Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Anam
iolraidh anamnachaí, anamnacha
geineamhnach uathaidh = anama.
1.
spioraid; an ghné de'n duine, a bhfanann beodhacht ann, th'éis báis na colna.
a.
+
'Anam bocht mé atá a' luirg an eoluis ar bhóthar a' chruadhtain' (líne as na "Críocha Déigheannacha").
'Bhí an t-anam a' screadach ar Dhia ag iarraidh trócaire' (as sean-scéal).
TUILLEADH (20) ▼
'Imthigheann a' t-anam as a' gcorp thrídh logán na baithise' (sin é adeirtear).
T'anam fhéin a bheidheas síos leis, má dhéanann tú an t-olc = ar t'anam fhéin a thuitfeas an t-olc a dhéanfas tú.
'Sé t'anam fhéin a íocfas ann ar an lá deireannach.
Cheannuigh Mac Dé anam 'chuile chréatúr ar a' gcrois = shaor sé iad ó chumhacht a' diabhail.
Is beag a' suím atá 'nar n-anam againn, agus chomh daor a's cheannuigh mac Dé muid.
Is maith a cheannuigh Mac Dé 'chuile anam, dhá bhfuil ar a' saoghal, a's is fánach an áird a thuga(nn)s cuid de na daoine na dheidh sin Air.
Racha anamnacha na bhfíréan go flaithis, agus na h-anamnachaí damnuighthe go h-Ifreann.
Is cuma céard a dhéanfas a' cholainn má tá'n t-anam bocht ceart.
Níl fhios ag an anam bocht, cá ngabhfa sé ó fhágfas sé an cholainn
Is dhá anam féin a's measa sin, má tá indán's go ndeárna sé an éagcóir.
Meádhfa Mícheál Árd-Aingeal 'chuile anam annsiúd, agus má tá indán's gur mó dhá chionnta ná dhá dheagh-oibreachaí, síos go h-Ifreann a chuirfear é (badh é sin baramhail na ndaoine faoi'n mBreitheamhnas — go meádhfadh Mícheál Árd Aingeal chuile anam, agus dhá mbadh truime a chionnta ná a dheagh oibreachaí go dtligfidhe síos go h-Ifreann é; féach leat "na Críocha Déigheannacha, le lide fhaghail faoi na scálaí" seo).
Tá cairt ar 'anam le peacaidhthe, ní dhá roínnt leis é.
Níl ag aonduine breitheamhnas anama thabhairt ar dhuine eile, ach ag Dia.
Ágrócha Dia ort breitheamhnas anama a thabhairt ar chréatúr a' bith mar sin.
Tabhair aire do t'anam fhéin, a's ná bac le anam aon-chréatúr eile.
Anam bocht eicínt atá ar seachrán a bhí ann = nuair adéarfadh duine go bhfaca sé rud eicínt.
Bíonn anam ar 'chuile thaobhán de'n teach an oidhche sin (Oidhche Shamhna — sin baramhail eile a bhí ag na daoine faoi'n oidhche sin).
Is geal atá anam 'sna Flaithis anocht (indiu etc); is geal é 'anam 'sna Flaithis anois = deirtear é seo, nuair a tráchtar ar dhuine atá básuighthe.
Tóigeadh an Mhaighdean Mhuire suas go Flaithis idir chorp a's anam.
Choimrighe m'anama ort. = mo chara a's mo choimirce ort; tárrtháil mé; tabhair párdún nó maithteanas dom.
+
Slánuigheann a' baisteadh an t-anam ó chathuighthe an diabhail.
Ní mór dhuit a dhul (ch)uig an Aifreann le t'anam a shlánú.
TUILLEADH (3) ▼
Is cuma céard is cor de'n cholainn, má fhéadann duine an t-anam a shlánú.
Cuireadh ar a' saoghal seo thú [chun] t'anam a shlánú.
'Ní bailtí fearanna, stoc, ná tréada; a mhúineas an tslighe go Flaithis dé dhúinn; ach leasú ar n'anama 'léar (de réir) mar léightear; le breitheamhnas aithrighe, trosca a's déirce' (Rafteri)
+
Go ndéana Dia Trócaire ar 'anam!; go ndéana dia maith ar anam!
Go ndéana Dia maith ar 'anam, agus ar 'chuile anam bocht eile dhá bhfuil ar shluagh na marbh. Amén!
TUILLEADH (11) ▼
Go dtuga Dia árus dá anam bocht!
Go dtuga Dia árus do 'chuile anam bocht atá ar seachrán!
'An Páidrín Páirteach a bhí inGáirdín Pharrthás; in onóir na mná bhí 'riamh gan locht; a Íosa Críost a's a Rí na nGrásta; go dtuga tú árus dá anam bocht!' (deirtear indiaidh an Pháidrín Pháirtigh ar thórraidheachaí, nó an uair a cuirtear corp faoi bhrigh na guidhe.)
Go dtuga dia su(a)ímneas síorruidhe na bhFlaitheas dá anam bocht, agus d'anam 'chuile chréatúr eile, má's é toil Dé é!
Nar fheice Dia 'anam ar seachrán!
Nar fheice Dia fuigheall faoistin, faillighe Aifrinn, ná uireasbha aithrighe ar 'anam!
Nár fheice Dia fuigheall a' bith ar anam, má's é toil dé é!
Go ndéana dia grásta ar 'anam!; go ndéana Dia na Grásta ar 'anam.
Su(a)imneas síorruidhe go dtuga Dia dá anam!
Go rathuighe Dia ar n-anam a's an obair = deirtear indiaidh obair a chríochnú.
Go dtuga Dia na Flaithis do t'anam.
+
Chuir mé paidir len 'anam = chuir mé anam faoi bhrigh na guidhe.
Is fhearr dhúinn paidir a chuir le'n anam.
TUILLEADH (2) ▼
Chuadar ar a nglúine, a's chuir siad paidir le h-anam a' mharbhtháin.
Ní paidir a chuir sé len' anam ar maidin! = nuair a bheadh duine ag eascainidhe.
·
Tá an oidhche chomh dubh le anam tincéara (anam ministéara) = chomh dubh le pic, chomh dubh leis a' daol.
Is duibhe anois í (an oidhche) ná anam tincéara.
+
Tá fhios ag do chroidhe a's ag t'anam istigh, nach bhfuil a' gasúr sin indon a dhul a' saothrú fós = tá fhios agad go maith etc.
Bhí fhios agham in mo chroidhe a's in m'anam istigh, gurb é ba 'scionntaighe, ach ní raibh a chomharthaidheacht le na chois mar sin fhéin.
TUILLEADH (10) ▼
Bhí fhios aice in a croidhe a's in a h-anam istigh, nach raibh aon-ghoir agamsa a dhul a' breathnú uirre, a's freastal le déanamh agham ar lán tighe de pháistí.
Is maith atá fhios agad in do chroidhe a's in t'anam istigh, gur fada go ndéanainnse éagcóir a' bith ar do pháiste.
Tá fhios ag do chroidhe a's ag t'anam, nach raibh láimh ná cois agamsa in do chaora a mharbhú.
Tá fhios ag a' chroidhe a's ag anam, gur fada a bheinnse ag (dh)ul thar iothlainn, sul á mhillfinn tada innte.
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, nach bhfuil fhios agam, céard dubhairt sí. Tá mé bodhar le goirid.
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, má labhruigheann tú ar Cheata amach as do bhéal aríst, go mbeidh mé gabhail ort, chúns 'gheobhas mé aon-teas in do chraiceann.
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, nach bhfuil pighinn ruadh a' gabhail liom, le tabhairt d'aonduine.
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, gur beag an náire atá oraí(bh), má's sib a rinne sceannach de'n arán mar sin.
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, go mbadh chóra dhaoib buille oibre eicínt a dhéana(mh) fharras a bheith sactha istigh annsin mar atá sib.
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, gur beag a' dochar dhuit a bheith tuirseach th'éis t'aistir (deirtear "tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam" go dúthrachtach faoi bhéim 'sna ráidhtí sin).
+
Tá 'chroidhe a's anam sáithte sa bhfeamainn; tá a chroidhe a's a anam ag dul amach thar a bhéal le sainnt sa bhfeamuinn = tá sé tórtha ar a bhfeamuinn.
Tá a chroidhe a's 'anam sáithte 'san obair.
TUILLEADH (3) ▼
'Sna leabhra atá a chroidhe a's a anam.
Tá a chroidhe a's 'anam ann, a's ní féidir é 'chur dhe.
Tá a chroidhe a's anam sa bhfoghluim.
+
'Sé atá coinneál an anama ann = dhá choinneál beo; a' tabhairt slighe mhaireachtála dhó.
'Sé Seán atá coinneál an anama ionnta(b) fré chéile.
TUILLEADH (4) ▼
Sé'n 'dole' ata 'coinneál an anama 'sna daoine. Bheadh muid thart dhá uireasbha.
Tá lán tighe de pháistí aice. Is maith an dícheall di, an t-anam a choinneál ar fad ionnta(b)
Is mór atá sé 'cruthachtáil, a's é bheith coinneál an anama uiliog ionnta(b).
Níl líon léith ag Muirréad, ach léar (de réir) mar tá an dearbhráthair a' coinneál an anama ínnte.
+
Ní raibh ann, ach gur caitheadh an t'anam leis; níl ann, ach go bhfuil an t-anam ann; tá'n t-anam ann ar éigin; cuireadh a' t'anam ann ar éigin; níl ann, ach gur caitheadh (gur cuireadh) a' t'anam ann = déar(f)aidhe seo le duine réidhchúiseach, beag-chainnteach, socair, sásta.
Maidir le Seáinín, níl ann ach gur caitheadh a' t-anam leis = tá Seáinín réidhchúiseach, socair, sásta, a's ar bheagán gleo ná cainnte.
TUILLEADH (12) ▼
An duine bocht sin, is beag le gur caitheadh an t'anam leis.
Níl, ach go mbeadh fhios agad, go bhfuil a' t'anam ann, tá sé chomh socair sin.
Shíl mise gur conán socair é sin. Aon áit dhá bhfaca mé ariamh é, ní bheadh fhios agad, go raibh thar an anam ann, ar éigin.
Dhá bhfeicteá i láthair comhluadair é, shílfeá nach raibh ann, ach gur cuireadh a' t'anam ann ar éigin, agus deir siad na dheidh sin, go bhfuil sé beo drochmhúinte, má bhaintear as é.
Cuireadh a' t'anam ínnte ar éigin — sé 'raibh ann é. Ní bhfaightheá dhá fhocal cainnte uaithe oidhche fhada áirneáin.
