Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

teine (78)

 
Cuir an píosa páipéar sin san teine, agus bíodh sé dubh-dhearg agus cró-dhearg shul a dtuga tú dhom é … L'aghaidh mo phíopa! 'Deile!
 
dáil
Brugh indáil leis an teine, agus tabhair goradh dhuit féin. Tá ceart agad a bheith fuar th'éis t'aistear. Phréachfadh an lá indiu na fiadha dhubha
 
Is mór an daingniughadh nach mór do'n chroich fós, shul á fhéadfas tú pota a chur uirre. Pota ar bith a chrochfaidhe uirre sin, bheadh sé anuas in do mhullach ins an teine
 
 Meastú an ngabhfainn amach faoi'n dallcairt sin. Is beag an baoghal orm, dhá bpréachtaí ar an teallach sib cheal teine. Ní theastóchadh uaim nach a dhul do mo chailleadh féin ar phortach a leithide de lá
 
Tháinic sí agus í deallruighthe agus scar sí í féin ar an teine, agus ní raibh goir ag duine ar bith eile drannadh léithe aice. Guróir an-fhuar í
 
déan 1
Déanfaidh an teine sin caor ar ball
 
dearg 1
Níl an teine baileach dearg (nó deargtha) fós
+
dearg 2
Ní dheargfaidh an teine seo go sleibhe = lasadh suas; lasair a theacht uirre (bheadh smiochóideachaí innti ceart go leór)
TUILLEADH (1) ▼
Níl an choinneal ag deargadh ach an oiread leis an teine
 
Thóig sé as an teine é, an uair a bhí sé in a dheargán agus thosuigh sé dhá lascadh ar an inneoin. Níor chuir sé biseach ar bith isteach ann, ach an dá bhrionglán a thathú agus aon-cheann amháin a dhéanamh dhíob. Siúd é atá deas air. An-ghabha é. Níl goir ar bith ag an mb. air. Níl sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhó
+
Deasuigh anuas ag an teine = doirt, teann, brugh anuas
TUILLEADH (2) ▼
Deasuigh isteach leis an teine. Is ceart duit fuacht fhéin a bheith ort agus thú amuigh faoi'n sneachta ó mhaidin.
Deasuigidh síos an chuinneoig sin i ngar do'n teine nó ní théachtfaidh sé choidhchin ar an aimsir seo
+
Ba bhreagh uaidh deatach a leigean le gaoith anuiridh cho uain agus a bhí sé ag saothrú pighneachaí, ach caithfidh sé déanamh dá fhuireasbhaidh anois. An té nach bhfuil teine aige féin, déanadh sé a ghoradh le gréin, mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (5) ▼
Ní bhíonn deatach ar bith gan teine = má bhíonn cosamhlacht ann, ní bhíonn sí gan údar
Ní bhíonn deatach ar bith gan teine. Marach go raibh aicíd eicínt ann, 'tuige a raibh siad ar fad in a luighe, agus gur chuir an dochtúr aithne ar dhaoine gan a dhul isteach ann
Marach go ndearna sé gaduidheacht eicínt, cá bhfuigheadh sé a raibh d'airgead aige. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine
Breagh ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé fuireann nuadh isteach marach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, bíodh a fhios agad. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon-bhean é: sin é a bhí air
Bhí deatach as mo chuid éaduigh cho luath agus a leigeadh an teine chuca. Báitheadh go craiceann mé
 
deil 2
Dheil sé rud! Ní dheileódh sé fód móna le cur san teine, ní áirím dual le cur i rata.
+
"Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas" = bíonn fuacht ar pháistí agus ar sheandaoine
TUILLEADH (3) ▼
Níl mé indon corruighe beag ná mór ó'n teine anois. Bíonn na creaithtí fuaicht orm má theighim go dorus. Deir siad é: tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
Tá sí mar a bheadh piodarlann de ghasúr ann anois: scartha ar an teine igcomhnaí. 'Ar ndú' sin é an chaoi a mbíonn an aois igcomhnaí. Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
Diabhal mé gur gearr an bás uaitse, má tá an oiread sin fuaicht ort oíche cho breagh léithe. Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
 
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
 
deirge
Nach in a gruaidh atá an caor! Tá deirge na teine innte.
 
