Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mullach (78)

 
'Sé Baile an Daighin é má's féidir leis éirghe i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfuighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheadh féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dheanas an t-olc is maith an aghaidh air a bhfuighidh sé féin dhe
 
Is mór an daingniughadh nach mór do'n chroich fós, shul á fhéadfas tú pota a chur uirre. Pota ar bith a chrochfaidhe uirre sin, bheadh sé anuas in do mhullach ins an teine
+
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
TUILLEADH (2) ▼
B'uathbhás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigin dom imeacht ar mo chromadadh istigh faoi'n gclaidhe gur bhailigh mé suas an Ch. nó sciochaidís an cloigeann dom (díom). 'Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marbhú duine orra
Is dona a thaithneochadh sé leis féin dairteog a bhualadh ar an leiceann air. Mo choinsias dá mbuailthí ní i bhfad go mbeadh "leig amach mo mhullach" ann. Tá a fhios aghainn go maith cé hé
 
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearrbóir, agus b'éigin dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach in a' (ar) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam ach seasamh do'n bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigin dom íoc uirre. Idir 'chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é ins an deireadh
 
de
Tá sagart de mhac aige, agus is mian leis a mhótar a chur i mullach chuile shórt ar an mbóthar
 
Tá 'chuile thomsachán anois idtoll a chéile, ach an méid féir ascalla a d'fhan ingarrdha Sh. Uí E. Ní bhacfamuid leis an scaipiúch sin sílim. Teastuigheann sé ó'n deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhuinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na h-aistreáin sin siar, ingeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na h-iothlann, ní léar dhom go mbeidh aon-áit len a chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuighleach freisin
 
dealg
An bhfuil 'fhios agad cé'n fear a bhfuil a dhealg sáithte ag an sagart anois ann — in P. S. Tuilleadh diabhail ag P. Bhí sé féin agus an sagart in a dhá gcuid déag le chéile. Ní bheadh glafarnach ghadhar ins an bpobal nach mbeadh sé ag an sagart an oíche sin uaidh. Anois tá an sagart cho mór ins an mullach air féin le duine ar bith eile, agus gheobhaidh sé garbh uaidh é. Níl duine ar bith is mó aicís ná an sagart sin ach é a bheith in aghaidh duine
 
Chaith S. amach indiaidh a mhullaigh ar an tsráid é agus badh é a dhéanamh leis é freisin. Ní raibh aon-ghoir ag S. seasamh leis ní b'fhuide. Chaith sé an oíche ag ullúchan achrainn — an splíota bradach
 
dearna
Má imigheann tú ar do dhearnachaí siar ins na raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corruigh leat a fhleascaigh!
 
Chuaigh deasú ar an teach sin anuiridh, agus is géar a theastódh deasú eile uaidh anois mar sin fhéin. Má fhágann tú bliain ar bith gan deasú iad, teigheann siad i léig. Caithfidh tú caghnaí a chur treasna agus na ceathrúnaí anuas faoin a mhullach
 
'Sé atá ag dul indiaidh 'mhullaigh i mbealach a bhasctha ceart má phósann sé an sladuidhe sin. Chuirfeadh sí sin mála na déirce ar an sean-Iarla a bhí annseo, agus ba mhaith saidhbhir an fear é
+
deis
Is suarach an deis phoitín atá aca. Féadfaidh an póilidhe siubhal isteach in a mullach in a rogha uair, agus ní aireochar ag teacht é.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an deis bhuailte. Breathnuigh air. Duine ar bith a gheobhfadh iarraidh dhó sin i mullach a chinn bhí a chnaipe déanta. Seas iarraidh dhom mara gcreideann tú mé!
 