Nó go bhfeicfeá ag ól é, bheitheá siúráilte, nach raibh, ach a' t'anam ann. Tá sé an-tsocair ar a chéill.
Ní chuirfe an créatúr sin caidéis ar aonduine. Ní mó ná go bhfuil an t-anam caithte leis.
Níl cor i dTaidhgín. Chaith dia an t-anam leis ar éigin.
Dhá mbeadh 'chuile dhuine ar a laghad urchóide a's atá Tom, bheadh a' saoghal ceart. Caitheadh a' t'anam leis. 'Sé a raibh ann é.
Ní bheadh fhios agad go mbeadh duine 'bith sa teach, nuair a bhío(nn)s sí istigh. Chaith Dia an t-anam léithe, sin é an méid.
Is beag a' ghleo é. Cuireadh a' t-anam ann, ar éigin.
Maidir le Seumas, 'sé 'bhfuil ann gur chaith Dia an t-anam leis, tá sé chomh réidh sin ag imtheacht.
+
Tá'n biorán sin ag (dh)ul go h-anam ionnam = do mo ghortú, ag dul sa mbeo ionnam; a' cur péine orm.
Chuaidh an tairnge go h-anam ionnam.
TUILLEADH (9) ▼
Bhuail pian in mo thaobh mé, a's chrádh sí go h-anam mé.
Sheas mé ar bhriogadán géar, a's chrádh sé go h-anam mé.
Chuaidh an arraing go h-anam ionnam.
Is cráidhte an rud iad na doightheachaí. Cuireann siad pian go h-anam ar dhuine.
Bhuail preab in m'fhiacail mé, a's chráidh sí go h-anam mé.
Ná bac le go beo! Chuaidh sí go h-anam ionnam.
Má ghearrann siad sin thú, tiocfa siad go h-anam ionnad.
Sheas sé ar mo chois thinn, a's chuir sé driog go h-anam thríom.
Tagann driogannaí imbéal mo chléibh orm, a's teigheann siad thríom go h-anam.
b.
+
Bainfe mé an t-anam asad, má chloisim tú ghá rádh sin aríst.
Bainfe sé siúd an t-anam asad, má fhaghann sé amach, go gcainnteocha tú ar a' méid sin.
TUILLEADH (18) ▼
Fhobair gur bhain sé an t-anam asam, le cuthach, faoi gur shamhluigh mé leis gurb é adubhairt é.
Bhainfinn a' t-anam as, dhá mbeadh fhios agham siúráilte, go raibh aon-phlé aige leis.
Ní raibh le déanamh leis, ach a' t-anam a bhaint as, te, bruithte, má bhí aon láimh aige ann = é mharbhú.
Bainfe mé an t-anam asad, te, bruithte, má fheicim go gcuire tú aon-phíopa in do bhéal le do ló aríst.
An t-anam a bhí bhaint as, mar sé shaghd an chuid eile ar fad.
Is beag a bhéarfadh orm, an t-anam a bhaint as, marach leisce a dhul a' tarraingt aghaidh na ndaoine orm fhéin.
Bainfe mé an t-anam asad, má chloisim ag aithléigheamh aríst thú.
Má chloiseann t'athair, gur thaobhuigh tú isteach a' teach sin, bainfe sé an t'anam beo, beithidheach asad.
Má tá indán's go mbainfe tú leis a' sparán sin feasta, bainfe mé an t-anam amach asad beo beithidheach.
An t-anam a bhí 'bhaint asad — seadh sin!
Níl sé ionrásta ag fear na h-áite seo a dhul siar annsiúd. Bhainfidhe an t-anam, beo beithidheach as thiar ann.
Má bhaineann tú le mo 'bhicycle' bainfe mé an t-anam asad, a chimleacháin.
Dhá gcloiseadh 'athair go mbeadh aon-láimh aige in obair de'n tsórt sin, bhainfeadh sé an t-anam, beo beithidheach amach as a chraiceann.
Má chuireann sé aon-araoid ar mhac a' pheata de'n tsráid seo, sé'n t'anam a bhainfeas as, feicfe sé fhéin.
Níor mhiste liom dhá mbain(f)í an t-anam asam, ar a' toirt, ach déanfa mé do lá.
Dheamhan ar mhiste leis siúd, dhá mbain(f)í an t-anam as faoi, ach bhuailfeadh sé thú faoi láthair, le rud a' bith ba túisce aige.
Ní chuirfeadh sé a dhath scóchais orm, faoi na dhéanamh a's bíodh fhios agam go mbain(f)idhe an t-anam asam ar a' toirt (scóchas = guaim; cúl; bacainn)
Ní loicfinn, ó chuirfinn romham an rud a dhéanamh, dá mbaintí an t-anam asam ar a' nóiméad.
+
Thug mé m'anam liom ar éigin; is ar ín (iodhain) ar éigin, [a] thug mé m'anam liom = sáthach righte 'chuaidh sé liom a thoidheacht slán.
Bí buidheach ó thug tú t'anam leat as chor a' bith.
TUILLEADH (15) ▼
Is ait a chruthuigh tú a's t'anam a thabhairt leat chor a' bith ó'na sclamhairí siúd.
Bhí an tSeamair Mhuire agad, a's t'anam a thabhairt slán leat ó na h-amhuis údan.