deis
Má tá pota le dhul ar an teine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirre. Caith anuas gabhailín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sib isteach í, má tá sib taobh leis an méid sin
 
dia 1
Bóín Dé, sine Dé, teine Diadha, teine Dé (Aodh?). (fc. , teine, sine)
+
diaidh
Bonn an aoin seo thoir atá sé a fháil. Is gearr go dteighidh sí amach ag spaisteoireacht di fhéin anois, ar theacht do'n trathnóna, indiaidh a luirgne a bhreacadh ins an teine ó mhaidin. Nach h-í inghean an duine bhoicht í!
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail faitíos mé leis an gcaoi a raibh sé dhá chur indiaidh a chúil, gur rún a bhí aige é a leagan ar shlatrachaí a dhroma ins an teine
Níl breathnú ar bith indiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leathta ins an bpota atá siad agus an dabhach teine atá fútha. Dubhairt mé lib a dtógáil cnag-bhruithte
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht in a rógaire reatha. An áit a bhfuigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scruball ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídeamhlacht ar bith a gcuimhneochadh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé's moite de shean-bhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghreideall a bhí ann, agus chuir sé ar an teine é, agus rug sé ar an tsean-bhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uiliog go dona …
 
Tá an t-uainín sin in a dílleachtín. Rugadh ar an sneachta mór é, agus tugadh isteach é agus cuireadh le teine é. Ní thiubharfá deich triuf air agus diabhal mé gur shrian sé as in a dheidh sin agus gur bé atá cruadhchúiseach anois. Ach cailleadh an mháthair.
 
Nach aige atá na dinndiúirí agus an chailicéaracht. Shílfeá gurb é Caibhnsiléara na Sceiche (fc. caibhnsiléara) é annsiúd chois na teine. Níl nídh ó Fhlaithis go talamh nach gcuirtear faoi chaibidil annsiúd
 
Tá tú deallruighthe a dhiuicín. Deasuighidh suas agus leigidh áit ag an teine aige. Tá tusa ro-lag le bheith ag imeacht ag "routáil" ar bhóithrí
 
An uair a chuaidh mé isteach ann trathnóna ní raibh solus ná léargus ann ach díogarnach bheag a bhí ar an teine, agus 'sé'n áit a raibh sé féin sínte ó chluais go rioball ar an stól agus é in a shrann chodlata. Bhí sé amuigh aríst aréir ag déanamh aois díobhthaill. Is diabhluidhe an tóir atá aige ar na mná — 'chuile lá ariamh. 'Siad na mná a ghiorróchas leis mara bhfuil ag Dia
 
Mo chreach mhaidne ghéar! Thú féin agus do chuid móin Achréidh. Ní fiú cnaipe gan chos í ar ghualainn na móna atá annseo. Nach sceiththeann sí as éadan. Agus is luath ar fad í: a caitheamh síos agus 'sé a bhfuil innte an lasair sin. An méid a chonnaic mise de mhóin an Achréidh, díogha amach agus amach í. Sin anois teine bhreagh in a craiceann an teine sin agamsa. Baineadh an cailín sin in áit a bhfuil móin.
 
díon 1
Is mór an chontabhairt é an teach ceann tuighe in a dheidh sin. 'Bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóighte a chur ins an teine agus é a sháith ins an mbun tsop. Ó a chuaidh sé thrídh lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus marach cho h-éascaidh agus a brathadh é, bheadh dóighteán ann a mbeadh cuímne air
 
An diúilicín bocht ná buailighidh é! Fágaighidh annsin ar a theolaidheacht chois na teine é. An coileáinín bocht! B'fhéidir dó togha madadh a dhéanamh fós
 
Ná bac leis an sean-chlár diúirinneach sin. Dheamhan leas a dhéanfas sé sin go deo, mara gcaithteá ar chúla na teine é, agus is dona annsin féin é
 
Ó anocht amach le congnamh Dé diúltóchaidh mise an chuartaidheacht. 'Séard a dhéanfas mé feasta síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na buinn a chur le teine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
 
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
1
Níl dóghadh teine leath cho dona le dóghadh uisce. Cneasuigheann an dóghadh tine gan aon-stró mar is dóghadh glan é, ach is drochlot é an dóghadh eile. Bíonn an oiread learsachaí (leasrachaí) agus puchóideachaí in a dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon-rath le teanga an tsionnaigh ar dhóghadh. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
 
