agús
—fc. Foclóir an Duinnínigh
1.
biseach ar chaint; leagan ar chaint streille ar scéal.
+–
Is maith a chaithfeadh sé agús a chur sa scéal — tuilleadh a chur leis, nó streille a chur air a d'fheilfeadh é féin
Níor chuir mé an t-agús sin sa gcaint beag ná mór.
TUILLEADH (11) ▼
Tá agús eicínt eile ann thairis sin — déarfaí seo nuair a ceapfaí nach mbeadh duine ag inseacht scéil in iomlán, nó go mbeadh sé ag cur craicinn air dhó fhéin
Ní taobh le agús a bhí sé aige shul má bhí sé réidh; ach bhí an scéal as a chuma uilig aige.
Chuirfeadh sí sin caint ar bith as cumraíocht le agúsachaí dhá cuid fhéin.
'Sé atá in ann an fhírinne a chur as a riocht: níl scéal ar bith nach mbíonn gacha le agús aige fhéin ann.
Cén sórt agús é sin a chuir sé fhéin ann.
Ná géill dhó! É féin a chuir an t-agús sin ann.
Bhí sé ag cur agúsachaí ann nó nach raibh a fhios agamsa cén chaoi raibh an scéal as a dheireadh.
Ní raibh sé ariamh fhéin in ann scéal a inseacht gan agús a chur ann.
Chuir sé é sin freisin san agús — dúirt sé é sin freisin; thug sé síos é sin.
Nuair a bhíonns siad ag baint trí bhuaic de na haiséadaigh, deireann siad paidreachaí agus cuireann siad leigheas duine agus beithíoch san agús freisin — iarrann siad go mbeadh leigheas duine agus beithíoch sna beanna a bhaintear d'aiséadaigh coirp agus iad dhá chur sa gcón(t)ra
Tá leigheas duine agus beithíoch ann (i mbeanna an aiséadaigh) agus chuile shórt eile a chuirfeá san agús — adéarfá; nó leigheas rud ar bith eile a d'iarrfá
2.
cuntar.
+–
Chuir sé agús san uachta, dhá bpósadh aon duine de chlann Mháirdhia, go sroichfeadh an t-airgead uilig do mhac a dhearthára (agús anseo = cuntar)
Fainic nach bhfuil agús tharas sin sa margadh.
TUILLEADH (4) ▼
Bheadh an socrú sin ceart go leor murach go bhfuil agús ann go bhféadfaidh sé muid a chur as seilbh aon uair is breá leis é.
Is dona a chruthaigh tú nár chuir an méid sin san agús freisin — ba cheart duit an méid sin a rá, nó a chur sa gcaint, nó de chuntar sa margadh
Seachain a bhfágfá an chaint sin as an agús nó ní bheadh cuma ná caoi uirthi.
Feicfidh tú fhéin air go gcuirfidh an t-aturnae cuile mhíle ní san agús — sin í a ghnaithe!
agús in iontrálacha eile (7)
→
cabach
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é a chloisteáil! Cuirfidh sí sin anois a leagan fhéin air. Níor lig sí aon scéal uaithi fós ariamh gan agús a chur ann.
+
Chaithfeadh sé agús a chur ann lena chuid áibhéil — déarfaí seo nuair a chuirfeadh duine eicínt farasbarr ar scéal nach raibh air ó cheart
TUILLEADH (1) ▼
É féin a chuir an t-agús sin ann. Is beag dhá chuid áibhéil é.
→
isteach
Anois céard adeir tú leis an mbréagadóir sin isteach — nach deas uaidh agús a chur i gcaint?
→
fuar 2
Thug sí a deargéitheach ó bhain sí asam é. Ní hin é an t-údar bruite ná fuar. Nach maith a chaithfeadh sí streille a chur ar an scéal anois. Dheamhan a bhfaca mé ariamh fhéin í, nach mbeadh agús aici i chuile shórt.
→
dochar
Ag iarraidh an dochair a bhaint as a chuir sé an t-agús sin ann. Thuig sé go raibh an anachain déanta aige agus an tairne sa mbeo
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcónaí. Níl sé mórán le mí ó shin — an bhfuil — ó leagadh na claíochaí anseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte don tsáirsint an uair sin, agus dúirt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nár chorraigh sé as go dtí an dó dhéag agus nár casadh aon duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ár) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam anseo ina dtine bhruite, agus chuaigh siad go bog agus go crua orm ag fiafraí dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathaíocht leo, agus níor lig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is ansin adúirt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann chomh maith liomsa atá pósta aici, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé ina dhiaidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ár) n-aghaidh siar, arae mura dtéadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon ghair aige a rá go raibh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphínne as don fhear chroí ariamh ach tá an aicis aige dhom ina dhiaidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhream