aeraíl
—
fonn éirí amach; tórtha ar a bheith ag déanamh aeir.
+–
'Sí an aeraíl a d'fhág ar an gcaoi sin é.
Mura n-éirí tú as do chuid aeraíola, ní bheidh rath ná ríocht ort choíchin.
TUILLEADH (11) ▼
Nach fada ó bhaile a thug a chuid aeraíola é.
Níl ceannús ceann ar bith uirthi, le aeraíl.
Tá sí ina ceann ar bior le aeraíl.
Níl a leithide eile ann le aeraíl.
Tá dhá chroí aige le aeraíl.
'Sí a chuid aeraíola fhéin a d'fhága ag iarraidh a chodach é.
Murach an aeraíl bheag atá ag siúl leis, níl cinneadh ar bith lena chuid intreachta (intleachta)
Ní bheidh aon fhorás choíchin air ag a chuid aeraíola féin.
Ní fhaca tú duine ariamh a mbeadh an aeraíl ann nach ndéanfadh gnaithe maith sa deireadh.
Is mór den aeraíl atá ag siúl leis.
Má bhain seafóid dó, ní as aeraíl é.
aeraíl in iontrálacha eile (5)
→
framsóg
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
→
aer
Tá an t-éirí amach agus an aeraíl caite in aer aige ó phós sé — bhíodh an-tóir aige bheith siúltach agus imithe shular phós sé, ach d'éirigh sé as sin.
Níl rud ar bith ag cur síos leis ach éirí amach agus aeraíl — níl aon suim aige i dtada eile