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní thiubharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brughadh ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafruigheadh cá dtáiniceamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon-ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na h-oíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon-duine a bhí amhlaidh: dá bhfaghadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna do'n teach. Badh é a dhéanamh leis é. Ní raibh an teine féin ann.
+
dóigh 3
Dóighfidh tú do chóta mór mara ndeasuighidh tú aníos ó'n teine. Is maith é an goradh cúl cos sin, má bhaineann tú dhíot an cóta mór
TUILLEADH (6) ▼
Chídhtear dhom go bhfuil baladh an dóghadha ar rud eicínt. Breathnuigidh fúib agus tharaib annsin. Maran aon-smiochóid ó'n teine a ghabhfadh ins an gcárnán arbhair
Tá na cosa dóighte aice de bharr na teine
Is beag é a maith ná a maoin sin ach a dhá ladhar le teine aice dhá ndóghadh
Nach fearr í ná bean a mbeadh a spreangaidí ins an teine aice dhá ndóghadh
Diabhal luach leithphighne a ghníos sé sin ó mhaidin go faoithin ach a chosa insan teine aige dhá ndóghadh
Ara níl déantús maitheasa ar bith in ioscadaí dóighte siud. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a luirgne chois na teine
 
Tá dóighteán mór de theine agaibh — teine bhreagh ina craiceann! (is annamh a tugtar dóighteán ar theine an teallaigh)
 
dos
Níl teach ar bith roimhe seo, nach mbíodh creangadán annsin ann ar thaobh na teine, le éadach a chrochadh air. De'n dos mór a ghnídís é. A thabhairt isteach agus é a thriomú nó go stáluigheadh sé. Bheadh sé sin an uair sin cho roighin le gad. Ní fheicfeá aon-teach in do shiubhal ionnsaidhe nach mbeadh ceann ann. Tá agus fós is chuile cheann de na sean-tighthe, ach níl siad 'sna tighthe nuadha. Ach níl tada 'sna tighthe nuadha. Tá na crasógaí Bríde fhéin caithte in aer aca. B'fhoghainteach iad na creangadáin dar mo choinsias, ach tá daoine ro-leitheadach, ro-ghalánta anois le bacadh le rudaí de'n tsórt sin
 
drad
Ná cuir an pota sin go drad anois, mar má chuirinns (má chuireann tú) gabhfaidh cuid dhó thar maoil, agus báithfidh sé an teine
+
dreas 1
Tabhair dreas de'n teine dhó. Triomóchaidh sin é = scathamh, geábh
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhféadfá dreas de'n teine a thabhairt duit féin. Cá'il do dheifir ag dul. Déan do ghoradh
Má thugann tú dreas eile de'n teine dhó, bruithfidh sin é
 
dreas 2
Tá sé sin thar cionn. Tabhair goradh dhó sa teine, agus fagh do chasúr agus teirigh ag ordlaidheacht air scaithín, agus eireochaidh an dreas meirge sin dhó. Tá sé folláin istigh ann
 
driog
Fuair mé an-tsuímneas (suaimhneas) óna daethachaí (doightheacha fiacal) anois ó a tharraing mé an dá chláirfhiacail, ach feicthear dhom — ní ag tabhairt gutha orra é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Ins na cúilfhiacla a airighim anois é. 'Sé'n faitchíos atá orm go siubhalfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhranndal. Shaothruigh mise leo cheana é: in mo shuidhe ó oíche go maidin agus mo chloigeann leigthe anuas ar an teine agam ag glaodhach agus ag gárthaighil — nó gur tharraing mé iad
+
dris
Ná bain léithe sin chor ar bith. Dris cheart í sin, le araoid ar bith a chur uirre. Chonnaic mé thíos ins an teach an oíche cheana í, agus dheamhan bean ní ba mheasa ná í, an uair a d'iarr a máthair uirre a dhul i gcoinne aistir uisce. "Breagh nach n-iarrfadh sib é sin" adeir sí shul (dh)ár shuidh mé síos. Nach mé an truagh-Mhuire agaibh, maidin agus trathnóna." B'fhearr [léi] suidhe síos chois na teine ag breacadh a luirgne ná eirghe suas ag déanamh a gna
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú in do dhris chantalach annsin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan goir ag aon-duine eile an teine a thaobhachtáil agad. Is óg atá tú ag tabhairt droch-fhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon-ghoir ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal goir muise
+
Ba fear indroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leabaidh an bháis, agus mo bhean istigh san aspuicil (oispidéal), agus gan duine ná deóraí agam a thóigfeadh an teine de mo chois, ná a bhreathnódh indiaidh an dá mhalraichín
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá na daoine indroch-arán anois. Ní bheidh beatha na teine ann i mbliana ach grásta Dé! Nach bhfuil ceann faoi ar an aimsir uiliog
 
