—
+–
Tá na spíonáin ag aibiú leo (Cois Fharraige)
Tá an t-arbhar ag aibiúchan (Achréidh)
TUILLEADH (7) ▼
Is gearr uathub aibeachan anois — is gairid go mbí siad aibthe (áiteacha faoi Chonamara)
Níor thug sé aon ionú aibiúchain dó! (Achréidh) — níor thug sé am aibiúchain dó.
'Sé an seanaibiú anois aige! — déarfaí seo nuair a chainteofaí ar bharr nó ar thoradh eicínt a bheith aibí agus é bheith thar am aige a bheith amhlaidh
Tá an eorna mall ag aibiú i mbliana, arae is beag an ghrian a fuair sí
Seán: tá an eorna aibí; Tomás: aibíodh sí léithe go mbí sí tuirseach! Nuair a bheas muid réidh chuici, bainfidh muid í.
Bíonn an oiread furú agus uafáis air agus go mbainfeadh sé an t-arbhar chul (shul) dhá mbeadh leathaibiú air — an oiread deifre agus faitís nach mbeadh aon bhreith aige ar é a bhaint aríst.
Is maith leis a bheith chomh mór sin os cionn a ghnaithí, agus i dtosach ar chuile dhuine eile i gcónaí, agus nach ligfidh sé cead aibiú dhó (bíonn duine os cionn a ghnaithí nuair a bhíos sé in am le chuile obair agus a dhéanfas sé freastal do chuile shórt i dtráth)
aibigh in iontrálacha eile (12)
+
→
aibí
Tá an coirce aibí anois
TUILLEADH (9) ▼
Níl na spíonáin aibí fós.
Beidh na cnónnaí aibí lá ar beith feasta
Baineann sé an coirce shul ó bhíonn sé baol air sách aibí — Cois Fharraige; nó shula mbíonn baol ar bith aibiú air (shul = chul), Cois Fharraige), baineann sé an coirce glas.
Ná bac le é a bheith aibí! Ní raibh sé i gcraoibh fhéin nuair a bhain sé é.
Tá sé thar a bheith aibí. Tá sé ag titim dhá cheann — tá sé ag sceitheadh an ghráinne
Putach aibí go leor é — tá sé seanórtha nó géarchúiseach dhá aois.
Nach aibí an mhaise dhuit é! — nach géarchúiseach nó seanórtha an mhaise dhuit é
Tá sé ró-aibí ar fad dhá aois — rósheanórtha
Ní raibh lá forfháis ariamh ar pháiste a bheadh aibí roimhe a aois ariamh — ní dhearna páiste seanórtha aon fhorfás (aon dul chun cinn, aon mhaith)
→
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh do Ph. Ph. í a phósadh anois. Tá teach agus geadáinín talúna aici, agus dheamhan achar ar bith go mbeidh sí ag fáil an phinsean. Mullach an diabhail dó, nach bhfuil sí sách maith aige, má tá aois féin uirthi. Dar príosta is maith aibí an seanpháiste é P. féin feasta choíchin.