Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

obair (100+)

+
abair
Dar mo choinsias, d'fhéadfá a rá nach bhfuil sé sin ag ligean aon bhuille marbh ina chuid oibre
TUILLEADH (2) ▼
D'fhéadfá a rá i nDomhnach! Is iomaí a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoina bhean.
Mar adéarfá anois, meas tú a bhfaighinnse obair ann — an gceapann tú go bhfaighinn; an mbeifeá in ann aon chúnamh a thabhairt dom. Cineál slusaíochta nó evasion é i gcásannaí den tsórt seo
 
Bhí sé ag obair inné mar adéarfá leis é, ach ina leaba sin, dheamhan buille ar bith inniu
 
Tá an scanrachán seo thoir ag dul sna céadéaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar a fhulaing mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith in ann fear a shníomh ach ag briseadh cloch.
 
dáil
Bhí sé i ndáil le briste den obair, murach an chaoi a ndeachaigh mise chun cainte leis an mboss
 
Ó dhaingneos drochghalra mar sin in do chnámha, is obair a chur astu. Chaith casacht shlaghdáin ráithe fada ina leannán agamsa anuraidh
 
dair
Théis chomh molta agus atá an dair, ní adhmad maith í ar mhodh. Níl aon chúis inti le haghaidh na hoibre seo ar chuma ar bith mar níl aon lúbadh inti, agus d'uireasa an lúbadh, is beag an mhaith é seo
 
Tá sé ag obair gan a bheith dháiríre faoi
+
dairt
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair, mar adeir an ceann eile. Meas tusa an dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid allais ag iarraidh seanmhóinteáin atá ansin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon tabhairt go brách sa moing chaca sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
+
Bíonn siad ag obair i Sasana anois Domhnach is dálach. Tá an t-an-deifir orthu nó go gcnioga siad an Gearmánach
TUILLEADH (1) ▼
Níl lá ar bith is mó súnás oibre é ná an Domhnach. B'fhéidir gur ina chodladh a d'fheicfeá é ar an dálach
 
dalba
Is dalba an obair a rinneadh ansin. Ach ba orthu nach raibh an mhoill. Is beag a aireos daoine obair a dhéanamh, nuair a bheas chuile shórt ar a mian acu
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
+
danra
'Sé an mac is danra a chonaic mé ariamh é. An t-am a raibh muid ag obair ar bhóthar Sh. Ú. theagainn ag glaoch air chuile mhaidin. Bhí sé ag troid agus ag bruíon agus ag dul anonn is anall ar fud an tí, agus a mbíodh sa teach ina suí aige ag iarraidh a chur amach agus é ag cinnt orthu. Is iomaí maidin a raibh mé thar am dhá bharr
TUILLEADH (6) ▼
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
Is danra an áit ar chaith sé ina cheann teach a dhéanamh — istigh sa gcarracán údan. Dheamhan réiteach a bheas ar an ngeadán siúd aige bliain ó inniu, hé brí cén cuthach oibre a bheas air. Beidh orlaíocht agus bleaisteáil agus allas ar na carraigreachaí údaí
Ag lánú i ngarraí beag N. atá mé na laethantaí seo agus is danra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcónaí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leathchlocha, ach gruáin mhóra mhillteacha atá ansiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarraí N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosúil
Obair dhanra a bheith ag plé le feamainn. Tá a fhios ag m'anam go sáródh sí thú. Sclábhaíocht uileag í
Tá obair na móna féin sách danra. Tírtheáil mhór a fhaightear uaithi. Ach dar mo choinsias, tá iarmhais uirthi le blianta beaga anuas an té a chaithfeadh léithe. Theastaigh rud eicínt sa tír dhona seo
 
dara
Ní bhfaighidh chaon dara duine dhíobh sin obair
 
de
Tá sé ag fáil tuirsiú a láimhe d'obair (de mhná, d'iomramh, srl.) anois — a dhóthain, a dhíol, ach gan an iomarca
+
Déan deabhadh. Mura mbeidh tú broidiúil thairis sin, is trua shaolta duit amach anseo nuair a bheas an obair ar fad fút féin
TUILLEADH (1) ▼
Breá nach mbeadh deabhadh ionat agus an obair a dhéanamh de ghorta gharta. Ansin bheadh an chuid eile den lá agat in do chónaí
 
