Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aithghiorra
féach foclóir an duinnínigh — aithgearra
foghar aiciorra
bealach gearr; a dhul treasna páirce nó réidh-chosáin, le aistear a ghiorrú, agus le timcheall a sheachaint. Deirtear "bealach aithgiorra" agus "bealach aic" (Muigh Cuilinn), "cosán aithgiorra" "bóithrín aithgiorra" etc go minic. ("Casán aithgiorrach" freisin).
+
Má's cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór a' t-aith-ghiorra (sean-fhocal)
Tá aithgiorra mhór annsin, fharrus a dhul timcheall a' bóthar.
TUILLEADH (12) ▼
Teirigh an t-aithgiorra agus ná bí cur timchill ort fhéin.
Tá'n t-aithgiorra ro-achrannach le dhul ann 'san oidhche = ní mó ná dhá mbeadh a' lá agad, go bhféadfá a dhul a' t-aithgiorra mar tá sé an-mhío-thapamhail.
Chuaidh mé amudha ar an aithgiorra, pé'r bith céard a bhain dom, maran ciméar a' bith 'bheadh orm.
Mara 'bhfuil treoruidheacht mhaith ionnad, níl aon-ghna(ithe) an t-aithgiorra anocht agad.
Níl sé achar a' bith an t-aithgiorra; ní bheitheá achar a' bith a' dul ann, a' t-aithgiorra = níl sé i bhfad as láthair le dhul an t-a. go dtí é.
Má theigheann tú an t-aithgiorra, beidh tú ann ar a' bpuínnte.
Tá sé chomh maith dhuinn a dhul an timcheall, scáth an t'aithgiorra atá ann.
Ní aithgiorra a' bith dhuit é sin, ach timcheall — agus timcheall sraimlidhe freisin.
Nuair nach bhfuil eolas na tíre, ná fios na n-aithgiorraí agad, bainfe sé scathamh dhuit a dhul ann.
Ní fiú dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an aithgiorra céadna, agus gan fhios agad, cé'n mhío-thapa a d'eireochadh dhuit, a' dul thar na claidhtheachaí bradacha sin.
Fuair mise mo dhóthain de'n aithgiorra sin cheana.
Níor chuidigh an t-aithgiorra sin tada le mo chnámha-sa = aithgiorra achrannach é, agus leagtaí é.
·
Tá casán aithgiorra (bóithrín aithgiorra, bealach aithgiorra, bealach 'aic') ó'n taobh ó thuaidh ann.
+
'Dhéanfainn casán aithgiorra (aithgiorrach) go dorus tighe mo stóirín' (líne as amhrán)
Rinne mé aithgiorra thrídh na guirt = ghearr mé aithgiorra treasna na ngort.
TUILLEADH (1) ▼
Dhéanfá aithgiorra mór, le briseadh treasna ag tigh Riocaird.

Aithghiorra in iontrálacha eile (2)

 
cora
Níl cinneadh 'bith leo(b) le faltanas, a's aicís. Meastú nar thóig siad an charra orainn an tseachtmhain seo caithte, faitchíos a' ndéanfadh sí éascaidheacht ná aithghiorra 'bith dhuinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch. an áit a mbíodh muid a' baint fhraoigh ann.
 
Sílim go bhfuil sib réidh le aithghiorra a dhéanamh sa gcasán siúd níos mó. Tá'n mhaol-bhearna tóigthe biorruighthe aige ó indé, a's chuala mé gur bhac sé daoine a dhul ann indé fhéin.