Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

obair (50+)

 
Tá faitíos a bhriseadh air, má theigheann sé ag obair cho moch sin
 
Chuaigh feánach lucht portaigh soir san leoraí ar ball. Shíl mé nach mbeadh aon-obair aca inniu agus saoire ar an lá. Ach chreidim nach miste leo sin céard a dhéanfas saoire ná sollúna
 
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
 
Níl áiriú ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearagráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
+
fear
Má fhaghann sé céad punt anois, beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, th'éis nach bhfuil obair ar bith aige = beidh sé ag dul chun sochair dó
TUILLEADH (1) ▼
Má phósann tú ní aireóidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orra go mbíonn siad ionchúntach. Ní aireóidh tú go mbeidh siad indon cuid den obair a bhaint dhíot
 
focal
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nar éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nar thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
 
Bhí mé thíos ar an móin i gCill Dara anuiridh. Chonnaic mé feilméara annsin agus go leor talúna aige. Bhí deich bhfeara fichead ag obair aige agus iad ag codladh i "dtentannaí". Déarfá go raibh cuid mhaith ag fortabháil air = in a thuilleamaí; go raibh go leor ar a aire; go raibh cuid mhaith aige le freastal dó; go raibh a sháith idir a lámha aige
 
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
+
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
 
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ollmhachan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
 
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneál chuile dhuine eile ó obair
+
Tá sé an-fhánach faoin a chuid oibre = siléigeach; ar nós chuma liom (deirtear "he is a fánach man" i mbéarla)
TUILLEADH (4) ▼
Is fánach an lá oibre a níos sé sin = lá gan aon-mhaith; ní bheadh mórán foghail déanta aige an lá sin
Tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna = ní chúiteóidh forú an trathnóna faillí an chuid eile den lá
Maróidh sé é féin anois, ach tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna
Lá fánach a níos sé aon-obair = corr-lá
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
Caithfidh sé an chuid eile den bhliain anois ar an bhfánaíocht sin (trifling with work). Ní fhaca mé aonduine ariamh is mó drugall leis an obair ná é
+
féar
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
TUILLEADH (1) ▼
Seogaí a scraistí! Eirigí feasta ag obair! Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
 
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
 
Cuir crudh in a thosach, a's déan smeach eicínt oibre, nó'n leat fanacht annsin do chaidhfte, mar d'fhan tú indé.
 
catóg
Beidh stócáil le déanamh agad imbliadhna, a's na catógaí sin ar fad a bhaint. Is meathta an obair a dhul a' cur talamh de'n tsórt sin.
+
ceal 1
'Sé'n té atá cheal oibre, is mó cás leo(b): ar aon-chor 'sé is mó scéal, má bhíonn aon-saothrú ag imtheacht.
TUILLEADH (1) ▼
Cheal cleachta atá dhá dheanamh sin dhuit. Dheamhan a dhath stró a bheidheas ort, ach a mbeidh tú déanta ar an obair = ach a dtaga tú igcleachtadh na h-oibre, ní bheidh mairg a' bith ort.
+
An é siud ru! Dheamhan pioc a dheineann sé siúd ó mhaidin go faoithin ach a' cipiléaracht leis mar sin. Maidir le obair, dheamhan lá oibre faoi shlacht a facthas 'na dhiaidh ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Ní ag obair atá sé ach a' cipiléaracht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon-tsaothar cruadh a dhéanamh.
Dar m'fhírinn duit anois a mhic, ní ag obair a bhí mé indiu, ach a' cipiléaracht léithe. Bhí an oiread póite orm de bharr na h-oidhche aréir, a's nar fhéad mé aon-smeach a dhéanamh, ó mhaidin, ach ag ól bláthaighe.
Cé'n mhaith dhomsa do chuid cipiléarachta. Mara bhfuil aon-déantús maitheasa ionnad, eirigh as an obair ar fad.
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléaracht a' bith le déanamh timcheall a' tighe, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
+
Má's leat ciseach a dhéanamh dhíot fhéin, teirigh amach indiu. Dheamhan a' mbeadh a leath-oiread súnáis oibre ort lá breagh.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé in mo chiseach ag an obair = millte; as cumraidheacht, nó as cruth.
 
cleite
Is mór a' feall gur thug lucht cuarta cúl uileag do'n teach sin, arae is iomdha cleite comhrádha, a's greánn a bhíodh ann. Ach ó phós M. h-eirigheadh as an obair sin.
 
B'fhearr dhuit coinicéar mná 'fhaghail in áit eicínt a chuirfeadh a' t-Earrach thart duit, a's gan thú fhéin a chur síos sa talamh le obair, an t-Earrach seo aríst.
 
Bhí sé coitchiannta go leor leis a' gceird sin. = bhí sé minic go leor leis an obair sin.
 
Nach gceapfá-sa go mbadh olc an chumaoin orm, é 'tosuighe a' díbliú orm mar sin, a's ar chuir mé ann dó, ó thosuigh a chlann ag obair.
+
Ní leigfeadh an chruadhas di ariamh thar chupáinín tae cosnochtuighthe a thabhairt d'aonduine dhá mbeadh ag obair aice, a's ba mhór a' carghaos léithe an méid sin fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Tuille diabhail aige anois mara bhfuil S. dhá bhaint siar as — é a' cur a sceadamáin amach annsiúd thuas ag obair dó ar scilling sa ló, a's cupáinín tae cosnochtuighthe.
Cé'n chaoi a dtaithneochadh sé leat fataí cosnochtuighthe a fhaghail dhá cheann de ló, mara 'bhí ann nuair a bhí mise ag eirghe suas? A's chaithfeá dhá uair oibre a bheith déanta agad ar maidin sul a bhfaightheá na fataí fhéin!
B'éigean dom béilidhe cosnochtaighthe a ithe. Is deas a' chaoi ar thalmhaidhe é sin, th'éis a lá oibre.
+
Cuir cosamhlacht eicínt oibre ort fhéin, a's ná bí ag imtheacht a' rámhóireacht mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfaghadh sé sin, an té 'dhéanfadh obair dó, dheamhan smeach a' bith a dhéanfadh sé fhéin, ach imthighthe a' bóithreoireacht. Dheamhan ab é a mhalrait de chosamhlacht atá air.
 
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
 
Éanachaí coideáin iad na h-ealaí (nó 'na h-ealaidheachaí) 'sa taobh seo. Dheamhan ar facthas annseo ariamh iad, go dtí le cupla bliadhain. Deir siad gurab é an chaoi ar díbrigheadh iad de'n tSionainn, an uair a bhí an obair ar siubhal ann.
+
Scaoil bealach leis. Dheamhan punta oibre a dhéanfas sé aríst go faoithin, mara bhfagha sé cead imtheacht'.
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú sa mbealach ar fad orm; tá tú sa mbealach ar mo chuid oibre.
A' bhfuil tú 'ceapadh go dtiubhrainn thusa ag obair liom. Is mó a bheitheá sa mbealach orm.