Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mullach (50+)

 
Ní mór duit faitíos a choinneáil air sin, nó éireoidh sé in do mhullach
 
Shíl mé gur dhúirt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile agus gan í a fhágáil ina ciseach mar sin! Ach is beag an mhaith rud ar bith a rá leat. Tá tú ró-neamhairdiúil ar fad.
 
coirt
Tá a mhullach foirgthe le gearbógaí, agus iad ina gcoirt thirim fré chéile.
 
cora
Sciorr mé sa gcora agus crochadh mé idir chorp, chleite is sciathán gur thit mé i ndiaidh mo mhullaigh san abhainn. I nDomhnach, shíl mé go raibh mé báite.
 
Bhí sí ar siúl ariamh ariamh, go ndeachaigh sí i ndiaidh a mullaigh síos i gclaise an tsrutha,agus ní raibh aon ghair aici a theacht aníos i ngeall ar na cosacáin.
 
M'anam más leis pósadh i mbliana go bhfuil sé in am aige cosúlacht a chur air fhéin feasta. Beidh an Carghas ina mhullach d'aon iarraidh.
 
Ba mhór an chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach. Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
 
Ní aireofá leathchíos chor ar bith, ach nuair a bheas an cíos bliana 'inár mullach agus gan aon tslí againn faoina chomhair.
 
Is suarach an t-ionadh go n-éireodh sé i mullach na ndaoine agus a bhfuil sé a fháil dhá bhealach fhéin.
 
beanna
Shíl mé dheamhan mo bheanna a thabharfainn liom go deo saor slán as. Bhí an teach ina bhruín chaorthann, agus chuile dhuine sa mullach orm péin nach ndearna tada.
 
beann
Bíonn slám ceo cónaithe ar mhullach na binne sin i gcónaí.
 
beart
'Sé cóir Dé é go ndeachaigh an beart sin ina aghaidh. Murach sin d'éireodh sé i mullach an bhaile ar fad.
 
Chuala mé go dtugann an máistir seo thíos corrchnigín do na scoláirí, agus má thugann fhéin, dheamhan leath an chirt atá aige leofa, arae má fhaigheann siad cead a gcinn chor ar bith, éireoidh siad ina mhullach.
 
Coinnigh do mhullach coiricíneach amach as sin.
 
crinn
Is aibéiseach an bearradh a tugadh air, hé brí cé a bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrína mhullach agus iad crinnte isteach go cnáimh, agus in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
 
I nDomhnach muise, is dathúil an scéal agam é má éiríonn cuimleachán den tsórt sin i mo mhullach. Cuirfidh mise luí fia de chniogaide air sin lá eicínt.
 
beoigh
Dar mo choinsias, tá sé ag beoú chun báistí, agus gan aon tsop den fhéar tógtha agam. Beoigí libh go mbuaile muid i mullach a chéile é.
 
biorach 1
Tá mullach an-bhiorach air — barr a chloiginn rinneach nó géar
+
bocht 1
Tá chuile dhuine sa mullach ar an té atá bocht.
TUILLEADH (1) ▼
Rinne siad créatúlacht ar an duine, chomhuain is a fuair siad a chead, ach d'éirigh an duine bocht ina mullach fhéin as deireadh na cúise (na tiarnaí talúna).
 
bruach
Bhris bruach beag faoi agus cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh é — mar a bheadh tulchán nó tortáinín beag
 
Tá buimbiléad de mhullach cinn air atá chomh leathan chomh láidir le clár an chomhra mhóir.
+
aer
Dhá mbeifeá in do sheasamh ar a mhullach agus eisean a bheith ina sheasamh ar shimléar tí. Dhiabhail, leagfá do láimh ar an ngealaigh — dúradh le greann faoi dhuine ard.
TUILLEADH (7) ▼
Shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thit mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige romham — nuair a chuirfeadh duine an-fháilte romhat.
Dheamhan aithne a bhí air nach anuas as mullach an aeir a thit sí aige leis an ngairm bhí aige fúithi.
Shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thiteanns duine aige, bíonn sé chomh faoilidh fáilteach sin.
Ní fhéadfadh sé a leathoiread comaoin a chur orm, dhá dtitinn anuas as mullach an aeir chuige.
Thit réaltóg anuas ó mhullach an aeir agus driobaill solais uirthi ; an bhfeiceann tú an réaltóig sin thoir i mbuaic an aeir — sa bpointe is airde.
Chloisfeá i mullach an aeir ag grágaíl é.
Chloisfí an allagar a chuir sé as i mullach an aeir.
 
"I leaba an chruit a bhí air a bhaint di, séard a rinne na siógaí cruit eile a bhualadh air ina mullach" (as scéal an Chruitínigh — De Luain, Dé Máirt srl.)
 
Buail an bhrat sin aniar faoi do mhullach, agus siúil uait in éindí liomsa
 
bunán
Fhóbair go ndeachaigh an motor in mo mhullach mar níor airigh mé chor ar bith é an áit nár shéid sé an bunán.
 
burla
Tá a cuid gruaige uileag casta in aon bhurla amháin aici ar mhullach a cinn.
 
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, ag rith ar an bhfód tirim, agus seo anuas an gníomh ina bhuíograchaí ina mhullach
 
ainm
Ní bheadh in ainm an Athar ráite agat san am a raibh sé isteach ina(r) mullach — tháinig sé isteach gan aon mhoill nó sula raibh súil leis.
 
aire
Murach chomh haireach agus a bhí an madadh, bheidís in mo mhullach gan aireachtáil.
 
aire
Ní foláir dhuit aire a thabhairt duit fhéin mar tá na comhairleachaí móra sa mullach ort — caithfidh tú an-aire a thabhairt do do chuid oibre mar tá na daoine atá i gcéimíocht anuas ort agus san airdeall le deis a fháil ort.
 
Cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh é agus fhóbair nár baineadh a raibh d'fhiacla istigh ina cheann as.
+
Sílim go mbeidh lig amach mo mhullach ann mura dtuga tú aire dhuit féin.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ina lig amach mo mhullach acub thiar ar an mbóthar inné.
Má ionsaíonn an cúpla sin a chéile, beidh lig amach mo mhullach ann.
Bhí sé ina lig amach mo mhullach ar an toirt
Siúd é an áit a raibh lig amach mo mhullach (lig amach mo chloigeann nó scaoil amach mo chloigeann = lig amach mo mhullach)
+
Má bhíonn anachain ann go mba ort fhéin a thitfeas sí; má théann sé chun anachain d'aon duine, anuas faoi do mhullach fhéin é (faoina mhullach féin é) — adéarfaí le duine nó faoi dhuine a rinne drocheascaine ort
TUILLEADH (1) ▼
Anachain na bliana anuas faoina mhullach! (mallacht; eascaine)
+
anuas
Bhí cóta dearg anuas faoina mullach — cóta a gcaithfeadh sí a cloigeann a chur isteach ann lena chur uirthi
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sí seal cloth anuas faoina mullach ar a dhul amach di.
Anuas faoina mullach agus aniar faoina bráid a bhí an fhallaing uirthi.
Cuir anuas faoi do mhullach é (ball éadaigh). Is amhlaidh is fearr dhuit é.