Aerighil
—
fonn eirghe-amach; tórtha ar a bheith 'déanamh aeir.
+–
Sí'n aerighil a d'fhág ar a' gcaoi sin é.
Mara n-eirighe tú as do chuid aerighle (aeraola — an fhoghar), ní bheidh rath ná ríoghacht ort choidhchin.
TUILLEADH (11) ▼
Nach fada ó bhaile a thug a chuid aerighle é.
Níl ceannús ceann a' bith uirre, le aerighil.
Tá sí in a ceann-ar-bior le aerighil.
Níl a leithide eile ann, le aerighil.
Tá dhá chroidhe aige, le aerighil.
'Sí chuid aerighle fhéin a d'fhága 'g iarraidh a chodach é
Marach an aerighil bheag atá 'siubhal leis, níl cinneadh 'bith le na chuid ínntreachta (inntleachta)
Ní bheidh aon-fhorás choidhchin air ag a chuid aerighle féin.
Ní fhaca tú duine ariamh a mbeadh an aerighil ann, nach ndéanfadh gna(ithe) maith sa deire.
Is mór de'n aerighil atá 'siubhal leis.
Má bhain seafóid dó, ní as aerighil é.
Aerighil in iontrálacha eile (3)
→
aer
Tá'n t-eirghe amach agus an aerighil caithte in aer aige ó phós sé = bhíodh an-tóir aige bheith siubhaltach agus 'imthighthe' shul (dh)á(r) phós sé, ach d'eirigh sé as sin.
Níl rud a' bith a' cur síos leis ach eirghe-amach a's aerighil = níl aon-suim aige idtada eile.