Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Agús
féach Foclóir a' Duinnínigh
1.
biseach ar chainnt; leagan ar chainnt streille ar scéal.
+
Is maith a chaithfeadh sé agús a chuir sa scéal = tuille a chuir leis, nó streille a chuir air a d'fheilfeadh é féin.
Níor chuir mé an t-agús sin sa gcainnt beag ná mór.
TUILLEADH (11) ▼
Tá agús eicínt eile ann fharrus sin = déarfaidhe seo, nuair a ceapfaidhe nach mbeadh duine ag innseacht scéil in iomlán, nó go mbeadh sé 'cur craicinn air dhó fhéin.
Ní taobh le agús a bhí sé aige shul má bhí sé réidh; ach bhí an scéal as a chuma uilig aige.
Chuirfeadh sí sin cainnt a' bith as cumraidheacht le agúsachaí dhá cuid fhéin.
'Sé atá indon an fhírinne a chuir as a riocht: níl scéal a' bith nach mbíonn gacha le agús aige fhéin ann.
Cé'n sórt agús é sin a chuir sé fhéin ann.
Ná géill (dh)ó! É féin a chuir a't-agús sin ann.
Bhí sé 'cur agúsachaí ann, nó nach raibh fhios agamsa, cé'n chaoi raibh an scéal as a dheire.
Ní raibh sé ariamh fhéin indon scéal a innseacht gan agús a chuir ann.
Chuir sé é sin freisin san agús = dubhairt sé é sin freisin; thug sé síos é sin.
Nuair a bhío(nn)s siad a' baint trí bhuaic de na h-aiséadaigh, deireann siad paidreachaí, agus cuireann siad leigheas duine a's beithidheach 'san agús freisin = iarrann siad go mbeadh leigheas duine agus beithidheach 'sna beanna a bhaintear d'aiséadaigh cuirp agus iad dhá chur sa gcon(t)ra.
Tá leigheas duine agus beithidheach ann (i mbeanna an aiséadaigh) agus 'chuile shórt eile a chuirfeá san agús = adéarfá; nó leigheas rud a' bith eile a d'iarrfá.
2.
conntar.
+
Chuir sé agús san udhachta, dhá bpósadh aon-duine do chlann Mháirdhia, go sroichfeadh an t-airgead uilig do mhac a dhearbhráthra (agús annseo = conntar)
Fainic nach bhfuil agús fharrus sin sa margadh.
TUILLEADH (4) ▼
Bheadh an socrú sin ceart go leor, marach go bhfuil agús ann go bhféadfa sé muid a chuir as seilbh, aon-uair is breagh leis é.
Is dona a chruthuigh tú nar chuir an méid sin san agús freisin = ba cheart duit an méid sin a rádh, nó a chuir sa gcainnt, nó de chonntar sa margadh
Seachain a bhfágfá an chainnt sin as an agús, nó ní bheadh cuma ná caoi uirre.
Feicfe tú fhéin air, go gcuirfe an t-aturnae, cuile mhíle nidh san agús — sin í a ghna(ithe)!

Agús in iontrálacha eile (7)

 
cabach
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é chloisteáil! Cuirfe sí sin anois a leagan fhéin air. Níor leig sí aon-scéal uaithe fós ariamh gan agús a chuir ann.
+
Chaithfeadh sé agús a chuir ann le na chuid áidhbhéil = déarfaidhe seo, nuair a chuirfeadh duine eicínt fhearr a's barr ar scéal nach raibh air ó cheart.
TUILLEADH (1) ▼
É féin a chuir an t-agús sin ann. Is beag dhá chuid áidhbhéil é.
 
Anois céard deir tú leis a' mbréagadóir sin isteach — nach deas uaidh agús a chuir igcainnt?
 
fuar 2
Thug sí a dearg-éitheach ó a bhain sí asam é. Ní shin é an t-údar bruite ná fuar. Nach maith a chaifeadh sí streille a chur ar an scéal anois. Dheamhan a bhfaca mé ariamh fhéin í, nach mbeadh agús aice is chuile shórt.
 
dochar
Ag iarraidh an dochair a bhaint as a chuir sé an t-agús sin ann. Thuig sé go raibh an anachain déanta aige, agus an tairnge ins an mbeo
 
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcomhnuí. Níl sé mórán le mí ó shoin — an bhfuil — ó leagadh na claidhtheachaí annseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte do'n tsáirsint an uair sin, agus dubhairt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nar chorruigh sé as go dtí an dó dhéag agus nar casadh aon-duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ar) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam annseo in a dteine bhruithte, agus chuaidh siad go bog agus go cruadh orm ag fiafruighe dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathuidheacht leo, agus níor leig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is annsin adubhairt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann cho maith liomsa atá pósta aice, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé in a dheidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ar) n-aghaidh siar, arae mara dteigheadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon-ghoir aige a rádh go rabh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphighne as do'n fhear chroidhe ariamh ach tá an aicís aige dhom in a dheidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhreám