Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ailleog
1.
moghlaer nó spiacán mór cloiche.
a.
+
Bhuail sé ailleog orm.
Bhuail sé d'ailleog mé.
TUILLEADH (5) ▼
Sí'n ailleog a fuair sé thiar ag na mine a rinne a chreach.
Níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó caitheadh an ailleog sin leis.
Sé'n cheird atá orra(b) thíos ar na bóithrí chuile oidhche a' caithe(amh) ailleogaí le chéile.
Nach beag a' luath aige (nó dhó) faitchíos a bheith air ailleog de chloich mar sin a chaitheamh le aon duine, agus gan cuímne aige nach é 'mharbhú 'dhéanfadh sé.
Thug a' póilidhe leis an ailleoig cloiche a fuair sé 'san áit 'a raibh an cath (caitheamh).
b.
duine teann, suidhte, bríoghmhar (is annamh a chloistear é).
+
Sé'n ailleog é (sí'n ailleoig í)
Ailleog mhór mhíllteach fhiadháin é.
TUILLEADH (2) ▼
Ailleog d'amhus é
Bhí ailleog de spailpín as Conamara i bhfus annseo, anura(idh) agus ba h-olc an ailím é, le cur chuige ná uaidh.
2.
allar, allagar, an-bhéic, nó scread. (Tá an chiall seo leis i Muigh-Cuilinn — Tomás Bairéad.)
+
Leig sé ailleog (nó ailleoig) de bhlaoidh.
Chuir sé a shean-ailleog as.
TUILLEADH (6) ▼
Chloisfeá thiar-adtuaidh an ailleog a leig sé.
Is breagh uaidh ailleog a chuir as, má bhíonn aon-bhraon istigh aige.
Mhaithfeá do dhia gan a bheith ag éisteacht leis an ailleoig a leig sé.
Bhí fhios agam go mbadh fear in anshógh é, mar d'aithin mé 'ailleog.
Leig sé ailleog le scannradh.
Bhí sé lúbarnaoighil sa leaba, agus 'chaon ailleog aige = bhí sé ar a tháirm a' glaodhach

Féach freisin

Ailleog in iontrálacha eile (1)

 
Tá an ceann céadna sáthach díbheirgeach má fhaghann sé an dó(igh). Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul ingeallta ins an gcladach anuiridh. Sin é é. Ní thóigfeá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionnsuigh sé M. B. Dubhairt sé leis go raibh sé ag baint na feamuinne thar teorainn. Dubhairt M. B. nach raibh, agus 'sbáin sé an teorainn dó. Dubhairt seisean narbh í, ach is gearr an tsáruigheacht a bhí ann an uair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamuinne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. "Má theagann tú níos goire do'n teorainn" adeir sé "ná tá tú, cuirfidh mise í seo báidhteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir annsin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sáthach díbheirgeach