Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aeramáil
eirghe in áirde; súnás siamsa; splanncuighthe (ch)un spóirte, damhsa agus rl. giodam.
+
Bhí aeramáil éicínt faoi (Tomás Bairéad Muighcuilinn) = bhí eirghe in áirde air; bhí súnás siamsa air; bhí sé beo-phianta mara bhfaghadh sé ughdar siamsa.
Cé'n aeramáil atá faoi chor a' bith.
TUILLEADH (6) ▼
Sí'n aeramáil sin a fhágfas ballaí fuara aige fhéin.
Níl coimheas a' bith leis le aeramáil = ta sé leath-éadtrom le eirghe in áirde.
Is mairg nach dtiubhradh cead aeramála dhó: feicfe tú fhéin air, go múinfe an saoghal é, agus nach múineadh in aisce é, ach an oiread.
Dhá mhéad aeramáil dhá bhfuil faoi, ní leigeann sé aon-lúib síos in a ghnaithí.
Aeramáil a's eirghe in áirde a chuirfeas de dhruim tighe é, mara dtuga sé aire thar cíonn dó féin.
Tá sé in am aige feasta choidhchin, roinnt céille a bheith aige, agus eirghe as an aeramáil.