deacair 2
Is deacair do dhuine a bheith scanraithe ag obair i gcónaí. Ní mór do na daoine scíth corruair
+
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
TUILLEADH (3) ▼
Níl siad ag cur cuibhriú ar bith ar an seanasal sin acu anois, ach cead scoir ar bhóithrí aige, agus má fhéadann sé aon bhearradh a bhaint amach don chomharsa. Tá siad an-cheanúil ar na hasail eile. Bíonn siad go dtí n-a mbolg i bhféar i dT. na M. chuile oíche acu. Ní mór dóibh a mbeathú go maith agus a gcuirtear d'obair orthu. Tá obair an tseanasail ar iarraidh. Tugaidís é siúd don deachma anois. Is beag thairis is fiú é
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
Is breá an scéal atá agat: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn ansin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrúdaithe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile sa mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go míthráthúil an uair is mó an chruóg. Diabhal mé go sílfeá gur haisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: i mbrollach an fhómhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Nár ba é amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana i ngeall air
+
Mo léan deacrach é! Fuair sé amach an té a thabharfadh lá oibre in aisce dhó muis!
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh sé siúd obair! Mo léan deacrach muis, an obair sin!
 
Diabhal mé go bhfuil an píosa oibre sin dea-dhéanta slachtmhar
+
déan 1
Is furasta don ghiolla gan náire obair a dhéanamh
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé ag déanamh cúis mhór ar bith lena chuid oibre
Níl déanamh d'uireasa bicycle ag fear ar bith atá ag obair chomh fada sin ó bhaile
M'anam nach ndéanfadh sé gnaithe do dhuine a gharraí a fhágáil ansin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí den tsórt sin. Breá nach mbíonn siad acu Dé Domhnaigh?
Má shíleann tú go ndéanfaidh an obair sin gnaithe dhuit oibrigh ort. 'A chomhairle fhéin do mhac dhanra,' adeir siad, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'
Tá sé ag déanamh go hóg. Deir tú leis a chaitheas an lá ó mhaidin go faoithin amuigh ar an talamh ag obair. 'Sé an gnaitheach é anois, agus daoine ag rá nach ndéanfadh sé sin aon bhuille maitheasa lena ló
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
Bíonn siad chomh déanta suas le ladies Dé Domhnaigh, ach dhá bhfeictheá lá den tseachtain iad, ní fhaca tú i gcaitheamh do shaoil ariamh aon tsraoilleannaí go dtí iad. Chuirfidís úis ort. Ach déanann siad sin an oiread oibre agus a dhéanfadh triúr fear ar bith
 
Ní iontas ar bith dhó a bheith místuama agus gan é déanta ar an obair chor ar bith fós. Tógfaidh sé scaitheamh air a theacht isteach uirthi. Is namhaid í an cheird gan a foghlaim bíodh a fhios agat
+
Ní fhágfaidh an dole sin déantús maitheasa ar bith san aos óg. Duine ar bith acu a bhfuil aon traidhfilín dó, níl aon tsástaíocht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas fhad is a bheas luach tobac aige agus luach céilí san oíche Dé Domhnaigh. Sháraigh sé gach is a dtáinig amach ariamh, feictear dhomsa. Seo é an saol ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó neamh
TUILLEADH (1) ▼
Togha fear oibre a bhí ann ach ní raibh aon déantas (/d′īɴtəs/) maitheasa ann ina ghnaithe féin — ní raibh aon mhaith ann san obair a bhí sé a dhéanamh; ní raibh aon ghus ná aon dul chun cinn ann lena chuid cúrsaí féin; ní raibh sé barainneach
+
Tabhair an leabhar nach í an dea-obair atá ar siúl aige ar chaoi ar bith, pé ar bith céard atá sé a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní minic leat an dea-obair a dhéanamh
+
deara
Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi aird a thabhairt ar a gnaithe. Má bhí saol na bhfuíoll aici san am a caitheadh, dar brí an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta. Tabharfaidh an seanchonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di chuile mhaidin
TUILLEADH (1) ▼
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh ina mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dúirt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rá: go raibh sé ag obair in éineacht leis féin i bhfactory Ford i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnaigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baol
 
dearg- 3
Tá dearg-ghliondar air faoi gur briseadh as mo chuid oibre mé (ach tá an-ghliondar airan t-an-ghliondar, nó fíorghliondar srl. faoi gur éirigh liom)
+
Deargán! Mo chreach do chuid deargáin! Is maith an bheatha ag fear oibre deargán. Ní thabharfainn deich triuf ar do chuid deargáin
TUILLEADH (1) ▼
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. Nuair a bhí mise ag éirí thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaití den bhliain. Ach héiríodh as uileag. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cén moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saol fadó, ní raibh aon ghair aige ar an saol atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh le n-ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin don tsaol fadó é. Is cam a bhreathnódh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le haghaidh a dhinnéir. Fadó féin ar ndóigh, bhí rud acu thairis
 
dearmad 1
Tá a chuid oibre ligthe i ndearmad aige ó tháinig Gaeilgeoirí. Ní dhéanfaidh sé smeach aríst go n-imí siad más fada gearr é
 
