Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aermáil
éirí in airde; súnás siamsa; splancaithe chun spóirte, damhsa srl. giodam.
+
Bhí aermáil éicínt faoi (Tomás Bairéad, Maigh Cuilinn) — bhí éirí in airde air; bhí súnás siamsa air; bhí sé beophianta mura bhfaigheadh sé údar siamsa.
Cén aermáil atá faoi chor ar bith.
TUILLEADH (6) ▼
'Sí an aermáil sin a fhágfas ballaí fuara aige fhéin.
Níl cuibheas ar bith leis le aermáil — tá sé leathéadrom le éirí in airde.
Is mairg nach dtabharfadh cead aermála dhó: feicfidh tú fhéin air go múinfidh an saol é agus nach múineadh in aisce é ach an oiread.
Dhá mhéad aermáil dhá bhfuil faoi, ní ligeann sé aon lúib síos ina ghnaithí.
Aermáil agus éirí in airde a chuirfeas de dhroim tí é mura dtuga sé aire thar cionn dó féin.
Tá sé in am aige feasta choíchin roinnt céille a bheith aige, agus éirí as an aermáil.