aermaíocht
—
ag éirí amach agus ag déanamh aeir. Baintear leas as corruair i leaba ag déanamh aeir; aon rud amháin iad ach gur coitianta an leagan deiridh.
+–
Tá sé ag aermaíocht — ag déanamh aeir.
Chaith mé an lá ag aermaíocht dom fhéin abuil na fámairí i mBóthar na Trá.
TUILLEADH (5) ▼
Nach é atá tórtha ar an aermaíocht i gcónaí? — nach air atá an fonn aermaíochta i gcónaí
Áit dheas aermaíochta an áit sin.
Is mór an áit aermaíochta é Bóthar na Trá chuile shamhradh.
Is beag aermaíochta a rinne sé, ná a d'fhéad sé a déanamh, le blianta beaga anuas.
Ní raibh an súnás (saobhnós) ná an aermaíocht seo ar na daoine ariamh go dtí an saol seo fhéin.