Aermuidheacht
—
ag eirghe-amach, agus a' déanamh aeir. (Baintear leas as corr-uair, i leaba "ag déanamh aeir" — aon-rud amháin iad, ach gur coitchiannta an leagan deire.)
+–
Tá sé ag aermuidheacht = a' deanamh aeir.
Chaith mé an lá ag aermuidheacht dom fhéin, abuil na fámuirí, i mBóthar na Trágha.
TUILLEADH (5) ▼
Nach é atá tórtha ar an aermuidheacht i gcomhnuidhe? = nach air atá an fonn aermuidheachta i gcomhnuidhe.
Áit dheas aermuidheachta an áit sin.
Is mór an áit aermuidheachta é Bóthar na Trágha chuile shamhradh.
Is beag aermuidheacht' a rinne sé, ná d'fhéad sé a déanamh le blianta beaga anuas.
Ní raibh an súnás (saobhnós?) ná'n aermuidheacht seo ar na daoine ariamh go dtí an saoghal seo fhéin.