Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ailleog (dáilleog?)
ailleog = gailleog, ach ailleog adeirtear faoi'n Spidéal, aindeoin go n-abruightear gailleog i Rosmuc agus in áiteachaí eile
taoscán nó gloine poitín nó óil líonta go buinne bruach.
+
Thug sé ailleog bhreagh phoitín dhom, agus níor liomsa ab fhaillighe í chur 'san áit ba chóir dhi.
Fuair mé cupla ailleog agus iad líonta suas go buinne bruach.
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an olla mhaitheasa ar mo chroidhe an cupla ailleog sin fhéin.
Bhog an ailleog sin a' teanga aige.
Ní bheadh aon-chuir suas agam d'ailleoig phoitín, dhá dtairgthí dhom í.
Badh bheag a' dochar dhó bheith óltach, agus trí ailleog de'n ghloine siúd a ól indiaidh 'chéile gan aon-tríáil.

Féach freisin

Ailleog in iontrálacha eile (1)

 
Tá an ceann céadna sáthach díbheirgeach má fhaghann sé an dó(igh). Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul ingeallta ins an gcladach anuiridh. Sin é é. Ní thóigfeá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionnsuigh sé M. B. Dubhairt sé leis go raibh sé ag baint na feamuinne thar teorainn. Dubhairt M. B. nach raibh, agus 'sbáin sé an teorainn dó. Dubhairt seisean narbh í, ach is gearr an tsáruigheacht a bhí ann an uair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamuinne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. "Má theagann tú níos goire do'n teorainn" adeir sé "ná tá tú, cuirfidh mise í seo báidhteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir annsin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sáthach díbheirgeach