Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

leag (50+)

+
Tá faitíos orm dó gur goidhe atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
TUILLEADH (1) ▼
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
 
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirre (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithe féin
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
 
feáin
Níor leag mise barr mo láimhe air. Tá sé sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin
 
fios
Níor cheart dó láimh a leagan uirre agus fios aige go mba feamainn scine í
+
fliuch 2
Níl neart méirín fhliuch a leagan air nach mbíonn sé eirithe suas in a choileachín = drannadh chor ar bith leis; araoid ar bith a chur air; tangachtáil chor ar bith leis
TUILLEADH (3) ▼
Níor leag mise méirín fhliuch air, agus bhí sé ag clamhsán orm in a dheidh sin. Abhallóir de ghasúr é. Is géar a thastódh slat uaidh
Seachain an leagfá méirín fhliuch air. Má leagann, sin é a bhuac. Gabhfaidh sé go dtí na póilíos ar an bpuinnte le "summon"sachaí a tharraint
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
 
focal
Mo láimh agus m'fhocal duit muis, ba mise a leagfadh air, dhá gcastaí ann mé
 
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
 
Tá sí cho freochanta len a bhfaca tú ariamh. Níl aon-cheo san teach nach leagfaidh sí a súil air, mara mbeadh sí istigh ach dhá nóiméad
 
Fágaim ag mac Dé bheannaithe nar leag mé láimh ná cois air! Sin í an fhírinne
 
Ní fhágfaidh mé cleith ar an teach nach leagfaidh mé
+
fág
Níor bhuail mise é. Nar fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
TUILLEADH (3) ▼
Nar fhága mé ball na háite choíchin, má leag mise ariamh barr mo láimhe ar do bhicycle!
Leag sé amach "feaigs" Mheiriocá chugam agus ní raibh ann ach "tóig iad nó fág iad"
Ní raibh a dhath air sin nuair a leag mé annsin é inné. Ach cár fhága tú ámhailleacht ghasúir 'ar ndó'? Tá an clampar orra. Ní mian leo gan a dhul ag spochadh le 'chuile shórt
+
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
TUILLEADH (1) ▼
Breathnuigh ar na claidheachaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhrotuinn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht agus go háirid, indiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpuinnte. B'aisteach go dtáinig siad (na beithigh) anois le trí lá indiaidh a chéile. Marach go bhfuil bearna leagha ann, ní chorróidís as an ngarraí
 
Is gearr go dteighthear síos anois ag leagan binne ar na torlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orra … Gheobhadh beithigh tomsacht orra ar fea an tsamhraidh
 
fóir
Go bhfoire Dia ort, ach a bhfá t'athair amach gur leag tú é sin = maróidh t'athair thú
 
cabach
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é chloisteáil! Cuirfe sí sin anois a leagan fhéin air. Níor leig sí aon-scéal uaithe fós ariamh gan agús a chuir ann.
 
Tá caidhfte de laogh annsin thiar, a's dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, 'séard a rinne sé é fhéin a chrupadh isteach i lúibinn a' chlaidhe.
+
caidhl
Bhí caidhl chloch i lár a' bhóthair, a's fhobair gur leag siad mé.
TUILLEADH (1) ▼
Leag sé an tsinseáil in a caidhlín ar a' gcúntar, a's meastú marach gur thug Dia dhom í a chomhaireamh, nach mbeidhinn scilling gearr. Sin é an cneámhaire agad!
 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
 
Níl aon-ghna(ithe) a' leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
 
Seachain a' leagfaí sa gcarcair chloch siúd thú.
 
ceas
Tá sé mór-thráthach, a's níl aon uair, dá dteigheann sé ag ithe, nach gcuireann sé ceas air fhéin, leis a' ngliúrach (ngleorach) a leaga(nn)s sé isteach.
 
Sé'n tanálach bradach é. Tá sé chomh h-éiseallach a's nach féidir a bhéilídhe a leagan chuige. Bíonn locht aige ar a' bhfeoil go mbíonn sé ro-cheasamhail, a's an t-arán go mbíonn an iomarca 'soda' ann. B'fhearr dhuit beo idtalamh ná a' freastal air.
+
Cá'r leagadh claibín a' bhacúis bhig?
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta aithinte dhuit, dhá mbeadh aon-áird ar do ghna(ithe) agad, gurb shin é a d'eireochadh dó. Ní áit a' bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín a' chomhra. Ceannócha tú ceann nuadh anois, muis!
+
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh., idir chorp, chleite agus sciathán, a's é 'leagan istigh sa gcarr.
TUILLEADH (1) ▼
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonnaic mise é lá an t-am a raibh an 'motor-bicycle' aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. a's bhí sé dhá sháthadh anoir chomh fada leis a' teach seo. Ba mheathta leis an sáthadh, a's dheamhan ceo a rinne sé, ach é 'árdú faoi'n ascaill, idir chorp, chleite a's sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár annseo é!
 
Chonnaic mé annsin thiar é — M. Sh. G. Dheamhan oiread do dhorna a bhí ann, a's ina dheidh sin, ní fhágfad sé aon-chlifeartach dhá mhéid sa tír, nach dtiubharfadh sé talamh dhó. Ní raibh ordlach bacaird ann ach iarann = bhí sé chomh cruadh leis an iarann. Aindeoin nach raibh méid a' bith ann, ní bheadh mairg a' bith air cleathaire mór millteach a leagan.
 
Tá cion tighe idir 'chaon bhord dhíob. Deamhan bréag ó chuaidh sé a' leagan amach iomrachaí ann, nach hé a rinne na clársachaí fada fairsing'
 
Is coilgnighe é sin, le aon-láimh a leagan air na beithidheach éigcéill.
 
coirt
Dhá leagtá méisín sháile faoi'n teas, d'imtheochadh a' t-uisce in a ghail a's d'fhanfadh cairt shalainn ar thóin na méise.
 
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
 
Dheamhan ar mhiste dhuit dhá leagtaí na fataí sin cosnochtuighthe fhéin chugad, tá siad chomh gáireach sin.
 
Níor mhiste liom anois dhá mbadh greidill chruaiche a leagfaí i m'fhiadhnuis, ach cuirfe mé caitheamh ionnta(b). Tá'n goile céadtach agham.
 
baile
Ní leagfainn air sin é, thar aon-duine sa tír. Anois, céard deir tú le Gaillimh, a's gan ann, ach baile beag!
 
baing
Leag (d)e leathtaobh a' chloch sin go fóilleach. Foghanfa sí sin, nuair a theastóchas baing uaim ar ball.
 
bannaí 1
Ní ghabhfainn imbannuidhe ort, treasna na Troighe, nach n-innseochthá é, chomh maith leis a' gceann a bhfuil sé leagtha uirre.
+
Chaithfead sé go gcoinnigheann sí as mo bhealach, arae ó'n lá ar iarr mé mo phunt uirre, níor leag mé súil uirre, imbealach ná indearmad ariamh ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
'Is deas a chuir m'athair fúm, capall ag iarraidh mná; leagadh faoi bhealach í, a's briseadh a croidhe in a lár' (as amhrán)
 
Bhí pota breagh fataí gáiridhe bruithte aice, a's bealthuidheacht fheola in' aice sin, a's marar leag muide orra(b) ní lá go maidin é.
 
beart
'Caith aníos coirce go beo agham' adeir P. Sh. Ph. N. leis a' mbean, a's é spréachta nach raibh sé faghail rud le déanamh thuas ar a' gcruaich. 'Ní fhéadfa mé' adeir sí 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal baramhail a innsighthear faoi fhear áithrid a raibh an-uathbhás oibre air).