Marach chomh tráthamhail a's tháinic Máirtín, bhí mé réidh le m'anam a thabhairt liom beag ná mór = chinnfeadh orm a theacht slán
Ní cás duit é, a's t'anam a thabhairt leat, as a' tromfháisg sin chor a' bith.
Ní raibh mé chomh mór idteannta i gcaith(eamh) mo shaoghail ariamh. Chinnfeadh orm m'anam a thabhairt liom chor a' bith uatha(b), marach chomh h-óltach a's bhí siad, a's nach rabh fhios aca céard a bhí siad a dhéanamh.
Ó thug mé m'anam liom de'n gheábh sin, is fada aríst go bhfeictear mise 'sna bólaí siúd.
Tabhair buidheachas le dia go dtug tú t'anam leat, chor a' bith.
Ó d'eirigh liom m'anam a thabhairt liom, as a' tromfháisc sin, seachnócha mise an anachain feasta.
Shíl mé nach dtiubhrainn m'anam liom, arae bhí an sruth ar fad in m'aghaidh (fear a bhí ar snámh).
Mara n-innsighe tú amach annseo é, ní thiubharfa tú t'anam leat as ball na h-áite.
Thug sé 'anam leis as 'chuile ghábhadh.
Is iomdha achrann a raibh mé ann ariamh, ach ní dheacha sé chomh déan (dian) ariamh orm m'anam a thabhairt slán liom, a's chuaidh sé an babhta seo.
Is mór a' t-iongnadh gur fhéad sé 'anam 'thabhairt leis chor a' bith, a's comh mór a's bhí siad sa tóir air.
Thrídh na 'ndeacha sé thríd ariamh, tá faitchíos orm go gcinnfe air 'anam 'thabhairt leis an babhta seo = is mór a' lear a ndeacha sé thríd, ach tá sé ingreim sa deire.
Má thugann sé 'anam leis anois, tá Dia in' fhabhar.
+
Nach mór a' t-iongnadh gur leig siad t'anam leat chor ar bith = nach mór a' t-iongnadh nar mharbhaigheadar nó nar dhonuigheadar thú.
Bí buidheach gur leig siad t'anam leat, a mhic ó.
TUILLEADH (10) ▼
Ní raibh cuímne 'bith aige, go leigfidís anam leis chomh réidh sin, ach ní dhearnadar níos aoirde ná bruicneáil a bhualadh air.
Leig sé m'anam liom, réidh go leor.
Ní bheadh baoghal orra(b) m'anam a leigean liom leath chomh h-éasca, marach a' faitchíos mór atá orra(b) roimh an dlighe anois.
Bhí tamall ann, a's ní leigfí 'anam leis chomh réidh sin as na bólaí sin.
Ba dona na fir iad, a's a ghráin a bhí aca(b) air, gur leig siad 'anam leis chomh réidh sin.
Ar ín (iodhain) ar éigin, [a] leigeadar m'anam liom chor a' bith.
Ba bheag a' díol truaighe thú, dhá mbeidís gan t'anam a leigean leat fhéin. Breagh go ndeacha tú a' brughadh orra(b) a's a fhiosacht duit, go raibh an chloch sa muinchille aca(b) duit.
Marach T. Bh. ní leigfidhe m'anam liom chor a' bith.
Dheamhan 'anam a leigfidhe leis aréir, marach faitchíos roimh an áit abhfus aríst.
Níor mhilleán a' bith dóib é, dá mbeidís gan anam a leigean leis a' gceann céadna chor a' bith, a's a dtug sé d'ughdar dóibh.
+
Beidh t'anam agam, má chloisim ar a' gcainnt sin aríst thú = marbhócha mé thú; tiubharfa mé leath mharbhú ort
Mara dtóige tú aghaidh do bhéil dhíom, beidh t'anam agam, a's sin é 'bhfuil 'na timcheall.
TUILLEADH (5) ▼
Go mbadh seacht míle measa 'bheidheas tú 'charracháinín, má bheirim ort, beidh t'anam agam!
Má chloisim an focal sin as do bhéal aríst, beidh mé do do rúscadh go mbí t'anam agam.
Má chloisim a' luadh mionna mór aríst thú, beidh t'anam agam.
Mara ndéana sé 'ghna(ithe), a's eirigh as cuartuidheacht, beidh 'anam agam.
Is fada é dhá thuar duit, ach beidh t'anam agam sa deire.
+
Beidh anam orm sa deire = marbhócha mé é sa deire. Is mé bheidheas cionntach le na bhás; is orm a bheidheas a bhás.
Ná bac leis. Níorbh fhiú dhuit 'anam a bheith ort!
TUILLEADH (13) ▼
Mara n-eirighe sé as a chuid maga fúmsa, sé'n chaoi 'mbeidh sé aige, beidh anam orm, dhá fhada go dtí é.
Marach narbh fhiú liom é, bheadh t'anam orm.
Marach narbh fhiú liom t'anam a bheith orm, ní fhágfá ball na h-áite go ngiorruighinn leat.
Is furasta cuir chuige, agus ní fiú dhuit anam a bheith ort.
Ó dhonacht é, níor mhaith liom 'anam 'bheith orm.
Dhá dtugadh sé mórán eile ughdair dhom, bheadh anam orm.
