aimhleas
—foghar — go hiondúil bíonn fuaim ar an aimh fearacht ad i Tadhg, agus mh = v
—codarsna nó malrait: leas
—
mí-ádh; dubhchinniúint, cat mara.
+–
Ní hé a leas, ach a aimhleas a rinne sé.
Mura ndéana tú do leas, ná déan t-aimhleas.
TUILLEADH (11) ▼
Fainic thú féin ar t'aimhleas.
Seachain t'aimhleas má fhéadann tú.
Rinne an duine bocht aimhleas!
Nuair a shíl sé a leas a dhéanamh, 'sí a aimhleas a rinne sé ina leaba sin.
Is beag de do leas agus is mór de t'aimhleas a dhéanfas tú, mura bhfuil ag Dia.
Ná déan t'aimhleas; déan an rud is gaire do do leas.
Is mó an fonn atá air, a aimhleas a dhéanamh ná a leas.
Más é mo leas nó m'aimhleas anois é, déanfaidh mé é.
Dhá mbeadh a fhios agam ab é m'aimhleas é, is dóigh nach ndéanfainn é!
Is fusa do dhuine a aimhleas ná leas a dhéanamh (a bharraíocht)
An lá ar phós sé isteach sa teach sin, sin é an lá a ndearna sé corp a aimhleasa.
+–
Más é m'aimhleas fhéin é, cén neart atá agamsa air?
Nuair nach mbíonn a fhios ag duine céard é a leas, is deacair dhó fios a bheith aige céard é a aimhleas.
TUILLEADH (1) ▼
Ba dóichíde dhó comhairle t'aimhleasa a thabhairt dhuit ná comhairle do leasa.
aimhleas in iontrálacha eile (5)
+
→
bealach
Is beag an baol air bealach a leasa a dhéanamh, pé brí céard a dhéanfas sé le bealach a aimhleasa — 'sé is dóigh dhó a aimhleas a dhéanamh ach níl baol ar bith fhéin go ndéanfaidh sé a leas.
TUILLEADH (1) ▼
Ní ar bhealach do leasa ach ar bhealach t'aimhleasa a chuirfeas mac Th. Ph. thú má éisteann tú lena chomhráití.
→
doscúch
Má tá barúintí do leasa fút, glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúch agus éireoidh tú as an obair sin, agus tabharfaidh tú aire do do gheadáinín talúna. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agat sin. Chaith mé coraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag fóint don tír má b'fhíor dom féin, ach is beag aird a bhí ag an tír orm nuair a bhí mé i ngéarchall. Meas tú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteoidh ná leatsa. Is beag an baol uirthi. Mar adúirt mé cheana leat, is measa dhuit do gheadáinín talúna ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shochar agat é
→
téigh do
Ní raibh rún ar bith aige a dhul chun an aonaigh murach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaigh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh chomh mór sin agus nár ól sé aon deoir bhainne sláinte ó shin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas