Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
airiúil
aidiacht
ní feasach mé aon ainmfhocal a fhreagraíos dó.
go maith; soleasaithe; domhain; briosc agus go feiliúnach i gcomhair cuir. Níor chuala mé aon leas dhá bhaint as ach i dtaobh talúna.
+
Talamh maith airiúil é.
Aon gheadán talúna dhá bhfuil airiúil chor ar bith ar an mbaile, ná a bhfuil aon mhaith ann, is aige atá sé.
TUILLEADH (9) ▼
'Sé an t-aon gharraí airiúil é atá ag gabháil liom.
Tá an talamh atá le íochtar airiúil go maith ach ní fiú do sheacht mallacht na breaclachaí atá i mbarr an bhaile.
D'éireodh dó (do thalamh áirid a bhí i gceist) barr maith a bheith air: tá sé airiúil agus domhain, agus fuair sé bliain mhaith.
Is mór an t-ionadh nach bhfuil barrann níos fhearr ar an ngeadán sin. Shílfeá gurb é an spota is airiúla sa bpáirc é. Ach bhí an bhliain rófhliuch.
M'anam nach í an chréafóg airiúil is fhearr a raibh barr uirthi i mbliana chor ar bith. Nuair a bhí mé ag cur sa bPáircín Ard ansin thuas, bhí na boird dóite inti agus dar príosta is ait na fataí a bhí inti ina dhiaidh sin.
Má bhí an talamh airiúil fhéin, ba deacair d'aon chur a bheith air scáth a ndeachaigh de leasú air.
Ba talamh an-airiúil é an geadán sin ach tá sé maraithe aige le feamainn dearg nuair nach gcuireann sé leasú ar bith eile air ina haice. Ídíonn an iomarca den fheamainn dearg sin an talamh uileag. Dónn sí é.
Siúd é an áit a bhfuil an chréafóg atá airiúil. Dhéanfadh sí sprus in do ghlaic mar ghaineamh trá. Ach is beag an t-ionadh sin. Nár dheir siad gurb é an talamh is fhearr in Éirinn é.
Má chuireann siad diúain (guano) air sin anois is mó a mhillfeas siad ná a leasós siad faoin talamh. Beidh sé sin sách airiúil go ceann deich mbliana fós d'uireasa aon leasú. Ach tuige nach mbeadh. Dheamhan deargadh a rinneadh ar an talamh sin, tá mé ag ceapadh, ó aimsir Chromail, hé brí cáid ó bhí sé ann.

airiúil in iontrálacha eile (1)

 
Bhí an talamh ró-airiúil agus leasaigh tú rómhór é. Sin é an fáth a ndearna siad buinneáin.