Shílfeá nach bhfuil sé 'cur a dhath múisiaim air, go bhfuil anam Sh. air.
Ní ghoillfeadh sé 'dhath air siúd, anam duine bheith air = ní ghoillfeadh sé tada air, duine 'bheith marbhuighthe aige.
Mara leige sib dhíom fhéineacht, beidh anam ceann agaibh orm = marbhócha mé duine agaibh.
Dhá mbainidís mórán eile cainnte asam, bheadh anam duine orm.
Is beag, beag a' scruball atá aige sin, anam duine 'bheith air.
Ma bhuaileann a' taghd cheart é sin, beidh anam duine air.
Marach leisce t'anam a bheith orm, dheamhan deoir a d'fhágfainn ionnad.
+
Tá anam duine ar M. Mh. = mharbhóchadh sé duine. Tá marbhú duine air (nó ann).
Leig dhó sin, ar mhai(the) leat féin. Tá anam duine air!
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an anachain. Tá anam duine air, nuair a baintear amach é.
Ní chuirfead sé ó chodladh na h-oidhche é sin, anam duine a bheith air.
Is furas aithne ar a dhá shúil go bhfuil anam duine air (ní chialluigheann seo gur mharbhuigh sé duine, ach go marbhóchadh sé é, ar bheagán scrubaill)
c.
+
Bhí 'anam in a chluais = bhí sé lionnruighthe; bhí an-fhaitchios air.
Bhí m'anam in mo chluais agam faitchios a dtiocfadh sé isteach.
TUILLEADH (3) ▼
Ó chonnaic mé é, bhí m'anam in mo chluais.
Ba bheag a' dochar dhom, m'anam a bheith in mo chluais, a's a' sunnda a chonnaic mé ann (féach "sunnda")
Bhí m'anam in mo chluais igcaith(eamh) na h-oidhche, nuair nach raibh sé 'teacht.
+
Bhí m'anam in mo bhéal agam = bhí an-fhaitchios, an-deifir, an-fhorrú, an-chruadhóg etc. orm.
Bhí 'anam ina bhéal aige, gur bhailigh sé anoir na Forraí Maola faitchíos a n-eir(eocth)aidhe roimhe, a's a mbasc(f)aí é.
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an chaoi 'mbíonn sé igcomhnuidhe — 'anam ina bhéal aige — go mbí chuile shórt déanta, críochnuighthe amach.
Bhí a h-anam in a béal aice le imnidhe go dtáinic Seán.
+
Bhí m'anam a' dul amach thar mo bhéal = bhí mo chroidhe ag dul amach thar mo bhéal; le teann faitchíos, scannartha, deifre, bruide etc.
Bhí m'anam a' dul amach thar mo bhéal, le faitchíos go dtosóchadh achrann ann.
TUILLEADH (7) ▼
Chaith mé an oidhche ar a' leaba a's m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal le faitchíos roimhe thaidhbhsí.
Bhí h-anam a' dul amach thar a béal, le teann deifre a's forrú.
Tá anam ag (dh)ul amach thar a bhéal, a' deifriú leis a' gcur.
Bíonn anam igcomhnuidhe ag (d)ul amach thar a bhéal, ag iarraidh a bheith 'san áit in ám.
Níl aon-Domhnach beo, nach mbíonn m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal ag iarraidh breithe ar an Aifreann.
Bhí m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal, go dtáinic mé isteach abhaile.
Má theigheann sé taobh amuigh de'n dorus 'san oidhche, bíonn a anam ag (dh)ul amach, thar a bhéal go mbí sé 'stigh aríst.
+
Tá anam ar a bhois aige = tá a chroidhe in a bhois aige; é lionnruighthe nó scannruighthe; forrú nó deifir nó bruid air.
Bhí anam ar (in) a bhois aige 'teacht.
TUILLEADH (4) ▼
Tá m'anam in mo bhois le neart deifir, mar shíl mé go mbeadh an altóir tóigthe rómham.
Bhí saothar ann, a's anam in a bhois aige, a' rith isteach.
Cé'n t-ughdar go mbíonn t'anam indo bhois, mar sin igcomhnuidhe?
Bíonn anam in a bhois, 'chuil' oidhche ag (dh)ul abhaile, má bhíonn a' deich chlog bainte aige.
·
Chraith sé an t-anam ionnam = bóthar garbh; droch-charr etc.
Craitheadh an t-anam asam, leis a' siubhal a bhí ag a' gcarr
2.
+
Le h-anam do mhairbh! = deirtear seo nuair a innsigheas duine scéal do-chreidthe, uathbhásach nó iongantach duit.
P.: Tá Seán beag ag dul a' pósadh; M.: Le h-anam do mhairbh! a' bhfuil!
TUILLEADH (8) ▼
Peige: Tá Pádraic S. D. básuighthe; Brighid: Le h-anam do mhairbh a' bhfuil!
Le h-anam do mhairbh a dhearbhráithrín, ná déan = ar son dé a dhearbhráithrín a's ná déan é.
Le h-anam do mhairbh, a Sheáin, ná tóig do láimh chuige!
Le h-anam do mhairbh anois, ná teirigh amach!
Le h-anam do mhairbh, ná cuir aon-araoid ar aon-duine síos annsin.
Le h-anam do mhairbh a mhaicín chroidhe, ná cuir aon-cheist ar aon-duine de'n dream sin. Isteach ar thóin a' phríosúin a chuirfidís thú.