Dheamhan an raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir, rud ab annamh liom. Bhí an-tséideogaí ann, agus níor leig an drugal dom an teine a fhágáil
+
droim
Ní beo é mara mbeidh a dhruim le teine aige mar sin i gcomhnaí. Ach b'fhéidir gurb é a chríonnacht atá sé a dhéanamh. Deireadh na seandaoine go mb'fhearr goradh cúl-cos ná céad bó ar chnoc
TUILLEADH (1) ▼
Ní thaithnigheann liom an chorruighe atá agad ar an teine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breagh gur thosuigh tú ag dochtúireacht uirre. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhruim seoil ar fad í. Tá geis ar an teine sin nach bhfuil aon-duine indon a deargadh ach mise. 'Sí an tuagh a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul in a h-éadan
+
druid 2
Doirt anuas ag an teine, agus ná bí do do chailleadh féin thuas annsin
TUILLEADH (1) ▼
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile, go bhféadaidh na daoine deasú tímpeall na teine?
 
dual 2
Bíonn dual na druinne istigh annsin 'chuile oíche ag imirt chártaí. Dheamhan gail de'n teine a fuair mé ó a tháinic an t-áirneán ná cuid de ghail
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin 'sa lag pholl tá dubhach annsin. Bíonn mar a bheadh ola ann as a cionn, agus an dúbhach thíos in íochtar. I sean-phortaigh is fhearr a gheobhfá í. Is mór a tóigeadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean lag-phuill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaghadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láighe nó sluasaid agad, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go h-iochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna láigheanntaí, mar bhíodh an-domhainn i gcuid de na puill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agad, chaithfeá an láib a bhaint aiste: ní thiubharfá abhaile leat ach an dubhach. B'fhurasta aithinte an dúbhach. Ní bheadh ort ach a diúrnadh, agus a tabhairt amach ó'n gcuid eile de'n lathach. D'fheicfeá an mearbhall innte i gcomhnaí. Thugadh muid abhaile le ancoird nó le buicéid nó le tubáin, nó rud ar bith ba thúisce agad í. Chuirfeá síos an olann annsin i bpota in éindigh leis an dubhach agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uiliog í. Níor mhór de'n olann a bheith bruithte as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (dionnóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh ní dhathóchadh do chumhachta í. Ní bheadh aon-ghlacadh aice leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an teine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneál brúighte agus measctha. Chaithfeá amach annsin ar chiseoig í, agus nighfeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh annsin í nó go dtriomuigheadh sí. Í a spíonadh annsin. Ba shin é an deis le dath dubh a thabhairt uirre. Dhá mbeitheá ag iarraidh dath buidhe … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
 
Tá an teine ag dul as mara gcaithidh sib cupla fód uirre
 
Ag dul 'un leisce atá tú 'chuile lá. Is gearr nach leigfidh an leisce dhuit an teine a thógáil de chois duine
 
Is beag an dochar dhó rud eicínt a bheith ag dul dó, ag imeacht dhá chailleadh féin chois claidheachaí 'chuile oíche, i leabaidh dhó fanacht istigh faoi theas na teine. Níl a fhios agam beo cé'n sórt súnás a bhíos ar an aos óg seo ag imeacht ar bhóithrí chor ar bith
+
Sílim go mbadh ceart daoib na bráithlíní atá ar an leabaidh sin thuas a chur le teine scaithín. Cheapfainn go bhfuil gaibhte fútha dhá ghoirdeacht ó chodail duine ins an leabaidh cheana. Níl a fhios cé'n fraighliuchas atá ins na ballaí sin thuas.
TUILLEADH (1) ▼
Seomra ar bith nach mbíonn teine ann ach go h-annamh, bíonn sé ar an gcaoi sin. Níl aon-cheo dhá bhfágtar ann nach mbíonn gaibhte faoi ar an bpuinte
 
Chuaidh an teine ó lasadh orm ar maidin, nó go bhfuair mé cupla fód coise isteach as tigh M. le cur innte. Níl sponc ar bith ins an móin sin againn anois
 
Ní thugaimse cluais de leath a gcloisim ag dul tharm, ach is cosamhail in a dheidh sin go raibh údar eicínt leis an luaidreán sin. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, arsa tusa