Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aiféalach
tinneas (galra srl.) aiféalach: galra nó tinneas a ghreamódh duit ar feadh i bhfad; liostachas fada; galra righin; galra nach mian leis imeacht díot; galra a bhuaileanns ar ais aríst thú nuair a shíleanns tú a bheith uaidh; galra meata.
+
Tinneas aiféalach é an slaghdán bradach sin.
Tá an chearc sin an-aiféalach. Nuair a shíleanns tú í a bheith dhíot, níl tú ach ina tús (cearc = influenza)
TUILLEADH (11) ▼
Tá an galra sin chomh haiféalach, agus má bhuailtear duine síos leis, go mbeidh liostachas fada air — má thagann an galra sin ar dhuine is fada a chaithfeas sé an leaba nó an áit istigh a choinneáil.
Má théann an slaghdán in do chrioslaigh chor ar bith, is aiféalach an éadáil é — má thagann an slaghdán ort chor ar bith, is fada a chothós sé thú (is deacair leis scaradh leat)
Má bhuaileann an chasacht mar is ceart duine, níl aon ghalra beo (faoin saol srl.) is aiféalaí ná í.
Tá an chasacht chaillte sin an-aiféalach. 'Sé an tubaiste í a chur ag imeacht chor ar bith.
Níl aon ghalra amuigh is aiféalaí ná an fliú céanna. Má bhuaileann sé duine, bainfidh sé an bhliain as
Tá sé thar am aige a bheith ar a chóir féin aríst, ach pé acu sin é, is aiféalach an galra é an slaghdán sin — tá sé in am go maith aige a bheith éirithe as an slaghdán, ach thairis sin fhéin, is galra é a bhíonns ag teacht agus ag imeacht. Bíonn b sa bhfocal acu i gConamara, ach ní chloisfeá an b sa leagan sin pé acu sin é)
Níl de leigheas ar ghalra aiféalach mar sin ach an leaba a choinneáil (a chothú) go dtuga sé a sheal — duine a mbeadh galra aiféalach air, ba cheart dó fanacht sa leaba go mbeadh airleacan an tinnis caite.
Níl ag galra aiféalach fhéin ach a sheal a thabhairt.
Is meata an galra é an slaghdán céanna. Tá sé an-aiféalach den domhan.
Ní fhaca mé rud ar bith ariamh is aiféalaí ná an chasacht chéanna. Bhain sí asam anois i mbéal a chéile ó Fhéil Bríde seo caite — is meata an galra í an chasacht; tá sé orm as éadan ó Fhéil Bríde seo chuaigh thart.
Ná bac le aiféalach a mhic ó! Má chuireann sé siúd (an slaghdán) bail ó Dhia ort, beidh aon mhí amháin ort! — tá an slaghdán an aiféalach, arae má thagann sé ort, ní scarfaidh sé leat go ceann míosa

aiféalach in iontrálacha eile (3)

 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Tinneas aiféalach é an slaghdán céanna. Ní túisce biseach ag duine ná a bhionns sé buailte síos aríst leis
 
fill
Galra aiféalach é an fliú sin. Nuair a shílfeas tú é a bheith dhíot agat, fillfidh sé ort aríst