Le h-anam do bheo a's do mharbh, ná déan gleo a' bith anocht.
Le h-anam do bheo a's do mharbh, fan ó'n mbainis sin, nó nuair árdóchas an t-ól ort, beidh tú ar a' gceird chéadna 'mbíonn tú igcomhnuidhe.
+
M'anam a dhia is do Mhuire (do = do, ní go). (Deirtear seo le osna, le scáth, le imnidhe, le tuirse, nó le gála nó toirneach etc. nó ar chríochnú oibre. Le osna nó le tuirse is mó adeirtear annseo é. Sé'n duine a leigeas an osna nó a bhfuil an tuirse air adeireas é. Deirtear freisin é ar chríochnú oibre).
M'anam a dhia a's do Mhuire, go bhfuil mé tuirseach.
TUILLEADH (1) ▼
Ó m'anam a dhia a's do Mhuire (adéarfá nuair a chloisfeá droch-phlump tóirnighe nó séideán mór gála).
+
M'anam ag dia mara bhfuil sé ar fághail! = dar príosta tá sé ar faghail.
M'anam ag Dia mara raibh sé in am aghad a theacht.
TUILLEADH (6) ▼
M'anam ag Dia, mara bhfuil sé 'na bháistigh.
M'anam ag Dia mara beaduidhe an mhaise dhuit é.
M'anam ag Dia mara bhfuil Pádraicín a' caith(eamh) tobac!
M'anam ag Dia maran h-óg a' mhaise fós di é, a's beirt fhear curtha aice.
M'anam ag Dia, mara bhfuil sé in a dhamhsa annseo amuigh.
M'anam ag Dia, maran deas a' féirín a thug tú isteach chugainn!
+
M'anam ná raibh ag a' Diabhal, mara n-eirighe tú as go n-eireocha tú as agus aithmhéala ort!
M'anam ná raibh ag a' Diabhal, má leagann sé méirín fhliuch aríst ort, a's go mbeidh 'anam agam.
TUILLEADH (5) ▼
M'anam ná raibh ag a' Diabhal, mara dteighe tú amach in éadan do ghna(ithe), a's nach bhfágfa mé cnáimh in do chorp gan bhriseadh.
M'anamsa ag a' Diabhal go bhfuil sé in am agaibh eirghe! (Ní leithe duine ná leagan ar "na mionnaí móra" seo, ach, is iondamhla an chéad leagan réamhráidhte ná [an] ceann deire i.e "M'anamsa ag a' Diabhal. Is gnáthach an ghangaide a bhaint astu, mar atá sa gceann sin "m'anam ná raibh ag a' diabhal". Sé'n cás céadna é le na ceanna seo síos).
T'anam ná raibh ag a' diabhal, céard tá tú 'dheanamh?
T'anam ó'n diabhal, céard d'éirigh dhuit!
T'anam ó'n diabhal thú, tuige nach ndearna tú maith de do gheallamhaint, a's a theacht mar adubhairt tú!
+
T'anam ón 'dacs' a dhuine, cé'n mhoill a bhain duit?" ('Dacs', foghar fearacht 'docks' imBéarla. Focal a cuireadh isteach leis a' ngangaide a bhaint as 'Diabhal'. Féach mh'ainín i leaba m'anam. Dar fiadh in áit dar Dia agus rl.)
T'anam ó'n 'dacs' é mar scéal, nach bhfuil a' bhróig míllte agad, leis a' bputráil sin.
TUILLEADH (4) ▼
T'anam ó'n 'dacs' é mar scéal, má's leat é dhéanamh chor a' bith, breagh nach ndéanann tú ceart é?
T'anam ó'n 'dacs' é, tuige ar rith tú chomh maoilscríobach sin air. Caithfear a dhul ar sin aríst 'do dhiaidh = obair a dheanamh go leidhbeach.
T'anam ó'n 'dacs' é mar scéal, tuige ar fhága tú 'do dhiaidh é, ar aon-nús (nós)?
T'anam ó'n 'dacs' é, teara uait, mar 'dhéanfadh fear, a's ná loic (orainn) mar sin.
+
T'anam cascartha ag a' diabhal — croisim aríst tú! — nach beag an náire atá ort a bheith ar a' gcainnt sin!
T'anam feánnta ag a' diabhal — croisim aríst thú! — céard atá tú a dhéanamh ó mhaidin?
TUILLEADH (3) ▼
T'anam róstaighthe ag a' diabhal, ó bhain tú asam é, céard a rinne tú leis a' ngasúr bocht?
T'anam malluighthe ag a' diabhal, mara tú tá ámhuilleach!
T'anam loiscthe ag a' diabhal, mara beag atá ar t'aire!
+
T'anam ó'n Riabhach é, céard deir tú?" (Achréidh é seo. Riabhach = an diabhal. Tír Riabhaiche = Ifreann "a's go mb'fhearr le Colm i dTír Riabhaiche thú, nó theacht ar ais aríst go Cáisc" — amhrán na Sean-Bhó — Colm a' Bhailís).
T'anam ó'n Riabhach, tuige nach gcuireann tú cóir air fhairis sin!
TUILLEADH (4) ▼
T'anam ó'n Riabhach é, mar scéal, tuige nach rachthá ann, dhá mbadh le cam srón birín air é.