dearna
Tá mé seangtha. Is mór an obair a bheith ag imeacht ar do dhearnachaí féin, ach is gearr go mbeidh sé bainte agam anois, agus ní miste sin liom
+
deas 1
Is deas atá sé ag fáil na hoibre leis
TUILLEADH (4) ▼
Ba deas éasca uaidh obair a dhéanamh go ndéana Dia grásta air
Is mian leis obair a dhéanamh dhó i gcónaí go deas slachtmhar. Níl aon ghnaithe ag potrálaí ina ghaire
Ba deas í mo cheird muis, ag brú seanchaillí thart i gcairrín! Dhá mbeinn gan aon bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
Is deas an obair atá ort: ag caitheamh smugairlí le na daoine. Beidh a shliocht ort ach a dteaga t'athair. Gheobhaidh tú garbh é
+
Tá déidín tite agam leis an bhfuacht, leis an ocras, le codladh; ag fanacht le duine eicínt, cheal tobac, go dtéiteá ag damhsa, ag obair srl. — ní bheadh an déidín tite dháiríre, ach go mbeifeá thart, nó scrúdaithe cheal an rud áirid sin; nó go mbeifeá in ainriocht de bharr rud áirid a bheadh ag gabháil duit. Ach ní foláir a thabhairt faoi deara nach gcuirfí an luí seo air, le tinneas ná le péin, nó le rud a bhfuil an duine ag saothrú an tsaoil leis, ionann is chomh mór agus dá mbeadh déidín tite aige, nó é tugtha uaidh go mór. Ní abrófaí cuirim i gcás: "tá déidín tite aici le tinneas clainne", nó "tá déidín tite aige le tinneas droma", nó "tá déidín tite ag an seanduine bocht le scoilteachaí", nó "tá déidín tite ag an duine bocht ag iarraidh greim a mbéil a shaothrú dá chlainn". Ach déarfaí "tá déidín tite ag an gcirc sin go mbeire sí an ubh". Nuair is cúrsaí tinnis shealadaigh é nach mbíonn rómhór, is féidir a rá
TUILLEADH (1) ▼
Fear oibre mo chreach! Bíonn déidín tite aige go mbuaile sé an cúig a chlog. Ní dhéanfadh sé mogall ina dhiaidh dá mbeadh do chailleadh go deo leis
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
+
Is diabhlaí santach atá sé ag an obair. 'Sé a bhíos ar deireadh i gcónaí ag teacht den phortach
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicfidh tú deireadh choíchin leis an obair sin
Ní bheidh tús ná deireadh ar an obair sin go deo — an-mheata, an-tsáraithe
Is mór a chuaigh sé chun deiridh ó chonaic mise go deireanach é. Tá sé ina scairíneach ag an obair
Tá mé rómhór chun deiridh anois le dhul ag comórtas le buachaill óg mar thusa, ach bhí lá ann agus ní bheadh tuilleamaí ar bith agam leat le láí ná le sleán ná le aon obair eile
+
Bhí roinnt den deireanas ann, ach má bhí fhéin, níor chuir sin aon treampán orm faoi obair a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh mé istigh ann chor ar bith le deireanas. Is beag an iarracht atá orm ann anois faoi rá is nár thaobhaigh mé iad an lá a raibh an meitheal acu. Bheidís sin ar fheabhas dhá bhfaighidís daoine lena gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóibh
+
deis
Níl deis ar bith agamsa aon bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar droim shula bhíos freastal déanta agam ar bheithígh agus ar ghamhna
TUILLEADH (10) ▼
Níl aon deis mhaireachtála aige ach ag imeacht mar sin i ndiaidh a chinn roimhe, agus lá oibre a dhéanamh anseo agus ansiúd ar lóistín na hoíche agus ar lón an bhóthair
Níl aon deis scartha aige. Murach sin, is togha scarthóir é. Ach chinn orainn aon bhara a fháil dó. Nach bambairneach an rud é sin féin; ach tá chuile dhuine anois ag obair lena bhara féin
Cén mhaith d'fhear a bheith in ann obair a dhéanamh lá is nach bhfuil aon deis oibre aige. An bhfeiceann tú lántaí, bróga agus eile. Ní féidir a bhfáil
An bhfaca tú an deis atá ar an ngarraí sin thíos leis. Tá coill shalachair ann, agus is fhearr leis ina dhiaidh sin ag obair in aisce do chuile dhuine eile ná cupla lá a chaitheamh dhá ghortghlanadh
Má tá sé ag tnúthán le obair, breá nach mbeadh deis air thar mar atá. Ar ndóigh duine ar bith a d'fheicfeadh é ag fánaíocht faoin mbaile sin thoir, ní thabharfadh sé smeach oibre le déanamh dhó go brách. Is túisce a ghabhfadh sé i dtigh diabhail ag iarraidh fear oibre, ná a bheadh baint ná páirt aige leis
Ní fhéadfaidh mise aon bhuille oibre a dhéanamh nó go bhfaighe mé láí a bheas ar mo dheis. Ar ndóigh ní cheapann tú go bhfuil fear ciotach in ann láí dheiseal a oibriú. Baol air
Ní thiocfadh sí liom chor ar bith mar sin. Bheinn ag obair in aghaidh deise. Tá sé ceart go leor agatsa atá ar do dheis
An té atá ar a dheis anois le dhul ag seanleasú leis an bhfeamainn dearg seo, tá leis. Féadfaidh maicín S. a tapú. Bíonn sé os cionn a chuid oibre i gcónaí. Is ait an saothraí é
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scortha tráthnóna, nó théis am dinnéir. Is beag an lua a bheadh aige é a dheargadh chomh uain is a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
Déanfaidh mé sin féin, má theagann sé in mo dheis. Mura dteaga, fanóidh sé ansin. Ní bhainfidh mé leis go mbeidh mé os cionn mo chuid oibre ceart
 
