhúilte.
                    
                        TUILLEADH (30) ▼
                      
                    
                  
                    Chonnaic mé, chonnaic, chonnaic mé iongantas mór; ceann gainimh 'dul tharm, agus é iomchur seoil (sliocht as an Amhrán Bréagach)
                    Is mór an t-iongantas é, cailín a chodail mí as béal a chéile in Ameriocá.
                    Is iomdha iongantas faoi'n domhan = ughdair iongnadh
                    Níl mórán iongantas in Éirinn = níl mórán rud ann le iongnadh a dhéanamh dhíob.
                    Níl iongantas ar bith anois is na busanna, ach bhíodh an chéad-uair a dtáinic siad amach = ní chuireann siad iongnadh ar aon-duine anois; glacann 'chuile dhuine leo mar chóimhneas atá ann, agus ní chuimhnigheann siad nach raibh siad ann ariamh.
                    Ná bac le iongantas a bheith imbusannaí anois.  Ba mhó an t-iongantas é dá bhfuireasbha = ní déantar iongnadh de na busannaí anois.  Ba mhó an t-iongnadh a dhéanfaidhe, dhá mbeidís gan a bheith ann.
                    D'imthigh an saol a gcuirfí iongantas idtada = tá'n saoghal athruighthe, mar ní chuireann aon-rud dhá bhfeiceann siad, ná dhá gcloiseann siad aon-iongnadh ar na daoine anois.
                    Pádraic — Tá Seáinín ag ól; Micil — Cé'n t-iongantas é?
                    Cé'n t-iongantas é, gan aon airgead a bheith ar bheithidhigh agus a bhfuil ann díobh.
                    Ar ndóigh ní iongantas é, beatha a bheith daor agus chomh maith agus íoctar lucht na h-oibre.
                    Ní iongantas ar bith é sin, ach an oiread leis an scéal ar ball = ní chuirfeadh an scéal nó an rud sin iongnadh ar aonduine, ionann's nach gcuirfeadh an scéal a bhí ar siubhal tamaillín ó shoin.
                    Sé'n t-iongantas is mó nach ndeacha sé abhaile = ba mhór an t-iongnadh nach ndeacha sé abhaile.
                    Ní h-in é an t-iongantas is mó chor ar bith, ach gur fhan sé mar bhí sé, nuair a meabhruigheadh dó imtheacht.
                    Is iongantas é, má dhéanann sé siar anocht é, in aghaidh na gaoithe (bád nó rothar.)
                    Is iongantas sneachta a fheiceál an tráth seo 'bhliadhain
                    Is beag an t-iongantas aca(b) an t-ocras.
                    Ní ceart duit iongantas ar bith a bheith agad ann.  Ní hé an chéad uair aige é ghá dhéanamh sin = níor chóir go gcuirfeadh a ghníomh aon-iongnadh ort etc.
                    Ní ceart duit iongantas ar bith a bheith agad sa sliabh.  Nach as a fáisgeadh thú = níor chóir go mbadh nuaidheacht duit é; nach ann a rugadh thú.
                    Shílfeá gurab é an chéad uair ariamh a bhfaca sí óltach é, leis an iongantas a bhí aice ann.
                    Ní dhearna mise iongantas ar bith di.  Nach achrann uilig é (seo é adubhairt duine le duine eile faoi fhear a bhí in ainm's achrann a tharraingt)
                    Ní dhéanfainn iongantas ar bith ([ceo] iongantais, a dhath iongantais, pioc iongantais agus rl), dhá dteigheadh sé go Sasana = ní chuirfeadh sé aon-iongnadh orm, dá dteigheadh sé go Sasana.
                    Ní dhéanfainn iongantas a dhath (blas, ceo, pioc etc.) dhá mbeadh sé imthighthe ar maidin.
                    Má's ag déanamh iongantais de'n méid sin atá tú, is furasta leat iongantas a dhéanamh = má tá an méid sin ag cur iongnadh ort; is furasta iongnadh a chuir ort.
                    B'fhearr do dhuine gan iongantas a dheanamh de thada ar an saoghal seo.
                    Is mór adéarfainn le Pádraic, agus ní dhéanfadh sé iongantas ar bith dhe.
                    Is mór adéarfá le iongantas a dhéanamh de mhótar roimhe seo, ach níl iongantas ar bith ionnta ar an saoghal seo, le h-ais 'aeroplanes'
                    Shílfeá gur trí chloigeann a bhí orm leis an iongantas a bhí sé a dhéanamh dhíom.
                    Déarfá nach bhfaca sé laogh ariamh cheana le na ndearna sé d'iongantas dó (dhe)
                    Sé a rinne an t-iongantas de'n phoitín.  Is cosamhail nach bhfaca sé ariamh cheana é.
                    Mara ndearna sé iongantas di, ní lá fós é (ní lá go maidin é)