diabhal 2
Mullach an diabhail dó le tráth a bheith amuigh!
+
diaidh
Bhí an-spóirt ar an bportach indiu. Rug J. ar bharra T. Sh. agus bhí sé ag ealadhain leis agus hébrí cé'n chaoi ar eirigh leis é a chur indiaidh a chúil, nachar thuit sé síos ins an bportach. Chuaidh T. Sh. ingeallta. Dar an leabhar dá mbeireadh sé ar J. ghabhfadh sé síos i mullach an bharra
TUILLEADH (11) ▼
Cuireadh amach indiaidh a mhullaigh ins an bhfairrge é = caitheadh amach é, agus ba é a chloigeann a chuaidh ins an bhfairrge ar dtús; head-foremost
Chuir sé indiaidh a mhullaigh amach ar an tsráid é. Tá an-ghearradh annsin ar a ghruaidh slán an tsamhail. Bhí sé sáthach maith aige, agus an sceaimhínteacht a bhí air féin
Caitheadh indiaidh a mhullaigh de'n bhicycle é, agus fhobair gur briseadh a bhaithis in éadan an chlaidhe. Ba mhaith a chuaidh sé as nach rinneadh (ndearnadh) a lá. Dhá mbeadh sé scaithín eile le fánaidh, níl a fhios agam cé'n chaoi a mbeadh sé aige
Chuir sé tuiric ionnam, agus caitheadh indiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neanntóg atá ar cholbh an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnuighthe. Bhí sé ag faire ariamh, nó gur tháinic sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tiubharfaidh mise an buille feill dó-san, agus gan cuimne ar bith aige air
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi ingarrdha atá annsiúd chois an bhóthair trathnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearr-bhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus rug splinnc cloiche a bhí aníos ar an talamh annsin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalannaighe in do cholainn — an chamóig ara. Tá contabhairt ar dhuine i gcomhnaí, má fhaghann sé priocadh ar bith annsin
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir in diaidh mo mhullaigh isteach i gcrích mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éaduigh orm ach níor chás dom é agus a theacht cho saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfuigheadh duine droch-threascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
Chuaidh sé indiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Ní raibh sé gabhthach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí innte a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shul a bhéas sí réidh leis
Bíodh foighid agad. Níl maith ar bith dhuit a dhul indiaidh do mhullaigh ann. Glac staidéar. Nachar chuala tú ariamh é go bhfuil iasc ins an bhfairrge cho maith agus a gabhadh fós
Fainic anois a dtiocfá indiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionbhadh dhuit féin, agus ná bí in aithmhéala aríst. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas. Níl aon-mhaith insan obair sin. Do leas romhat agus go mbeiridh tú air, mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
Níl gnatha ag aon-duine a dhul a chodladh in aon-leabaidh leis sin, mar bhfágaidh sé an leabaidh faoi féin. Tosuigheann sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul in diaidh a leathtaoibhe, nó nach mbeidh agad ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbh. Má thugann tú cead a chinn dó annsin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cé'n bhrigh ach go dtosuighidh sé ag srannadh. Shílfeá a dhearbhráthair ó gurb í "Johanny Mary na dtrí gcrann" mar adeir an t-iascaire "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tighe".
Bhí mise lá thiar i dT. an Fh. agus mé ag tóraidheacht áit a dtugann siad an D. D. air. Casadh sean-fhear dom ag cros-bhóthar ann. Sean-fhear breagh gaedhealach i gcosamhlacht. "Cé'n áit annseo a bhfuil an D. D." adeirim féin. 'Bhfuil a fhios agad cé'n freagra a thug sé orm. Is beag bídeach nachar thuit mé as mo sheasamh. Cé'n bhrigh ach sean-fhear mar é. "Teirigh indiaidh do shrúine (sróine)" a deir sé "agus déanfaidh sí eolas duit." "Ná raibh maith agad, agus ní hé amháin" adeirimse … B'fhearr ná sin an rud a chuala mise ag fear as D. Fh. a tháinic ag damhsa thuas tigh Mh. Bh. Bhí an ghráin shíorruidhe ag M. B. ar fhear ar bith taobh thiar de'n Ch. Shaghd muid fhéin i bhfear Dh. Fh. é. "Céard a chas thusa annseo indiaidh do mhullaigh" adeir M. B. "Ní indiaidh mo mhullaigh a casadh ann mé, ach indiaidh mo ghléis" adeir an fear aniar
+
Dhá dheannachtaighe dá dtiocfaidh an lá, bíonn fascadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnuighthe. Ní bheadh a fhios agad dhá dteightheá ar "bhicycle" ins an oíche ann nach amach indiaidh do mhullaigh i bhfiodán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díob
TUILLEADH (1) ▼
Mo choinsias 's dar m'anam, bainfidh an ghaothtalach seo gíoscán as na creatlaigh aige indiu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an giodán is díbeartha in Éirinn. Níl aon-tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsigheann é
+
Ní raibh bord feamainne bainte agam th'éis mo dhichill, aindeoin gur fhan mé ann, nó go raibh sé ag tuileadh in mo mhullach. Ní bheadh duine ach dhá mheath fhéin leis an bhfáisín dona údaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an dicheall do'n Ghearmánach coc a thabhairt dóib ar fad. Tá a bhfuil aca ann in a mhullach. Is gearr a thiubharfas anois. Tá sé ar na preaba deireannacha cheapfainn. B'ait é, agus seasamh an fhad sin féin
 
