Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ailleog
ailleog = gailleog, ach ailleog adeirtear faoin Spidéal, ainneoin go n-abraítear gailleog i Ros Muc agus in áiteachaí eile
taoscán nó gloine poitín nó óil líonta go buinne bruach.
+
Thug sé ailleog bhreá phoitín dhom agus níor liomsa ab fhaillí í a chur san áit ba chóir dhi.
Fuair mé cupla ailleog agus iad líonta suas go buinne bruach.
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an ollmhaitheasa ar mo chroí an cupla ailleog sin fhéin.
Bhog an ailleog sin an teanga aige.
Ní bheadh aon chur suas agam d'ailleoig phoitín dhá dtairgthí dhom í.
Ba bheag an dochar dhó bheith óltach agus trí ailleog den ghloine siúd a ól i ndiaidh a chéile gan aon traíáil.

Féach freisin

ailleog in iontrálacha eile (1)

 
Tá an ceann céanna sách díbheirgeach má fhaigheann sé an dóigh. Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul i ngeallta sa gcladach anuraidh. Sin é é. Ní thógfá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionsaigh sé M. B. Dúirt sé leis go raibh sé ag baint na feamainne thar teorainn. Dúirt M. B. nach raibh, agus 'speáin sé an teorainn dó. Dúirt seisean nárbh í, ach is gearr an tsáraíocht a bhí ann nuair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamainne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. 'Má theagann tú níos gaire don teorainn,' adeir sé, 'ná atá tú, cuirfidh mise í seo báiteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir ansin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sách díbheirgeach