Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ithte (50+)

 
ceas
Tá ceas orm le na bhfuil ithte agam.
 
cora
Tá carra gearbóg in a cheann; tá a cheann ithte le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá cairt nó carcair gearbóg in a chloigeann.
 
Ní chuibhreochadh cuíngir na gabhair sin. Cosacáin a bhí aghad a bhualadh orra(b). Na cupla crainnín a chuir mé annsin thiar, tá siad ithte ag na diabhail. Cé'n bhrigh ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud a' bith, tiocfa sé ar gcúl!
 
Droch-bhliadhain a dhéanfas sí, tá faitchíos orm. M'anam go bhfuil a chosamhlacht le na chois. Níl barrann shlán a' gabhail liom, nach bhfuil ithte ag dubhachan, a's gan é in a Fhéil San Seáin fós.
 
Má bealthuigheadh nó má bruitheadh an ghabáiste sin i bhfeoil, níl aon-chead ithte uirre indiu (Dia h-Aoine).
 
Is mór a' carghaos gan an chromnasc a bhaint de'n asal sin thuas, arae tá a chois ithte isteach go cnáimh aice. Ach dar ndóigh má bhaintear dhe í, beidh sí imthighthe faoi scuir aríst.
 
borr
Tá sé 'borradh as ag at anois le na bhfuil ithte aige.
 
Ní bheidh mé as (gort) amach imbliadhna, mar tá sé ithte le brobhais a's salachar.
 
aicis
Má thugann tú aicís mar sin faoi deara dhuit féin, beidh tú ithte gan mórán achair = má bhíonn tú ag iongabháil do chuid aicíse, ní bheidh lá suaimhnis agad dhá barr go goirid.
 
buail
B'fhéidir go mbuailfinn siar ar a' tórradh scaithín ar ball, nuair a bheidheas mé bearrtha, a's mo chuid ithte agam.
 
ainm
Bhí 'dhinnéar ithte aige an fhad's bheitheá 'rádh 'in ainm an Athar'
 
Tá 'bhfuil istigh 's amuigh againn ithte ag luchain. 'Bhféadfá ughdar maith cuit (cait) a dheanamh amach dhom in áit a' bith?
 
istigh
Tá mé ithte liobruighthe istigh agus amuigh agaibh = ní fhaghaim fo[ra]s ná suaimhneas uaibh amuigh ná sa mbaile.
+
ith
Ní ceal ithte atá oraibh = tá ithe bhur gcodach ionnaibh; tá goile agaibh.
TUILLEADH (25) ▼
Is mór an t-iongnadh nach bhfuil ceas ort feasta, agus a bhfuil ithte agad.
Tá gliúrach ithte aige (gleorach = rud mór lasmhanta ar bith — gliúrach theine, gliúrach bhidh, gliúrach óil etc)
Tá roisín maith ithte aige (roisín = lón beag)
Tá sé sacuighthe le na bhfuil ithte aige = bruileachán air, é in a bholgán béice; é in a shacadán
Tá sé in a bholgán béice le na bhfuil ithte aige = é athta, atruighthe.
Tá sé in a bhruithleachán le na bhfuil ithte aige (bruithleachán = tugtar é sin ar at i mbó de bhárr uisce a ól a mbeadh doirb ann)
Tá sé bruithleach le na bhfuil ithte aige; tá sé in a bhleitheach lena bhfuil ithte aige = líonta suas
Tá' sé athta lena bhfuil ithte aige
Tá sé líonta le na bhfuil ithte aige
Tá sé ag pléasgadh le na bhfuil ithte aige
Tá sé i gcruth pléasgtha le na bhfuil ithte aige
Tá béadail air le na bhfuil ithte aige = bolg mór.
Tá sgeibhil air le na bhfuil ithte (sgeibhil = an ghlúin nó an bhuillsgeana a chuirtear ar chruaich arbhair agus í dhá déanamh).
Tá 'bhfuil istigh agus amuigh agam ithte aca(b), agus ní féidir aon slacht a chuir orra(b) 'na dhiaidh sin.
Bheadh dhá bhéilí ithte ag duine eile, an fhad's chaitheann sé le béilí amháin.
Diadhachta Dé dhuit, nach bhfuil do sháith ithte agad feasta = tá sé thar am agad do sháith a bheith ithte agad; tá tú ag ithe le fada, agus níl do chuid ithte agad fós.
Tá a chuid ithte ag na laogh.
Tá sí ithte leis an olc = tá sí caillte leis an olc; tá'n t-olc go smior innte; tá sí chomh h-olc sin, agus go bhfuil sí ídighthe aige.
Tá sí ithte leis an gcantal.
Tá sí ithte leis an ngangaide (ní bhaintear aon leas as in aon-aimsir eile, ná le focla ar bith eile ce's moite de fhocla fearacht, olc, cantal agus gangaide).
Beidh sí ithte ar fad anois, nuair a chloisfeas sí go bhfuil muinntir Sheáin le teach nuadh a dhéanamh = cuirfe an scéal sin an-éad uirre.
Tá mé ithte le tochas = tá mé de'n tsaoghal le tochas
Tá mé ithte ag gearbógaí = tá go leor tochais orm acu.
Tá mé ithte ag na sneadha = cuireann na sneadha an-tochas orm.
Tá mé ithte, liobruighthe aca.
 
Bhíodh deá chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ithte le cantal, má fheiceann duine aca maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá'n aicís sna daoine anois
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
+
Níl deireadh ithte fós aige
TUILLEADH (2) ▼
Tá deireadh a chuid fataí ithte = tá sé réidh; is gearr an bás uaidh
Tá an dinnéar go díreach ithte againn. Dhá dteagthá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agad. Is cosamhail gur indeireadh na bliana a rugadh tú
 
Tá an fata deireannach ithte agad, má bheirim ort istigh annsin aríst
 
deis
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodtha ithte as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. InDomhnach tá, hébrí cé'n chiall é.
 
Níl mórán deiseacht' ar bith tímpeall an tí aige; pabhsaes ná eile. Chuir sé cupla crainnín bheaga ghiobach' anuiridh, ach ba ghearr go raibh ithte dhíob aníos ó'n ngrinneal ag asail. 'Siad a bhí deas air 'ar ndú'
 
dioc
'Bhfuil fhios agad cé'n fáth an dioc sin a bheith uirre ag imeacht. Dioc cantail é sin. Tá an phrioc sin ithte leis an gcantal. 'Sí an ball is coilignighe í a bhí i dteach ariamh
 
Is mór atá ag eirghe diomdhach de na sagairt chéadna de bharr na mbealaigh atá leo féin: ithte ag iarraidh airgid, agus gan goir ag duine a bhéal a oscal nach mbeidh siad ag tromachan air
 
Níl rud ar bith is dlúthasamhla ná a bhfuil d'fhataí annsin thoir a ghlanadh. Tá siad ithte le flith agus le salachar. Diabhal mé go bhfuil airde cránn báid ionnta