Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

líon (50+)

 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine in a dheidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh indiaidh maith a dhéanamh ar stráinséara. Níl a fhios agad cén uair a thiocfá in a líon aríst
 
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
 
Tá fudarnéis déanta aca de na daoine len a gcuid páipéir. Cén ghnotha atá ugainne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad cho géar sin uatha, breá nach dtagann fear uatha fhéin timpeall agus a líonadh?
+
cab
Ná líon níos mó é nó cuirfe tú thar maoil é. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé cab ar chab le béal a' tubáin
TUILLEADH (2) ▼
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis a' bhfiacail. Níor chuir sé maoil a' bith air. Baoghal ar an leaduidhe siúd aon-anró a chur air fhéin ag iomchur chléibh.
Tá'n fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fánadh a bheidheas ann, ach iad siúd a bheith réidh leis."
 
calm
Tá tú indeire cailm, déarfainn. Feicim an seol mór a' líonadh = tá'n calm caithte, arae feicim sinneán gaoithe a' teacht faoi'n seol mór.
 
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphighinn fhéin. 'Tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní' adeirtear.
 
colg
Colg lín a bhí ann.
 
'Séard dubhairt an bhean a bhí a' cainnt nar chumaoin dóib tada a rádh le na C. (sloinne), a's chomh minic a's líon siad a mbuilg. Ach ní bhíonn aon-chuímne ar an arán a ithtear
+
bannaí 1
Dhá nglacadh an beainnc, mo bhannuidhe-sa, thiocfainn imbannuidhe ort is fáilte, ach dheamhan glacadh, mar níl líon-léith thíos in m'ainm-sa. 'Sé ainm an tsean-fhir atá thíos le 'chuile mhíle sórt fós.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chumaoin dhó a bheith cuireamhaint ar J. P. Nuair nach raibh líon léith le n-ithe aige, ná síol a chuirfeadh sé i dtalamh, chuaidh J. Ph. imbannaí air, thiar sa mbeainnc faoi chúig phunnt fhichead, a's chuile dhuine eile th'éis cinneamhaint air.
+
Bhí cosamar beag (i.e. feamuinne) isteach, ar maidin, ach níor bhain mé léithe chor a' bith, mar sí'n fheamuinn bhealthuighthe ghiortach sin a bhí ann, a's mhearóchadh sí thú ag iarraidh í 'líonadh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir na fleascannaí bealthuighthe sin a líonadh i mbord chor a' bith. Cléibhín nar mhór do dhuine ina n-éadan (fleascannaí = cineál feamuinne, atá leathan tanaidhe ar dhéanamh cláir).
Is doiligh an conuas bealthuighthe sin a líonadh. Dhéanfadh sí mionuas idir do lámha.
+
beart
'Tomsuigheann brobh beart, a's líontar sac le póiríní' = i leaba a chéile a déantar na caisleáin'; cnuasuightear saidhbhreas, maoin a's bráigill, nó déantar obair, nó cuirtear cúrsa ar bith 'un críche, beagán ar bheagán; mara mbí 'tíoghbhus na pighne' ann, ní bhéarfaidhear choidhchin ar a' scilling; ná fág tada ag a' deachmadh nó dul amudha.
TUILLEADH (2) ▼
Is fiú greim a choinneál ar a' bpighinn fhéin, arae is beag a' rud a' dhéana(nn)s leas. Ar chuala tú ariamh é: 'tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní'.
Dhéanfadh duine a shaidhbhreas le leith-phighinneachaí fhéin, dhá mbeadh a ndíol aca(b) aige. Mar adeireadh M. Ph. 'tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní'.
 
Thuit bealóig dhi, a's mé a' líonadh an chléibh.
 
Tá mo chuid tae ó mhaith. Bhí an diabhlánach sin ar siubhal le 'na chuid ámhuillighe, gur líon sé le cuilíní lócháin é. Chuirfinnse ó shéideadh é, dhá mbeadh an tapa ionnam coinneál leis.
 
beo 1
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a thárlú leat ar bhealach a' bith ach le máilín. Ar a' gcaoi sin fhéin, is deacair é 'líonadh sa máilín fhéin.
 
