Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aimhleas
Foghar — go h-iondamhail bíonn fuaim ar an aimh fearacht "ad" i "Tadhg", agus mh = v.
Féach Foclóir an Duinnínigh "aimhleas"
cotarsna nó malrait "leas"
míádh; dubh-chinneamhaint, catmara.
+
Ní hé leas, ach aimhleas a rinne sé.
Mara ndéana tú do leas, ná déan t-aimhleas.
TUILLEADH (11) ▼
Fainic thú féin ar t'aimhleas.
Seachain t'aimhleas má fhéadann tú.
Rinne an duine bocht aimhleas!
Nuair a shíl sé a leas a dhéanamh, sí aimhleas a rinne sé in a leaba sin.
Is beag de do leas agus is mór de t'aimhleas a dhéanfas tú, mara bhfuil ag Dia.
Ná dean t'aimhleas; déan a' rud is goire do do leas.
Is mó an fonn atá air, 'aimhleas a dhéanamh ná a leas.
Má's é mo leas nó m'aimhleas anois é, déanfa mé é.
Dhá mbeadh fhios agam ab é m'aimhleas é, is dóigh nach ndéanfainn é!
Is fusa do dhuine 'aimhleas ná leas a dheanamh (a bharruidheacht).
An lá 'r phós sé isteach sa teach sin, sin é an lá 'ndearna sé corp' aimhleasa.
+
Má's é m'aimhleas fhéin é, cé'n neart atá a'msa air?
Nuair nach mbíonn's ag duine céard é 'leas, is deacair dhó fios a bheith aige, céard é 'aimhleas.
TUILLEADH (1) ▼
Ba dóichide dhó comhairle t'aimhleasa a thabhairt dhuit ná comhairle do leasa.

Aimhleas in iontrálacha eile (5)

+
Is beag a' baoghal air bealach a leasa a dhéanamh, pébrí céard a dhéanfas sé le bealach 'aimhleasa = 'sé is dóigh dhó a aimhleas a dhéanamh ach níl baoghal a' bith fhéin, go ndéanfa sé a leas.
TUILLEADH (1) ▼
Ní ar bhealach do leasa, ach ar bhealach t'aimhleasa a chuirfeas mac Th. Ph. thú má éisteann tú le na chómhráidhtí.
 
Má tá baramhaintí do leasa fút glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúdhach, agus eireochaidh tú as an obair sin, agus tiubharfaidh tú aire do do ghiodáinín talmhana. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agad sin. Chaith mé curraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag foghaint do'n tír má b'fhíor dom féin, ach is beag áird a bhí ag an tír orm an uair a bhí mé i ngéar-chall. Meastú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteochaidh ná leatsa. Is beag an baoghal uirre. Mar dubhairt mé cheana leat is measa dhuit do ghiodáinín talmhana ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shocar agad é.
 
déan 1
B'fhearr le 'chuile dhuine go ndéanfadh sé a leas ná a aimhleas
 
Ní raibh rún ar bith aige a dhul 'nan aonaigh, marach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaidh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh cho mór sin agus nachar ól sé aon-deor bhainne sláinte ó shoin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas