Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aipeachan, aibiúchan, aibiughadh
+
Tá na spíonáin ag aibiughadh leo (Cois-fhairrge)
Tá an t-arbhar ag aibiúchan (aipiúchan freisin) (Achréidh)
TUILLEADH (7) ▼
Is gearr uatha(b) aibeachan (aipeachan) anois = is gairid go mbí siad aipthe (Áiteacha faoi Chonamara)
Níor thug sé aon-ionbhadh aibiúchain dó! (Achréidh) = níor thug sé am aibiúchain dó.
'Sé an sean-aibiughadh anois aige! = déarfaidhe seo nuair a chainnteochaidhe ar bharr nó ar thoradh eicínt a bheith aibidh, agus é bheith thar am aige a bheith amhlaidh
Tá'n eorna mall ag aibiughadh imbliadhna, arae is beag an ghrian a fuair sí
Seán: tá'n eorna aibidh; Tomás: aibigheadh sí léithe go mbí sí tuirseach! Nuair a bheidheas muid réidh (ch)uice, bainfeamuid í.
Bíonn an oiread forrú agus uathbháis air, agus go mbainfeadh sé an t-arbhar chul (shul) (dh)á mbeadh leath-aibiú air = an oiread deifre agus faitchís nach mbeadh aon-bhreith aige ar é 'bhaint aríst.
Is maith leis a bheith chomh mór sin as cíonn a ghnaithí agus idtosach ar 'chuile dhuine eile i gcomhnuidhe, agus nach leigfe sé cead aibiú dhó (bíonn duine as cíonn a ghnaithí nuair a bhíos sé in am le 'chuile obair, agus a dhéanfas sé freastal do chuile shórt idtráth)