Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
agair
fc. Foclóir an Duinnínigh, agairt, agair, agar
sásamh nó díoltas a bhaint amach; rud a thógáil suas; tromú nó teacht anuas ar dhuine.
+
Nár agraí Dia ort é bheith ag caint mar sin! — nár thaga Dia anuas ort, nár bhaine Dia díoltas díot faoin gcaint sin!
Nár agraí Dia air a rá go bhfuil airgead agamsa!
TUILLEADH (14) ▼
Nár agraí Dia ort a shamhlú liomsa go bhfuair mé tada dhá bharr!
Nár agraí Dia do chuid gáirsiúlachta ort!
Nár agraí Dia do chuid gráiscínteachta ort (do chuid eascainí, mionna mór, srl.; fc. gráiscínteacht)
Nár agraí Dia do chionta (do pheacaí, do chuid drochmhúineadh srl.) ort!
Nár agraí Dia ort a bheith ar an gcaint sin!
Nár agraí Dia ort a bheith ar an gcaoi atá ort!
Nár agraí Dia a chuid bréag air!
Nár agraí Dia orainn é mura gnaíúil an chaint atá tarraingthe anuas againn!
Nár agraí Dia air a bheith chomh dona dhá chomharsa!
Nár agraí Dia orainn é an lá deireadh!
Nár agraí Dia orainn é ar uair ár mbáis!
Nár lige Dia go n-agródh Dia ar bpeacaí orainn!
Nár agraí Dia orm é, bhuail mé é
Nár agraí Dia air a dhul ag fiachadh ar an gcréatúr bocht sin!
+
D'agraigh Dia air a bheith chomh dona sin dó fhéin.
Nach bhfuil a fhios agat go maith gur agraigh Dia ar dhuine anó mar sin a ligean air fhéin — tús na breithe ag mac Dé.
TUILLEADH (6) ▼
D'agraigh Dia as a dheireadh air an chréatúlacht a rinne sé ar dhaoine bochta.
D'agraigh Dia air — d'agraigh sin — an éagóir a rinne sé féin.
Ar chuala tú an chaoi ar agraigh Dia ar bhean an leanna fadó é nuair nach dtugadh sí an tomhas (tus) ceart uaithi — níl peaca ar bith is measa ná peaca an tomhais. (Seanscéal atá i gceist ansin. Casadh bean d'fhear agus é siúl ar an sliabh. Bhí ceaig dhá iompar aici agus thairg mo dhuine é a thabhairt scaitheamh di. Dúirt sí leis nach mbeadh aon ghair aige feanc a bhaint as ar an talamh; go raibh na mílte galún ann a bhain sí amach le éagóir ar feadh a saoil agus go gcaithfeadh sí iad a iompar nó go mbeadh a peiriachaí dhi aice)
Mura n-agraí Dia an meáchan cam uirthi, bíodh sí buíoch (meáchan cam = meáchan uireasach)
Murar agraigh Dia an éagóir a rinne sé ar bhaintreachaí agus ar dhílleachtaí airsean, is aoibhinn dúinne!
Is mór atá le n-agairt ag Dia air, diúltaí muide dó! — is mór iad a chionta agus a pheacaí agus nár lige Dia go mbeadh sé de smál orainne a fhaisean a leanacht!

agair in iontrálacha eile (29)

 
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
+
ceas
Nár agraí Dia ort é, ceas mar sin a chur ort fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
D'agródh Dia ar dhuine é, a chuirfeadh ceas air fhéin mar sin, le n-íosfadh sé.
 
Nár agraí Dia oraibh é a bheith ag déanamh grinn faoi! Cén neart atá aige air má tá claonfhéachaint fhéin ann? Nach in é gnaithí Dé
 
I nDomhnach níorbh fholáir do ghasúr a bheith cuisneach go maith lena chur chun scoile agus an aimsir atá ann. Chonaic mé deoraí beag de ghasúr atá ag M. Mh. ag dul anoir inné, agus é ina ghoróirín leis an bhfuacht. Nár agraí Dia air a dhul ag cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht agus faoi dheallradh!
 
aire
Tugadh sé aire dhó fhéin agus b'fhéidir nach mór dhó sin. Mura n-agraí Dia air é, bíodh sé buíoch.
 
anam
Agróidh Dia ort breithiúnas anama a thabhairt ar chréatúr ar bith mar sin.
 
anó
Agróidh Dia air é a láimh a thógáil ag créatúr a raibh anó air — bainfidh Dia sásamh dhe faoi rá is fear éalangach a bhualadh; foilseoidh Dia é féin air faoi dhul ag fiachadh ar fhear cithréimeach
 
Mura n-agraí Dia a pheacaí airsean, is aoibhinn dúinne — mura gcuire Dia peiriachaí airsean, rachaidh muide go flaithis
 
Dar príosta dhá mbeadh a chuid ag féithiú chomh maith le chuile dhuine agus atá sé leis sin, ní bheadh mórán ag casaoid. Dhá mba lachain a cheannódh sé, rithfidís leis. Is gránna an rud do dhuine mar sin a bheith ag ceasacht. Agróidh Dia air é, tús na breithe aige féin!
 
Is iontas é nach n-agródh Dia orthu é agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
 
Tá sé ina fhudar fadar ó dúirt tú é sin leis. Dheamhan a fhios aige ina luí nó ina shuí atá sé, agus maidir le obair, níl sé ach breathnú uirthi. D'agródh Dia ort a bheith ag cumadóireacht do dhuine bhocht ar bith mar sin
 
daba
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nár agraí Dia oraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag madraí agus chomh dona is atá an saol
 
daor 2
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
 
Fág faoi Dhia é. Tá a dheireadh féin roimhe. Má rinne sé an chréatúlacht, agróidh Dia air é
 
Mo dhiomdha dhuit le caint a bheith ort! Agróidh Dia ort a bheith ar an ngráiscínteacht sin i gcónaí. Is mór an úis thú!
 
Más airgead dlisteanach é, tá cead aige a rogha rud a dhéanamh leis, ach más airgead mailíseach é, b'fhearr dhó báite sa bpoll is doimhne sa bhfarraige é. Agróidh Dia ar fhear na mailíse é luath nó mall
 
dris
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin ina dhris chosáin i gcónaí romhainn. Nuair a d'fhéach muid le na dá ghabháltas a thabhairt d'aon duine amháin anseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaigh sé d'aon uaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneáil. Anois aríst nuair a bhí an tseanbhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha dúinn agus chuaigh sé siar de mhaoil a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nár agraí Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buíoch dó ar chaoi ar bith
 
Tá chuile ní ceart ach é sin: duine ag tabhairt droch-chor dó fhéin. D'agródh Dia ar dhuine é cuimhniú amháin air sin gan trácht ar a athrú
+
droim
Agus tá an iníon ag dul ag pósadh an spreallaire sin, théis a bhfuil de mhílte aici. Cén chaoi a dtaitníonn sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aicearra an chait thríd an ngríosaigh ar spré na hiníne. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agródh sé air é. Chaith sé a shaol ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bheas an cliamhain siúd ag dul thrína chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrí. Is dual di fearadh i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agat céard a chuir de mo dhroim ceart críochnaithe mé, an chaint a chaith tusa. Well, bhí mé siúráilte glan nach bhfeicfinn aon amharc go brách aríst air. Is mór an ní a dhul ag baint mealladh as duine mar sin. D'agródh Dia ort é bíodh a fhios agat
 
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois acu! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois acu. Bíonn cothromacan síne na huaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagóir, agróidh Dia air é luath nó mall
 
Mura n-iarra siad an déirce in onóir Dé agus Mhuire, ní agróidh Dia ort gan a tabhairt dóibh
 
Is beag an dochar don aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcontae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-aifreann, agus gur thosaigh sé ag rá nach raibh Dia ar bith ann. 'Agróidh Dia ort é,' adeir Árannach a bhí abuil mé
+
An ag dul ag déanamh tréatúlacht ar an dílleachta bocht sin a ghabhfadh sé. Má ghníonn, tá Dia thuas agus agróidh sé air é, míle buíochas leis féin
TUILLEADH (1) ▼
Agróidh Dia é ar dhuine ar bith a chuaigh ag fiachadh ar na dílleachtaí bochta sin. Déarfá gur beag an tsúil le Dia a bhí aige agus a dhul dhá dhéanamh
 
díol 2
Mura bhfuil díol a fhreastail muis ag máistir scoile, is trua ghéar do thuilleadh. Nár agraí Dia ort é a mháistir. Ag imeacht as do chranna cumhachta atá tú lena bhfuil agat. Tá tú fearacht na n-uaisle ar fad …
 
Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith díoltasach. Agróidh Dia é féin air, má bhíonn sé go dona. Ar chuala tú ariamh é: más feall filltear
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh di é, má rinne sí leathchuma ar na dílleachtaí. Ní cheideonaí liom ar a dtiocfaidh agus ar a dtáinig leithphínn rua a chur as dóibh. Bheadh faitíos orm go n-agródh Dia orm é