—
bealach gearr; a dhul trasna páirce nó réchosáin le aistear a ghiorrú agus le timpeall a sheachaint. Deirtear "bealach aicearra" agus "bealach aic" (Maigh Cuilinn), "cosán aicearra" "bóithrín aicearra" srl. go minic; "cosán aicearrach" freisin.
+–
Más cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór an t-aicearra (seanfhocal)
Tá aicearra mhór ansin tharas a dhul timpeall an bóthar.
TUILLEADH (12) ▼
Téirigh an t-aicearra agus ná bí ag cur timpill ort fhéin.
Tá an t-aicearra ró-achrannach le dhul ann san oíche — ní mó ná dhá mbeadh an lá agat go bhféadfá a dhul an t-aicearra mar tá sé an-mhíthapúil.
Chuaigh mé amú ar an aicearra pé ar bith céard a bhain dom, muran ciméar ar bith a bheadh orm.
Mura bhfuil treoraíocht mhaith ionat, níl aon ghnaithe an t-aicearra anocht agat.
Níl sé achar ar bith an t-aicearra; ní bheifeá achar ar bith ag dul ann an t-aicearra — níl sé i bhfad as láthair le dhul an t-aicearra go dtí é
Má théann tú an t-aicearra, beidh tú ann ar an bpointe.
Tá sé chomh maith dhúinn a dhul an timpeall, scáth an t-aicearra atá ann.
Ní aicearra ar bith dhuit é sin ach timpeall — agus timpeall sraimlí freisin.
Nuair nach bhfuil eolas na tíre, ná fios na n-aicearraí agat, bainfidh sé scaitheamh dhuit a dhul ann.
Ní fiú dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an aicearra céanna agus gan fhios agat cén mhíthapa a d'éireodh dhuit ag dul thar na claíochaí bradacha sin.
Fuair mise mo dhóthain den aicearra sin cheana.
Níor chuidigh an t-aicearra sin tada le mo chnámhasa — aicearra achrannach é, agus leagtaí é
·
Tá cosán aicearra (bóithrín aicearra, bealach aicearra, bealach aic) ón taobh ó thuaidh ann.
+–
"Dhéanfainn cosán aicearra (aicearrach) go doras tí mo stóirín" (líne as amhrán)
Rinne mé aicearra thrí na goirt — ghearr mé aicearra trasna na ngort
TUILLEADH (1) ▼
Dhéanfá aicearra mór le briseadh trasna ag tigh Riocaird.
aicearra in iontrálacha eile (20)
→
ciseach
Ní raibh na daoine ina gciseach ariamh go dtí anois, muis, má tá i ndán is go gcaithfidh siad, fanacht as an aicearra agus a dhul an timpeall.
+
→
cora
Más aicearra ná aicearra anois é, ní bealach í an chora le dhul uirthi san oíche.
TUILLEADH (1) ▼
Níl cinneadh ar bith leob le faltanas agus aicis. Meas tú nár thóg siad an chora orainn an tseachtain seo caite, faitíos an ndéanfadh sí éascaíocht ná aicearra ar bith dhúinn anoir ar chuid (talamh) C. Uí Ch., an áit a mbíodh muid ag baint fhraoigh ann.
+
→
bealach
'Sé bealach an mhí-áidh é, an t-aicearra céanna, lena dhul ann san oíche — bealach achrannach nó dona críochnaithe; "bealach céasta é".
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-aicearra é ach eolas an bhealaigh a bheith agat.
→
bioraím
Sílim go bhfuil sibh réidh le aicearra a dhéanamh sa gcosán siúd níos mó. Tá an mhaolbhearna tógtha bioraithe aige ó inné, agus chuala mé gur bhac sé daoine a dhul ann inné fhéin.
Is aicearraí go mór é ná an bóthar eile, ach tá a dhonas fhéin ann, roisfeadh sé a bhfuil de tyreannaí tigh Ward.
→
buail
Má ghníonn sibh cosán buailte ansin, is gearr go mbí an baile uileag déanamh aicearra ann, agus beidh scéal eile ansin ann dhá mbacadh aríst ar ais.
Nach bhféadfaidh tú an bicycle a ardú leat chomh fada le ceann an bhóthair agus cén stró atá ort a dhul an t-aicearra ansin.
Tá sciathán na circe fuardhóite. Múinfidh sin aríst í gan a bheith ag déanamh aicearra thríd an tine
→
diaidh
Cuirfidh mise ó bhreathnú i ndiaidh do ghualann thú má théim síos chomh fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinní, is beag a mhillfí ort nuair a chuirfeá sna gaiseití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois scáth aicearra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh cosán trína chuid cuir mar atá thríd an gcur s'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
→
dris
Níl aon ghnaithe agat an t-aistreán sin a thabhairt ort féin. Má bheireann na driseachaí siúd ort, ní thabharfaidh tú folach de do cheirteachaí slán as choíchin. Más cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór an t-aicearra, a mhic ó.
→
droim
Agus tá an iníon ag dul ag pósadh an spreallaire sin, théis a bhfuil de mhílte aici. Cén chaoi a dtaitníonn sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aicearra an chait thríd an ngríosaigh ar spré na hiníne. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agródh sé air é. Chaith sé a shaol ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bheas an cliamhain siúd ag dul thrína chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrí. Is dual di fearadh i gcónaí
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a maraíodh ansin. Fear a bhí ag déanamh aicearra thrí na páirceanna a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timpeall an tí mhóir ansiúd. Dhá múineadh le haghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine acu anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul trasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall ina mhullach agus choinnigh sé an capall ag taltú air nó gur mharaigh sí é. Tabhair thusa marú droimnochta air sin. 'Sé a bhí droimnochta. Amuigh ar lom na páirce. Murder a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad acu fhéin an uair sin. Chomhuain is a mhair an seanBh., dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talúna, nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
Isteach liom ag déanamh aicearra má b'fhíor dhom féin, ach ba in é an t-aicearra a fhóbair a theacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise trasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na boinn é, ach níor leis-sean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaolbhearna ach chuaigh sé idir mé agus í …
Tabhair thusa dócúlacht air sin! Bhí gacha le leagan dhá bhaint asam ag teacht aniar na clochair. Ní túisce a bheinn i mo shuí, ná a bhainfí treascairt eile asam. Gheall mise do Dhia, dhá dtugadh sé abhaile slán mé nach dtabharfainn an tabhairt sin orm féin de shiúl oíche le mo ló aríst. Níor mhiste liom dhá mbeadh trí mhíle d'aicearra ann, ghabhfainn an timpeall níos mó
→
dóite
"Mo chreach mhaidne agus mo léan dóite, nach bhfuil mé chomh hóg agus a bhí mé ariamh; Go ndéanfainn aicearra thríd chnoic is thríd bhóithrí, agus go gcuirfinn cóitín ar mo Nóra Bhán" (As amhrán — Iníon Frainc Confhaola)