Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aireamhail
aidiacht.
ní feasach mé aon-ainm-fhocal a fhreagruigheas dó.
go maith; so-leasuighthe; domhain; briosc a's go feilmheanach i gcomhair cuir. (Níor chuala mé aon-leas dhá bhaint as, ach i dtaobh talmhana).
+
Talamh maith aireamhail é.
Aon-ghiodán talmhana dhá bhfuil aireamhail chor a' bith ar a' mbaile, ná 'bhfuil aon-mhaith ann, is aige atá sé.
TUILLEADH (9) ▼
Sé'n t-aon-gharrdha aireamhail é atá a' gabhail liom.
Tá'n talamh atá le íochtar aireamhail go maith, ach ní fiú do sheacht mallacht na breaclachaí atá imbarr a' bhaile.
D'eireochadh dó (do thalamh áithrid a bhí igceist) barr maith a bheith air: tá sé aireamhail a's domhain, a's fuair sé bliadhain mhaith.
Is mór a' t-íongnadh nach bhfuil barrann níos fhearr ar a' ngiodán sin. Shílfeá gurb é an spota is aireamhla 'sa bpáirc é. Ach bhí an bhliadhain ro-fhliuch.
M'anam nach hí an chreafóg aireamhail is fhearr a raibh barr uirre imbliadhna chor a' bith. Nuair a bhí mé a' cur sa bPáircín Árd annsin thuas, bhí na buird dóighte innte, a's dar príosta is ait na fataí a bhí innte in a dheidh sin.
Má bhí an talamh aireamhail fhéin, ba deacair d'aon-chur a bheith air, scáth a ndeacha de leasú air.
Ba talamh an-aireamhail é an giodán sin, ach tá sé marbhuighthe aige le feamuinn dearg, nuair nach gcuireann sé leasú a' bith eile air, in a h-aice. Ídigheann an iomarca de'n fheamuinn dearg sin a' talamh uileag. Dóigheann sí é.
Siúd é an áit a bhfuil an chreafóg atá aireamhail. Dhéanfad sí sprus in do ghlaic, mar ghaine(amh) trágha. Ach is beag a' t-iongnadh sin. Nachar dheir siad gurab é an talamh is fhearr in Éirinn é.
Má chuireann siad 'duana' (guano) air sin anois, is mó a mhíllfeas siad ná a leasóchas siad faoi'n talamh. Beidh sé sin sáthach aireamhail, go ceann deich mbliadhna fós d'uireasbha aon-leasú. Ach tuige nach mbeadh. Dheamhan deargadh a rinneadh ar a' talamh sin, tá mé 'ceapadh ó aimsir Chromail, hébrí cá'id'ó 'bhí sé ann.

Aireamhail in iontrálacha eile (1)

 
Bhí an talamh ro-aireamhail, a's leasuigh tú ro-mhór é. Sin é an fáth a ndearna siad buinneáin.