bior
Céad slán do'n uair a mbíodh muid a' sníomhachán 'chuile oidhche! Chruinnigheadh mná an bhaile isteach — bean a' cárdáil, bean a' sníomh, a's bean a' tochras ar a' mbior próiste, a's bean eile a' líonadh bórán roilléirí do bhean a' túirne.
+
Tá mé in mo bhambairne d'uireasbha boscaed, le na fataí a líonadh sa gcarr.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh boscaed agam, ba mhór a' leas é, le na fataí a líonadh i gcléibh a' chapaill leis.
 
breá
Sin a thomhais ort, céard a rinne an Curraoineach breagh aréir, ach a' tobac a bhaint as mo phíopa, a's é 'líonadh suas le smúdar móna a's súighe, ach gur chuir sé ruainnín beag tobac ar a bharr, le faitchíos go mbrathfainn tada.
+
bruach
'Sí'n tSionainn Mhór a chuaidh eadrainn a bhí líonta suas go bruach' (líne as "Mná Deasa Locha Riach").
TUILLEADH (6) ▼
Tá drad-líonadh maith ar a' mbairille, ach ní baileach go bhfuil sé lán go bruach.
Ná líon a' cupán go bruach, mar is maith liom braon maith bainne a chuir ar a' tae.
Tá'n tobar bruach ar bhruach le na bheith líonta.
Líon a' portach aníos bruach ar bhruach leis a' darna barr.
Nach diabhaltaidhe an tuile a bhí thíos i gCill Dara, an geimhreadh seo (chuai)dh thart. Dubhairt ceannachthóir ar an aonach liom, gur líon sí isteach sa teach aige, a's go raibh sí bruach ar bhruach le posta na leapthan, sa seomra a bhí le talamh. Déanann sí míonós igcomhnuidhe 'sna taltaí íseala sin.
Tá'n lag siúd anois, bruach ar bhruach leis an áirdín aige. Chaithfead sé, nach bhfuil fhios, cé na clocha a chuir sé ann le na líonadh.
 
Lu(igh) sé siar in a bhéiceadán — líonta suas len ar ith sé ar a dhinnéar.
 
Tháinic brúisc dhaoine as na cartúir isteach in éindigh, a's líonadar a' teach.
+
Buaileadh an oiread air a's buailfidhe ar dhual lín = sin é an chaoi a gcuirtear i gceist gur tugadh an-bhualadh do dhuine.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail mé oiread air, a's dhá mbadh dual lín é, a's chinn orm aon-smacht a chuir air th'éis sin.
Má chloisimse go gcainnteocha tú as do bhéal ar a' méid sin aríst, buailfe mé an oiread ort a's bhuailfí ar dhual lín.
 
Is óg a b'éigean domsa bualadh faoi'n saoghal, a's mo bheatha a shaothrú. Ní raibh líon léith agam, ach dhean (rinne) Dia rud maith liom in a dhiaidh sin (Achréidh).
 
buail
Tá casán buailte thríd a' bhféar ag clann T. Mh. a' tarraingt suip, as Garrdha an Lín. Cuirfe mise ó thalltú ar mo chuid féir iad, feicfe tú fhéin air, ach feadh's mé dhá bhfeiceál.
+
Bhí bualadh chomh mór sin ar an iasc glas, a's go gcaithfinn tharm iad, gan stróbh a' bith, dhá mbeadh líon-cléite agam.
TUILLEADH (1) ▼
Tá bualadh ar iasc glas annsin amuigh, má tá aon-líon curtha ann. 'Bhfeiceann tú an staighean éan atá ann!
 
buille
Níl líon lé agham. Sin é an buille! Níl aon-ghoir agham a dhul in aon-áit d'uireasbha, díol mo fhreastail.
+
buinne 1
Nuair a d'imthigh an buinne béil dhi, líon a' sáile isteach is na scáinneadhachaí a bhí idir na canndaí.
TUILLEADH (6) ▼
Líon sé an ghloine go buinne bruach, a's shín sé chugam í.
Bhí drad-líonadh maith air, ach ní raibh sé go buinne bruach ná baoghal air.
Líon suas go buinne bruach dhom é. Sé'n biadh nuadh dhomsa bainne buidhe 'fhaghail.
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, a's shílfeá in a dheidh sin, go raibh siad a' fuasaoid tairt.
'Bhfeiceann tú an muigín buidhe sin thuas? Badh é a leath-cheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é, a's dheamhan ar thóig sé dhá cheann é, ná 'ndearna sé an dárna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc a's acmhúinn ar phoitín ag a' bhfear sin!
Líon suas a' pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheidheas ar ndíol fhéin, a's díol na muc bainte as, is maith an poll a bheidheas ann.