Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

siar (50+)

 
fara
Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar. Dheamhan fara aca ann
+
Níor mhór duit seomra eile a leigean siar d'earasbar as an teach
TUILLEADH (1) ▼
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Bhí feánach mór "meaingiols" san gcarr ag teacht aniar aige, hébrí cá bhfuair sé iad. Tá "meaingiols" sna bólaí sin siar chreidim. Ní bhíonn siad dhá bhfuireasa aon-uair
 
Feánógaí atá aige ag tarraint an aoiligh siar ar an ngarraí údan = cléibh rotháin
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
 
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
 
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt annsiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó, i gcruth agus go mbeidh ceann le fánaidh ag an uisce
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
focal
Dhá seasadh sé seo thíos ar a fhocal, chaithfinn J. san gcúirt. Dúirt sé seo thíos liom gur dhúirt J. leis fhéin … ach ní mhionnódh sé in a dheidh sin é. Chuaigh sé siar san gcaint
 
Déan go réidh siar annsin. Is fánach an chaoi a dtreascróchaí thú i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leór sean-bhunannaí crainnte ag freagairt ann
 
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hébrí cé eile a bhéas siar leis
 
Cén catmara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar sean-spíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna annsin siar aige. 'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
 
fág
Ní dheachaidh fear an phosta siar fós. Fágann sin nach bhfuil sé an h-aon a chlog
+
Bhuail P. M. an fháideóig siar san bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin san linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (1) ▼
Déan bráideóg fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleóireacht. Tá na crícheannaí sin siar beó beitheach le smólaigh agus lonta dubha
 
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
 
An bus a chuaigh siar an oíche cheana — bus nua — tá an fháinneóig atá uirre dhá leithead na mbusannaí eile sin. Ní mór di siúd bóthar ar chaoi ar bith.
 
Sin stróic bhóthair atá an-fhánánach as seo siar go dtí bóthar L.
 
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
+
féar
Tá an féar siar againne ar a chois fré na chéile. Bhí an iomarca chruadhóig mhóna ar dhaoine
TUILLEADH (6) ▼
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeacha mé siar chuige = rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Tán ghrian ag dul siar agus níl an féar dhá shábháil = tá an t-am dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh
Seogaí a scraistí! Eirigí feasta ag obair! Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agad fios a bheith agad air feasta. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
Níl ag Nóra se'againne anois ach bliain eile le dhul isteach ar an "Preparatory" (Examination). Agus níl sí ag breathnú ar leabhar ná ar pháipéar. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháilt
Níl tada siar le claidhe ach féar siogáin = féar beag crannda, (ach ní raibh aon-phúiríní siogáin ann, ach an cineál céanna féir agus a bhíos orra)
 
fóir
Chreidim nach bhfuil fóirínt ar bith le fáil siar ach an oiread agus atá soir. = fear a bhí thart cheal tuitíní (cabhair)
 
Tá P. Sh. Dh. imthighthe siar. Is gearr go bhfeice tú an chaolóid riabhach anois anoir 'na dhiaidh. Ní dhéanfad sé aon-tsuaimneas thoir gan a bheith 'na chomhluadar.
 
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
Thuas ar charracán atá imbarr a' bhaile a bhíos an teine chnámh aca(b). Dhá mbeadh gaoth ruadh na Féile Sin Seáin ann ar chaoi ar bith, dheamhan splannc a d'fhágfaidhe 'na craiceann nach bhfuadóchthaidhe soir a's siar.
 
catóg
Tá pláigh choiníní ins na crícheannaí, agus is na catógaí sin siar. Tá a shliocht orra(b)! Dheamhan ceo geamhair agam de bhláth bliadhna nach bhfuil crinnte aca(b)!
 
ceal 1
Má tá indán's go gcoinneochthar an scéal seaduighthe i bhfad eile, tiocfa mise siar de mo shiubhal ionnsuighe, a's innseocha mé suas dhá béal gurab é a mac fhéin a thárluigh leis na fataí, le airgead 'fags' a fhaghail. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thogruigheann sí.
+
Tá sé a' cipiléaracht siar annsin, hébrí céard tá sé a dhéanamh, ach dheamhan mórán de'n rath a dhéanfas sé ar aon-nós.
TUILLEADH (1) ▼
Dhiombalóchadh sé sin ráithe an tsamhraidh ar a' gcipiléaracht sin, a's sháróchad sé siar in do bhéal 'na dheidh sin, nach bhfuil aon-oibridhe ar a' mbaile is fhearr ná é.
 
Dheamhan duine a thiocfas ar 'bhicycle' ar a' mbóthar sin siar, nach ndéanfa sé ciseach dhe. Puiteach ar fad é. Sáthach righte a thiocfadh sé le duine é 'shiubhal fhéin, ní áirmhighim a dhul ar 'bhicycle' air.
+
Dheamhan fad méire de chiseán agam a dtiubhrainn scór uibheacha 'na S. leis, a's gan aon-chiseadóir sa tír mar a dteighe [tú] siar go dtí L.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé M. tír na gciseadóirí a's na gcaoladóirí. Nach as a thaga(nn)s cléibh, ciseáin, a's cléibhíní ime na tíre. Ach is dhóibh is fusa: nach bhfuil sail ag dul siar in a mbéal ann!
 
clab
Mara stopa tú buailfe mé siar ar a' gclab thú!
 
'Sé a chloch-neart a dhul isteach. (D)ar ndóigh, níor tugadh 'vote' a' bith dhó, siar faoi Chonamara. Nach hé an ceann eile a fuair uiliog iad?
 
InDomhnach, má tá ort a dhul siar 'sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidthe le droighean is driseachaí, a's níl tada uaibhreach ann ach neanntógaí.
+
Fuaduigheadh amach sa tseiscinn choimhightheach é, 'siar ó Árainn, a's níor frítheadh a dhuth ná a dhath ná a thuairisc ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
InDomhnach má chothuigheann an uair i bhfad eile coimhightheach mar seo, is mór a chuirfeas sé an cur siar. Tá daoine nar ionntuigh spreab fós, mar nach raibh an aimsear in 'araidheacht.
+
Ghlac sé coimhightheas roimh an bpóilidhe a's siar leis sa seomra.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, a's gan blas coimhighthis aca(b) le aonduine. Airigheann siad nach bhfuil aon-mhadadh de rath ar a' mbaile.
 
Bíonn a' dream sin siar a' saigheadóireacht nó a' coinnleoireacht chuile oidhche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán áirde ag na maora eile orra(b), nidh nach iongnadh, ó thárla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
 
Dar mo choinsias ní cumaoin dó, a dhul a' cainnt ar an airgead atá ormsa, a's a liachtaighe uair roimhe seo, nach raibh luach cloch mhine aige, ach léar (de réir) mar bhínnse a' tabhairt dó. Ach is beag a' lúth atá aige, breathnú siar air sin, anois, ó thálta (thárla) rud a bheith aige fhéin.
 
Níor mhór do'n chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mara bhfuil sé suas 's anuas ann, tá sé siar 's aniar ann. A's nach hé atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
 
Tá sé corradh ar leath-chéad míle as seo do'n Ch. a's shiubhail mo shean-mháthair chuile mhíle coisméig dhe, in a cosa buinn! Siar go gceaduigheadh sí cailleach luibheannaí a chuaidh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aonduine!