A h-anam ó'n Riabhach é, ní féidir gur dhean (foghar dhion) sé sin!
A h'anam ó'n Riabhach é, nach ort atá an bhreathas!
A hanam ó'n Riabhach, ní fhéadfad sé 'bheith chomh dona sin!
+
h'anam ó'n Diabhal thú, le caoi 'bheith ort!
h'anam ó'n Diabhal (h'anam ó'n Riabhach)! = adéarfadh duine le neart iongantais faoi thuairisc nó faoi scéal.
TUILLEADH (2) ▼
h'anam ó'n diabhal, ar chuir!
h'anam ó'n diabhal, a' bhfaca tú é! (dubhradh gur cuireadh nó gur facthas roimhe seo).
+
Dar m'anam (dar m'ainín) = dar príosta, dar fiadh, dar mo choinsias, dar bhrigh an leabhair, dar an leabhar etc.
Dar m'anam gur fada gur chuimhnigh tú ar a theacht!
TUILLEADH (5) ▼
Dar m'anam, gur deas an tráth eirghe anois é, ag buachaill óg.
(D)ar m'anam fhéin, muise, mara ndéana tusa é, gur deas a' chaoi dhuit a bheith 'comórtas le do mháthair le na dhéanamh!
(D)ar m'anam fhéin, nach bhfuil fhios agam!
(D)ar m'anam! = nuair nach gcreidfeadh duine eile rud.
Dar m'anam a's dar m'fhocal, gurab shin í an fhírinne anois agad, gan focal uirre ná dhi.
+
A mh'ainín fhéin, gur maith láidir an stócach anois é.
A mh'ainín fhéin, nach bhfuil fhios agam, muis!
TUILLEADH (5) ▼
Is maith daor é 'mh'ainín!
Is breagh mór é mh'ainín!
Is deas a' chaoi é mh'ainín ag fear tighe a's urláir.
A' mh'ainín gur maith mór a' mac atá aice!
A mh'ainín gur maith an earra é an biadh cladaigh!
+
M'anamsa fhéin nach bhfuil! (leagan dubhshlánach le "m'anam go bhfuil" a shéanadh).
Seán: M'anam go bhfuil sé pósta muis!; Pádraic: M'anamsa fhéin nach bhfuil!
TUILLEADH (9) ▼
'Deir daoine go bhfuilimse pósta, ach m'anamsa fhéin nach bhfuil (líne d'amhrán).
M'anamsa fhéin nach bhfuighe tú an lampa sin!
M'anamsa fhéin nach ndéanfad, ná nach bhfuil cuímne 'bith fhéin agam air.
M'anamsa fhéin nach n-iarrfad, ná dheamhan cuid d'iarraidh!
M'anamsa fhéin nach mbuailfead, ná dheamhan baoghal a' bith fhéin orm é bhualadh!
M'anamsa féin nach n-íosfad, mara bhfagha mé ánnlann eicínt leis!
M'anamsa fhéin, nach dtiubharfad, muis! Is beag atá ar t'aire fhéin, ach é thabhairt aníos!
M'anamsa fhéin muis gur beag a bheadh le déanamh agad, a dhul siar an fhad bealaigh.
M'anamsa fhéin nach gcuirfe mise chuige ná uaidh. Agaibh fhéin atá a rogha rud a dhéanamh leis.
+
Ná tabhair t'anam leis = ná mionnuigh leis; ná mionnuigh é, ná tiomain t'anam mar sin. Déarfaidhe é, dá dtugadh duine 'anam le rud eicínt a's fios ag a' té 'bhí ag éisteacht go raibh sé éigcinnte faoi.
Is beag a' scruball atá agad t'anam a thabhairt faoi rud fánach mar sin.
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú tabhairt t'anama leis, a's luighe na bréige ar do chuid cainnte.
Níl aon-mhaith dhuit t'anam a thabhairt leis, mar tá'n scéal sin do-chreidthe.
3.
Achar an anama: imbrollach an bháis; a' saothrú báis; dithbheo; beo ar éigin; na h-ualaighe a thagas roimh an mbás; a' tabhairt na gcor.
+
Tá sé in achar (?) (dochar?) an anama = ar na preaba deireannacha.
Tá déanta le na bhás le seachtmhain, ach ní raibh sé in achar an anama ceart críochnuighthe go dtí indiu.
TUILLEADH (14) ▼
Indé tháinic a' t-árdú mór air, a's tá sé in achar an anama anois.
Is gearr uaidh anois. Tá sé in achar an anama.
Bhí sé in achar an anama cheana, a's tháinic sé as.
Tá sé in achar an anama le uair a' chluig, a's tá srannán a' bháis a' teacht ann anois.
Is minic ariamh a bhí duine in achar an anama a's a shrian sé thríd in a dheidh sin = a tháinic sé as; a fuair sé biseach.
Ní shárócha sé an oidhche mar tá sé in achar an anama cheana fhéin.
Tá sé in achar an anama le scath(amh). 'Sé clochar a' bháis atá toidheacht anois ann.
Bhí sé réasúnta indé, ach tháinic barr air, tuairim's árd-trathnóna. A' dul 'un donacht atá sé ó shoin, a's tá sé in achar an anama amach a's amach anois.
Níor chuir siad fios ar a' sagart dó go raibh sé in achar an anama.
