Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ágrughadh (agairt)
Féach Foclóir an Duinnínigh — agairt, agair, agar
sásamh nó díoghaltas a bhaint amach; rud a thógáil suas; tromadh, nó teacht anuas ar dhuine.
+
Nár ágruighidh Dia ort é, bheith cainnt mar sin! = nar thaga Dia anuas ort, nar bhaine Dia dioghaltas díot faoi'n gcainnt sin!
Nár agruighidh Dia air, a rádh go bhfuil airgead agamsa!
TUILLEADH (14) ▼
Nár agruighidh Dia ort a shamhlú liomsa, go bhfuair mé tada dhá bhárr!
Nár ágruighidh Dia do chuid gársamhlacht' ort!
Nár ágruighidh Dia do chuid gráiscínteacht' ort (do chuid eascainidhe mionna mór etc. Féach gráiscínteacht).
Nár agruighidh Dia do chionnta (do pheacaidhe, do chuid droch-mhúineadh etc) ort!
Nár ágruighidh Dia ort a bheith ar a' gcainnt sin!
Nár ágruighidh Dia ort a bheith ar a' gcaoi atá ort!
Nar ágruighidh Dia 'chuid bréag air!
Nar ágruighidh Dia orainn é, mara gnaoidheamhail a' chainnt atá tarraingthe 'nuas a'inn!
Nár agruighidh Dia air, 'bheith chomh dona dhá chomhursa!
Nar agruighe Dia orainn é, an lá deire!
Nar agruighidh dia orainn é, ar uair ar mbáis!
Nár leige Dia, go n-ágróchadh Dia ar bpeacaidhe orainn!
Nar agruighe Dia orm é, bhuail mé é
Nar agruighe Dia air a dhul a' fiacha ar a' gcréatúr bocht sin!
+
D'ágru(igh) Dia air 'bheith chomh dona sin dó fhéin.
Nach bhfuil fhios agad go maith gur ágru(igh) Dia ar dhuine, anshógh mar sin a leigean air fhéin — tús na breithe ag Mac Dé.
TUILLEADH (6) ▼
D'ágru(igh) Dia as a dheire air, an chréatúlacht a rinne sé ar dhaoine bochta.
D'ágru(igh) Dia air — d'ágru(igh) sin — an éagcóir a rinne sé féin.
Ar chuala tú an chaoi ar ágru(igh) Dia ar bhean a' leanna fadó é, nuair nach dtugadh sí an tomhas (tus) ceart uaithe — níl peacadh 'bith is measa ná peacadh an tomhais. (Sean-scéal atá i gceist annsin. Casadh bean d'fhear agus é siubhal ar an sliabh. Bhí ceaig dhá iomchur aice, agus thairg mo dhuine é thabhairt scathamh di. Dubhairt sí leis nach mbeadh aon ghoir aige, feannc a bhaint as, ar a' talamh; go raibh na mílte galún ann a bhain sí amach le éagcóir ar feadh a saoghail, agus go gcaithfeadh sí iad 'iomchur nó go mbeadh a peirfhiachaí dhi aice)
Mara n-ágruighe Dia an meadhchan cam uirre, bíodh sí buidheach (meadhchan cam = meadhchan uireasbhach)
Marar ágru(igh) Dia, an éagcóir a rinne sé ar bhaintreabhchaí agus ar dhilleachtaí air-sean, is aoibhinn dúinne!
Is mór atá len ágairt ag dia air, diúltuigheamuide dó! = is mór iad a chionnta agus a pheacaidhe, agus nar leige Dia go mbeadh sé de smál orainne a fhaisean a leanacht!