Thug mé liom siar ins an gceapuichín oinniúin sin thiar é trathnóna, nó go nglanainn í. B'éigin dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na h-oinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha ins an mullach aige! Sin é atá dicheallach agad!
 
díle 2
Is geall le lá é a thosóchadh ag díle sneachta. Nar chomhnuighidh sé go dtosuighidh sé agus mé ag ceapadh go mbeadh na cupla mullach sin thoir bainte agam. Fata ar bith nach bhfuil bainte anois, tá sé cho maith é a fhágáil i dtalamh. Béarfaidh an sioc air, agus ní bhuachfar aon-cheo go deo ar fhataí seaca. Duine ná beithidheach ní leagfaidh smut orra. Is beag an baoghal go leagfaidh.
 
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
+
Caithfidh mé a dhul ag gíogáil cupla baibín le cur i gcíor an tighe. Tá báisteach anuas díreach le h-ais an mhaide mullaigh.
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór daoib an buinín féir sin thiar a dhíogáil as láimh agus cupla súgán a chur faoin a mhullach. Beidh sé in a dhórtadh roimhe thrathnóna
An bhfuil a fhios agad an áit deire a bhfaca mé é féin agus a chuid cóitíní: thuas i mullach carr féir agus é dhá ghíogáil thoir ar an bhFaithche Mhóir. Bhí mo choinsias, agus 'sé a bhí cruadhógach. D'fheicfeá a ioscadaí agus a mhásaí leath-mhíle uait, in áit a raibh stolladh maith ann. Bail an diabhail air nach gcaithfeadh na striochláin (streachláin) siúd dó (de) agus feisteas gnaoidheamhail eicínt a chur air féin
Tá an coca sin sáthach díogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhíogáil sin, arae is gearr gur in a phlaicín gabhair a bhéas sé mar a bhí sé anuiridh. Ní bheadh aon-mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá annseo. D'eireochaidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé aca. Sin é a gcuid sleamchúise
+
Ná bac leis an nglagaire sin. 'Chuile shórt dhá mbeidh aige sin, is é an sméar-mhullaigh é. An síol coirce a bhí aige anuiridh bhí sé molta go h-aer ag 'chuile dhuine, ach indeire na cúise ní raibh ann ach an díogha. Tá 'fhios aghamsa é. Cheannuigh mé céad dhe, agus an méid nar loic, rinne sé coirce scéin. An uair a bhí muid dhá bhualadh bhí sé in a ghath dubháin as éadan.
TUILLEADH (1) ▼
An uair a theigheas bocht go nocht teigheann sé go gabhail éadan. Is sean-fhocal é. Ó d'eirigh duine de'n díogha sin as an lathach, eireochaidh siad i mullach na tíre. Sin é an chaoi a mbíonn a leithidí sin i gcomhnuí. 'Sé an té nar chleacht tada ariamh is mó a mbíonn gailimaisidheacht aige, má eirigheann sé a dhath ar bith ins an saoghal.
 
Dheamhan siopa inG. nach mbíodh sé sin ag díoluidheacht leis scathamh. Bhí siad uiliog ins an mullach air faoi dheireadh, agus iad ag strócadh ag iarraidh an áit a chandáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orra aon-cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon-phighinn as a chreatlaigh siúd!
 
Is measa dhom an gheit a baineadh asam aréir ná diomdha na bliana. Mhionnóchainn go raibh an capall marbh. Chonnaic mé ag dul isteach indiaidh a mullaigh ins an gclochar í, agus treascruigheadh í, agus shíl mé nach raibh cnáimh in a corp nach raibh in a leithríní …
+
díon 1
Cíb easca nó tuighe sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buaineadas ionnta. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraint cibé do N.: dhá tarraint an t-achar sin le na (n-ar) ndruím. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtuiteadh an teach in aon-bhrúisc amháin in a mullach cheal dín
TUILLEADH (1) ▼
Mara gcuiridh sí brat dín air, is gearr nach mbeidh aon-teach aice. Níor mhór dó as éadan anois é. Mara dtapuighidh sí freisin é, anuas in a mullach a bhéas sé … Beannacht Dé dhuit. Fanacht go dtí th'éis an chogaidh agus teach ceann-slinne a dhéanamh! Ní bheidh cleith as a cíonn leath-bhliain ó indiu
+
dlaoi
Níl dlaoi ar a mullach nach bhfuil faoi shneádh
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé go dtí an dlaoi mhullaigh leis an stráca seo. Dhá mbeadh cupla dual agus baibín agam innte, ní dhéanfainn níos mó indiu = an tuighe is aoirde a bhíos ar an teach, as cionn an mhaide mullaigh
Tiubharfaidh mé liom go dlaoi mhullaigh anois an stráca seo ó a thosuigh mé chor ar bith air. Is measa an chíor ná an teach féin
 