Cén sórt deismínteacht atá agat léithe anois. Tá sí sách maith. Má bhaineann tú mórán eile den leathar di ansin, beidh mo chuid oibre uileag millte agat, agus an bhróig ó rath aríst. Faitíos atá ort nach bhfuil sí sách deas!
+
deo
Ní bhfaighidh sé aon lá oibre uaimse go deo aríst
TUILLEADH (1) ▼
Go deo nó go gcuire tú neart oibre ar an gcapall sin, beidh sí ar an éirí in airde sin. Sclábhaíocht atá in ann í sin a cheansú, agus ní tada eile
 
Maidir le na deolaíochaí beaga sin a itheas duine agus é ag obair ar bhóithrí, ní sú salúin i mbéal bulláin iad. Is gearr le dhul ar fhear oibre iad ar chaoi ar bith
 
T'anam ón diabhal má théann an deoraí siúd ar an mbóthar, caillfear é. Ar ndóigh ní obair bóthair atá sé siúd in araíocht a dhéanta. Ní bheadh sé in ann tada a dhéanamh ach madraí a thabhairt amach ag spaisteoireacht
+
dia 1
Chí Dia sin muis gurb in í an obair eile a dhéanfas sé sin
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhór an tslí chun Dé é dhá mbeadh obair eicínt sa tír thar is a bheith anonn is anall go Sasana
 
dia 2
Obair! Dheamhan buille a ghníos T. ó mhaidin go faoithin ná ó Luan go Satharn, ach istigh sa gclúid ag léamh nuaíochtaí
 
diabhal 2
Téadh sí don diabhal anois, agus faigheadh sí an té a dhéanfas di é más breá léithe. Is deas í mo cheird go deimhin, ag obair di sin ar bheagán buíochais
 
Nach diabhaltaí an deis atá air, ar an obair sin
 
Dhá dtiomálfá (tiomáin) an diabhlánach sin amach ag obair chuile lá, is beag den cheird sin a bheadh air deirimse leat. Ach is beag an dochar dhó uabhar féin a bheith air, agus é ag fáil a bheatha ó neamh
+
diaidh
Tá sé féin ag obair ar na bóithrí, agus gan aon duine ina dhiaidh sa mbaile ach an stóicín sin nach bhfuil in ann mórán a dhéanamh fós
TUILLEADH (4) ▼
Chaith an t-athair amach é, gan oiread is a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag ceithearnach láidir é a raibh iníon aige. Birín aon tsúil a bhí san iníon agus nár ghlac sí grá dhó, agus nár phós sí é. Tháinig sé ar ais anseo ar cuairt suim achair blianta ina dhiaidh sin, agus é ina dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná éirí go moch
Fainic anois a dtiocfá i ndiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionú dhuit féin, agus ná bí in aiféala aríst. Ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Níl aon mhaith san obair sin. Do leas romhat agus go mbeire tú air mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
Ní raibh mé i ndiaidh an lae orm féin chor ar bith. Caithfidh duine éirí amach a fháil uair eicínt. Cí Dia nach beag dúinn an t-achar a bhíos muid ag obair
Ní fhaca mé an t-athair ariamh ag siúl de réir a choise, ach ag bogshodarnaíl i gcónaí. Dhá suíodh sé síos, bheadh sé dhá shníomh agus dhá lúbadh féin go mbeadh sé ina sheasamh aríst. Dheamhan ab é an oiread sin oibre a bhíodh de bharr a chuid furú ina dhiaidh sin
+
dian
Obair sách déan ar chuile chaoi í
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ródhéan ar fhir oibre. Ar ndóigh ní fhanfadh fear ar bith aige