Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ailleog
1.
moghlaeir nó spiacán mór cloiche.
a.
+
Bhuail sé ailleog orm.
Bhuail sé d'ailleog mé.
TUILLEADH (5) ▼
'Sí an ailleog a fuair sé thiar ag na mine a rinne a chreach.
Níor ól sé aon deoir bhainne sláinte ó caitheadh an ailleog sin leis.
'Sé an cheird atá orthub thíos ar na bóithrí chuile oíche, ag caitheamh ailleogaí le chéile.
Nach beag an lua aige (nó dhó) faitíos a bheith air ailleog de chloich mar sin a chaitheamh le aon duine, agus gan cuimhne aige nach é a mharú a dhéanfadh sé.
Thug an póilí leis an ailleoig cloiche a fuair sé san áit a raibh an cath (caitheamh)
b.
duine teann, suite, bríomhar (is annamh a chloistear é).
+
'Sé an ailleog é ('sí an ailleoig í)
Ailleog mhór mhíllteach fhiáin é.
TUILLEADH (2) ▼
Ailleog d'amhas é
Bhí ailleog de spailpín as Conamara abhus anseo anuraidh agus ba holc an ailím é le cur chuige ná uaidh.
2.
allar, allagar, an-bhéic nó scread. Tá an chiall seo leis i Maigh-Cuilinn — Tomás Bairéad.
+
Lig sé ailleog (nó ailleoig) de bhlao.
Chuir sé a sheanailleog as.
TUILLEADH (6) ▼
Chloisfeá thiar-aduaidh an ailleog a lig sé.
Is breá uaidh ailleog a chur as má bhíonn aon bhraon istigh aige.
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an ailleoig a lig sé.
Bhí a fhios agam go mba fear in anó é, mar d'aithin mé a ailleog.
Lig sé ailleog le scanradh.
Bhí sé ag lúbarnaíl sa leaba, agus chaon ailleog aige — bhí sé ar a tháirm ag glaoch

Féach freisin

ailleog in iontrálacha eile (1)

 
Tá an ceann céanna sách díbheirgeach má fhaigheann sé an dóigh. Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul i ngeallta sa gcladach anuraidh. Sin é é. Ní thógfá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionsaigh sé M. B. Dúirt sé leis go raibh sé ag baint na feamainne thar teorainn. Dúirt M. B. nach raibh, agus 'speáin sé an teorainn dó. Dúirt seisean nárbh í, ach is gearr an tsáraíocht a bhí ann nuair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamainne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. 'Má theagann tú níos gaire don teorainn,' adeir sé, 'ná atá tú, cuirfidh mise í seo báiteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir ansin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sách díbheirgeach