Bhí dlighteanais air is 'chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile ins an mullach air ins an deire agus chandáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na h-áite. Is dona an rud an iomarca a leigean suas an uair nach mbíonn slighe ag duine len a íoc
 
do- 2
Tá na cupla mullach siúd an-do-ghlanta. Tá pláigh shalachair ionnta
 
Cá'il dochtúirín sciorta ag dul? An fear a bhfuil sé sin ag dul chuige anois muise is fear é atá ag tabhairt an tuagh bháis in a mhullach féin. Tiúrfaidh sé sin buidéal de thogha na nimhe dhó!
 
'Bhfaca tú aon-fhear ariamh, d'fhear atá in a fhorránach cho láidir leis a bhfuil an oiread doichill le troid aige leis. Dheamhan páiste in do thír nach bhfuil indon fadhb 'sa bpus a thabhairt dhó. D'eirochthá in a mhullach agus dheamhan araoid a chuirfeadh sé ort in a dheidh sin. Uair ar bith a bhfeicfidh sé achrann ag tosuighe leigfidh sé leis fhéin ar an bpuínte
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach pruchóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Theigheadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. An uair a theagadh muid faoi'n dorus i gcomhnuí, sé'n leathrann a bhíodh ag T. "Doirtigidh anuas a scurachaí. Má tá mé cumhang níl mé doicheallach." Is minic a chonnaic mé an teach sin lán go drad. Ní thuillfeadh duine eile ann. Is iomdha siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcomhnuí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtuitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach cho h-íseal sin
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh do Ph. Ph. í a phósadh anois. Tá teach agus giodáinín talmhan' aice, agus dheamhan achar ar bith go mbeidh sí ag fáil an phinsean. Mullach an diabhail dó, nach bhfuil sí sáthach maith aige, má tá aois féin uirre. Dar príosta is maith aibidh an sean-pháiste é P. féin feasta choidhchin.
 
dóigh 2
'Ar ndúinín má ghníonn tú é sin beidh an sagart ins an mullach ort. Agus tá sé sáthach beo droch-mhúinte
 
Tá an domhnuidheacht leabhar aige sin. Má tá a bhfuil ionnta in a chloigeann níl righeachan go deo leis le foghluim, ach sílim gur mó atá ins na leabhra dhi ná in a chloigeann. (D)ar ndóigh arsa tusa ní thillfeadh tada in a mhullach scine siúd — tá sé cho caol sin
 
dona
Is dona a fríodh (fríothadh) muid, má tá bacach mar sin indon eirghe in ar mullach = is daoine gan mhaith muid
 
Donn-réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon-taobhán giumhasaighe ag gabhail leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: cho luath agus a tháinic aon-deoir de'n bháisteach anuas ann, thug na rataí uatha. 'Bhfeiceann tú an dhá chúpla sin annsin. Dheamhan a fhios agam cé'n puínte a dtiocfaidh siad anuas faoi'n mullach orainn
 
dos
Leag an diabhal de dhos atá annsin thíos ag M. Mh. N. aréir mé. Tharraing duine eicínt as an mbeárna í, agus ní fhaca mé í, nó go ndeachaidh mé in a mullach. Fhobair gur bhasc sí mé
 
Duine doscudhach é sin. Ní féidir comhairle a chur air. Is cuma leis é ach a dhul i ndiaidh a mhullaigh i rud ar bith a chasfas leis
 
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhobair dó breith orm annsin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brigh an leabhair gheobhadh sé an dara-thairt, marach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'fhuireasbhaidh mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath agus a nochtfaidh sé an dranndal tiubharfaidh mise mo shean-snaoidhm de mhullach cois na fuipe, isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madar alla air, dhonóchadh an iarraidh sin é
 
drann
Á beannacht Dé dhuit! Ní dhrannfaidh mé leis an éadáil sin (poitín) le mo mharainn aríst. Chuir sé ag déanamh mullach cinn mé an oíche faoi dheireadh, agus d'fhága sé rae roilleacán in mo cheann ó shoin
 
draoib
Baineadh truisle as agus síneadh ins an lochán é — lochán de'n draoib dhubh sin. Níor fágadh oiread agus puintín bioráin ó mhullach a chinn go bonn a choise nach raibh in a bhog-eibhinn
 
