Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

thar baile isteach (12)

 
Is mór a' chóisir 'bicycles' atá annseo. Chaithfeadh sé go bhfuil daoine thar bhaile isteach ag a' 'time' ('time' = céilidhe, spóirt)
+
Tháinig daoine thar baile isteach chuig an damhsa = daoine nach as an mbaile seo iad; daoine as bailteachaí fharra's an baile a raibh an damhsa ann.
TUILLEADH (4) ▼
Marach a raibh thar baile isteach ann, b'fhurasta iad a chomhaire(amh).
Ní ceart daoine thar baile isteach a leigean a' súdaireacht thart annseo.
Ní leigfeadh an faitchíos d'aonduine thar baile isteach a shrón a shéideadh ariamh ann = bheadh faitchíos ar strainséaraí an áit a thaobhachtáil.
Fear thar baile isteach é = ní as an mbaile seo é.
 
ding
Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir. Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
Nuair a chuaidh sí isteach thar an tairsigh buaileadh an cáca pósta uirre, agus ní raibh aon-tsean-bhean ar an mbaile nar phóg agus nar dheorluigh í. Diabhal a leithide de cheird! Ghlacfadh duine fuath ar an bpósadh nuair a d'fheicfeadh sé a raibh de chóirí catha annsin
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
díol 2
Níl aon-díol faoin domhan nar thug sí orainn, scáth gamhain a dhul isteach i ngarrdha fataí annsin thuas uirre. Má chuaidh féin, ní dhearna sé aon-fhoghail: cupla sracadh le colbh. Is féidir len a cuid-sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingigheann tú anuas aice é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
+
Níl ag dul faoi ná thairis anois ach píosa talmhan' a fháil isteach i gcluasa an bhaile mhóir go dteighidh sé ag garrdhadóireacht agus ag cur "greens". Dar leis, déanfaidh sé saidhbhreas ar mheacna, ar oinniúin agus ar an ngabáiste chatach sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is fusa na rudaí sin a rádh ná a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ag dul faoi ná thairis 'nuair a bhí muid i M. ach a dhul isteach go B. L. go dteigheadh sé ag breathnú ar Mh. Dh. "Meastú cé'n t-am a mbeidh muid ins an mbaile" arsa mise. "Ar maidin" adeir sé. "Má theigheann muid ann, ní leigfidh siad abhaile anocht muid"