aithmhéalach
—
Tinneas (galra etc) aithmhéalach = galra nó tinneas a ghreamóchadh duit ar feadh i bhfad; liostachas fada; galra roighin; galra nach mian leis imtheacht díot; galra a bhuaile(ann)s ar ais aríst thú, nuair a shílea(nn)s tú a bheith uaidh; galra meathta.
+–
Tinneas aithmhéalach é an slaghdán bradach sin.
Tá'n Chearc sin an-aithmhéalach. Nuair a shíle(ann)s tú í 'bheith dhíot, níl tú ach ina tús (cearc = influenza)
TUILLEADH (11) ▼
Tá'n galra sin chomh h-aithmhéalach, agus má bhuailtear duine síos leis, go mbeidh liostachas fada air = má thagann an galra sin ar dhuine is fada a chaithfeas sé an leaba nó'n áit istigh a choinneál.
Má theigheann an slaghdán in do chrioslaigh chor a' bith, is aithmhéalach an éadáil é = má thagann an slaghdán ort chor a' bith, is fada a chothóchas sé thú (is deacair leis scaradh leat).
Má bhuaileann an chasacht mar is ceart duine, níl aon ghalra beo (faoi'n saoghal etc) is aithmhéalaighe ná í.
Tá'n chasacht cháillte sin an-aithmhéalach. Sé'n tubaiste í 'chuir ag imtheacht chor a' bith.
Níl aon-ghalra amuigh is aithmhéalaighe ná'n 'fliú' céadna. Má bhuaileann sé duine, bainfe sé an bhliadhain as
Tá sé thar-am aige, a bheith ar a chóir féin aríst, ach pé acu sin é, is aithmhéalach an galra é an slaghdán sin = tá sé in am go maith aige, a bheith eirighthe as an slaghdán, ach thairis sin fhéin, is galra é a bhío(nn)s a' teacht a's ag imtheacht. (Bíonn 'b' sa bhfocal aca(b) i gConamara, ach ní chloisfeá an b sa leagan sin pé aca sin é)
Níl de leigheas ar ghalra aithmhéalach mar sin, ach an leaba a choinneál (a chothú) go dtuga sé a sheal = duine a mbeadh galra a. air, ba cheart dó, fanacht sa leaba, go mbeadh áirleacan an tinnis caithte.
Níl ag galra aithmhéalach fhéin, ach a sheal a thabhairt.
Is meathta an galra é an slaghdán céadna. Tá sé an-aithmhéalach de'n domhan.
Ní fhaca mé rud ar bith ariamh is aithmhéalaighe ná'n chasacht chéadna. Bhain sí asam anois i mbéal a chéile ó Fhéil Brighde seo caithte = is meathta an galra í an chasacht; tá sé orm as éadan ó Fhéil Brighde seo chuaidh thart.
Ná bac le aithmhéalach a mhic ó! Má chuireann sé siúd (an slaghdán) bail ó dhia ort, beidh aon-mhí amháin ort! = tá'n slaghdán an aithmhéalach arae má thagann sé ort, ní sgarfa sé leat go ceann míosa
aithmhéalach in iontrálacha eile (1)
Tinneas aithmhéalach é an slaghdán céadna. Ní túisce biseach ag duine ná 'bhio(nn)s sé buailte síos aríst leis.