"Bhí mé idteach aréir agus bhí clampar ann; Bhí cearca agus géabha agus lachain ann; Bhí an bháisteach anuas thrí mhullach an tighe; Agus níor chodail mé néal ag dreancaidí." (Rann a rinne fear nachar thaitnigh an t-óstachas leis a fuair sé idteach eicínt. Leagtar ar Rafteri é amanntaí)
+
droim
Tabhair aire dhuit féin thuas annsin Dia aithnighthear. Tá druim na h-aille sin an-tsleamhain, agus is fánach an chaoi a gcuirfí anuas indiaidh do mhullaigh thú
TUILLEADH (1) ▼
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
 
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a marbhuigheadh annsin. Fear a bhí ag déanamh aithgiorra thrí na páirceanna, a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timcheall an tighe mhóir annsiúd. Dhá múineadh le h-aghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine aca anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul treasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall in a mhullach agus choinnigh sé an capall ag talltú air nó gur mharbhuigh sí é. Tabhair thusa marbhú druimnochttha ar sin. 'Sé a bhí druimnochttha. Amuigh ar lom na páirce. "Murder" a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad aca fhéin an uair sin. Cho uain agus a mhair an sean-Bh. dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talmhana nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
 
dual 2
Teastóchaidh tuilleadh duail agus baibíní l'aghaidh na círe siúd maran lib an braon a bheith i gcomhnaí as an maide mullaigh agaibh
 
Chuaidh mé soir lá ag an gcara 'Bh. Bhí brachlainn aca ann (bradáin). Bhí píosa dorugha in mo phóca agus cupla dubhán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mara dtugaidh mé ceann astaí (asaibh) le dúbhánacht aimhris. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais ionnta leis an dubhán, ach ba é a cás céadna é. D'fhan mé annsin. "Má theigheann tú ar meath teirigh ag iascach" arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom nuair ab fhada liom an fanacht nach bhfaghann gruadhán mór de chloich, agus nach gcaithim amach in a gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindigh …
 
dubh 1
Sin mullaí dubha = (i) cineál turnapaí (2) cineál éanachaí cladaigh. (iii) cineál luibhe i bhféar (fc. mullach)
 
Is diabhlaí an dubhshnámh atá aige. Chaith sé é féin indiaidh a mhullaigh de charraig an S. inniu, agus sé an áit a dtáinic sé ar barr taoille aríst ag gob an Storráin. Is maith an geábh é sin, nach maith!
 
dúil
Shílfeá gur dúil atá aca seo eirghe i mullach na ndaoine. Má tá 'u' (bhur) leas ar Dhia anois eirigidh as, nó fágfaidh mise céir oraibh — a shneádhacháin bhradacha
 
Tá an geadamán céadna an-dúlaidhe ag achrann. Sílim go mb'fhearr leis ag cothuigheacht troda ná ag ithe an bhéilí is fhearr a leagadh chuige ariamh. Ach leig sé faoi go mór ó a bhuail P. C. an bhliain cheana é. Mhúin sin é. Tá a fhios aige ó shoin nach bhféadfaidh sé eirghe i mullach na ndaoine mar a ghníodh sé roimhe seo
 
Tá a chuid féin de dhúnárus Chloinn Mhac Confhaola ag siubhal leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Sola féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige, cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaithtí ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeitheá, agus scaithtí eile dheamhan fear is laetheamhla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — in a dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaol a mhainge, seacht míle bealaigh le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é annsiúd imbéal an tseoil, ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scathamh thíos ann. An uair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe, agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thuit sé chuig P. Anonn leis go gcraitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile do'n diabhal é féin agus a láimh. 'D'eile céard a dhéanfadh sé
 
Chuaidh droch-chaoi air aréir. Síneadh i lár an tighe é agus chuaidh a raibh ann in a mhullach
 
Ní cheannóchainn an capall sin chor ar bith. Cuimnigh go bhfuil mise dhá radh leat: is gearr a bhéas deantús maitheasa ar bith ins an gcapall sin, agus sin é an fáth go bhfuil sé ag iarraidh a cur uaidh. Níl néal ar bith air sin. Nach bhfeiceann tú í ag dul amach ar fad as na guailní. Tá sí caithte indiaidh a mullaigh uiliog anois. Is beag an dochar di agus na h-ualaigh a chuireadh sé uirre
 
Bhí sé ag dul 'un bliana ó a chonnaic mé roimhe sin é, agus shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thuit mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige romham
 
Níl tú ar an bhfeath (meath?) mhóir fós, arae ní dheachaidh na Beanna Beola faoi. Choidhchin nó go gcuiridh muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh