leag (50+)
+
→
faitíos
Tá faitíos orm dó gur goidte atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
TUILLEADH (1) ▼
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirthi (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithi féin
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
+
→
fliuch 2
Níl neart méirín fhliuch a leagan air nach mbíonn sé éirithe suas ina choileachín — drannadh chor ar bith leis; araoid ar bith a chur air; teangachtáil chor ar bith leis
TUILLEADH (3) ▼
Níor leag mise méirín fhliuch air, agus bhí sé ag clamhsán orm ina dhiaidh sin. Abhlóir de ghasúr é. Is géar a theastódh slat uaidh
Seachain an leagfá méirín fhliuch air. Má leagann, sin é a bhuac. Gabhfaidh sé go dtí na póilíos ar an bpointe le summonsachaí a tharraingt
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
Chonaic mé an sonda uaim agus é an-fhollasach. Ní fhéadfadh sé a bheith ní ba follasaí dá mbeadh mo láimh leagtha air
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí sa ngarraí seo thiar go ham dinnéir. 'Sé is freagraí dhom ó bheas orm aistear portaigh a dhéanamh ina dhiaidh sin
Tá sí chomh friochanta lena bhfaca tú ariamh. Níl aon cheo sa teach nach leagfaidh sí a súil air, mura mbeadh sí istigh ach dhá nóiméad
+
→
fág
Níor bhuail mise é. Nár fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
TUILLEADH (3) ▼
Nár fhága mé ball na háite choíchin, má leag mise ariamh barr mo láimhe ar do bhicycle!
Leag sé amach feaigs Mheiriceá chugam agus ní raibh ann ach "tóg iad nó fág iad"
Ní raibh a dhath air sin nuair a leag mé ansin é inné. Ach cár fhága tú ábhailleacht ghasúir ar ndóigh? Tá an clampar orthu. Ní mian leo gan a dhul ag spochadh le chuile shórt
+
→
fálach
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
TUILLEADH (1) ▼
Breathnaigh ar na claíochaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhratainn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht is go háirid, i ndiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpointe. B'aisteach go dtáinig siad (na beithígh) anois le trí lá i ndiaidh a chéile. Murach go bhfuil bearna leagtha ann, ní chorróidís as an ngarraí
→
féarlach
Is gearr go dtéitear síos anois ag leagan binne ar na turlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orthu … Gheobhadh beithígh tiomsacht orthu ar feadh an tsamhraidh
→
cabach
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é a chloisteáil! Cuirfidh sí sin anois a leagan fhéin air. Níor lig sí aon scéal uaithi fós ariamh gan agús a chur ann.
→
caidhfte
Tá caidhfte de lao ansin thiar agus dheamhan smut a leagfadh sé ar a chuid beatha. Nuair a thairg mé dhó é, séard a rinne sé é fhéin a chrapadh isteach i lúbainn an chlaí.
+
→
caidhl
Bhí caidhl chloch i lár an bhóthair agus fhóbair gur leag siad mé
TUILLEADH (1) ▼
Leag sé an tsinseáil ina caidhlín ar an gcuntar, agus meas tú murach gur thug Dia dhom í a chomhaireamh, nach mbeinn scilling gearr. Sin é an cneámhaire agat!
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig. Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
→
cairín
Má ghróigeann tú thú féin mar is ceart ar cairín, agus gan a bheith do do shníomh fhéin, ní leagfaí thú dhá mbeadh an capall ag imeacht sna seala babhtaí. Níl sárú T. Ph. ann ar cúlóig.
→
caolóid
Níl aon ghnaithe ag leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
→
ceasúil
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
+
→
claibín
Cár leagadh claibín an bhacúis bhig?
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta a aithinte dhuit, dhá mbeadh aon aird ar do ghnaithe agat, gurb in é a d'éireodh dó. Ní áit ar bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín an chomhra. Ceannóidh tú ceann nua anois, muis!
+
→
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh. idir chorp chleite is sciathán, agus é a leagan istigh sa gcarr.
TUILLEADH (1) ▼
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
Tá cion tí idir chaon bhord dhíobh. Deamhan bréag ó chuaigh sé ag leagan amach iomrachaí ann, nach é a rinne na cláirseachaí fada fairsinge
→
coirt
Dhá leagtá méisín sháile faoin teas, d'imeodh an t-uisce ina ghail agus d'fhanfadh coirt shalainn ar thóin na méise.
→
comaoin
Well ní ag amhdú an oilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo linnse aríst go brách, diabhal mise ann go leagfaidh mé air. Ba bheag an náire a bhí air agus a ndearna mé de chomaoin dó, nárbh fhiú leis a theacht chuig sochraide m'athar.
→
corradh
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
Dheamhan ar mhiste dhuit dhá leagtaí na fataí sin cosnochtaithe fhéin chugat, tá siad chomh gáireach sin.
→
baile
Ní leagfainn air sin é thar aon duine sa tír. Anois, céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
→
baing
Leag de leataobh an chloch sin go fóilleach. Fónfaidh sí sin nuair a theastós baing uaim ar ball.
→
bannaí 1
Ní ghabhfainn i mbannaí ort, trasna na troighe, nach n-inseofá é chomh maith leis an gceann a bhfuil sé leagtha uirthi.
+
→
bealach
Chaithfeadh sé go gcoinníonn sí as mo bhealach, arae ón lá ar iarr mé mo phunt uirthi, níor leag mé súil uirthi i mbealach ná i ndearmad ariamh ó shin.
TUILLEADH (2) ▼
"Is deas a chuir m'athair fúm, capall ag iarraidh mná; leagadh faoi bhealach í, agus briseadh a croí ina lár" (as amhrán)
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor ar bith, má íocann tú ar an tairne iad, ach mura n-íoca, mise i mbannaí go leagfaidh siad ort.
Bhí pota breá fataí ag gáirí bruite aici, agus bealaíocht fheola ina aice sin, agus murar leag muide orthub ní lá go maidin é.