Badh (sh)in é a dtráth fios a chuir ar a' dochtúr, a's an duine bocht in achar an ama!
Ní dhéanfa sagart ná dochtúr aon-mhaith dhó anois, arae tá sé in achar an anama, a's níl ann, ach go bhfuil sé dí-bheo.
Bhí réidh an achar aige, cupla uair ó shoin, ach tá sé in achar an anama anois.
Tá biseach beag air anois, aindeoin go raibh sé in achar an anama ó eadarshuth. Biseach a' bháis, is dóigh.
Bhí sé annsiúd in achar an anama a's a tabhairt na gcor.
·
Dheamhan deoch uisce 'bhéarfadh sí duit, dhá mbeitheá in achar an anama.
Ní thóigfead sí an splannc de do chois a's bí in achar an anama.
4.
·
Níl ceathramhadh anama a' bith le fághail uaidh = spás, cáirde, maithteannas (féach "ceathramhadh")
5.
+
Tá sé ag déana(mh) anama = a' deanamh aithrighe, a' déana(mh) lóin do'n tsíorruidheacht.
Ná fág t'anam gan déanamh, pérbí cé'n fhaillighe eile bhainfeas duit.
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé chomh maith dhuit t'anam a dhéanamh anois (a dhul a' déanamh t'anama) mar mairbheocha sé siúd thú, an dá luath a's a bhfuighe sé greím ort.
Tá sé chomh maith do na daoine a dhul a' déanamh a n-anama, mar 'sé 'chosamhlacht gurb é deire an domhain é.
Ní móide go bhfaightheá an t-ionbhadh t'anam a dhéanamh an uair sin.
Ba chóra dhó go mór a bheith 'déana(mh) anama, a's an aois atá aige, ná amuigh ag obair.
A' déanamh t'anama ba cheart duit a bheith, a's ní do do mheárú fhéin faoi obair.
Tá sé in am aghad feasta a dhul a' deana(mh) t'anama, nó'n ceapadh atá agad, go mairfe tú choidhchin.
A phaidrín ba cheart dó bheith aige, a's é a' déanamh anama, i leaba a bheith ag imtheacht ag damhsaí.
6.
+
Bhí sé rith i muinghnín a anama = i muinghnín a chruite; chomh maith a's bhí sé indon.
Bhain sé as i muinghnín 'anama go ndeacha sé abhaile = rith sé abhaile i muinghnín a chruite.
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé ag obair i muinghnín 'anama, go gcríochnuighe sé an cúilín siúd. = tá bun anama (Achréidh) amuigh aige ag obair, go gcríochnuighe sé an cúilín siúd
Bhí sé 'cur dhe i muinghnín ghéar anama = bhí sé cainnt chomh tapa a's bhí sé indon.
Tá sé 'baint fhataí i muinghnín ghéar anama ar an aimsir seo.
Leig sé leis fhéin soir a' bóthar, i muinghnín ghéar anama, a's níor facthas ó shoin é.
Dhá gcloistheá é a' sioscadh bréag i muinghnín 'anama!
Bhí sé gearradh criathraigh i muinghnín ghéar anama, nuair a chonnaic mise é = bhí sé siubhal go scafánta ar a' gcriathrach etc.
Tá muid a' déanamh bóthair i muinghnín a' (ar) n-anama anois.
Caithfe mé 'dhul a' cur amach fheamuinne i muinghnín m'anama an tseachtmhain seo chugainn.
Níl aon chall dhuit a bheith 'coimhlinnt i muinghnín t'anama mar sin = a' coisidheacht go géar; forrú mór oibre bheith ort.
Glac go réidh leat fhéin. Cé'n chabhair dhuit a bheith deifriú i muinghnín t'anama mar sin?
Thaosc sé an bád i muinghnín 'anama, ach bhí sí 'líonadh dhá bhuidheachas 'na dheidh sin.
Aindeoin go raibh mé 'scaradh i muinghnín m'anama, bhí sé 'cínnt orm coinneál suas leis a' sleághdóir.
Bhí sé scríobhadh i muinghnín ghéar anama. Bhreac sé páipéar ar chuma ar bith.

Féach freisin

Anam in iontrálacha eile (50+)

 
Nach hí atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhla: gurb í atá friochanta, téisiúil agad!
+
Bhí faitíos m'anama orm = an-fhaitíos
TUILLEADH (5) ▼
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin domáisteach go leór
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
M'anam muise mar adúirt tú, más aicíd atá ann gur údar faitiais é
M'anam nach ag creathadh ag an bhfuacht, ach ag creathadh ag an bhfaitíos a bhí sé = leis an bhfaitíos;ba leis an bhfaitíos a bhí sé ag creathadh
 
fara
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad agus a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dteigheadh bean mhaith in a n-éadan ba bheag an stró uirre péire nua a dhéanamh dhíob aríst
+
Deir tú nach bhfuil de dhíol leasaithe agad. M'anam go bhfuil thearasbár tharmsa agad
TUILLEADH (1) ▼
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
 
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Thug an leoraí feánach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam narbh fhuláir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhantáiste in a dhiaidh sin
 
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
 
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
 
Buaileadh é, ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
 
M'anam gur cinniúint uirre siúd é, má leigean sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh sí chor ar bith. Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
TUILLEADH (1) ▼
M'anam má bhí sé ar meisce gur shiúil sé abhaile aréir gan fiar ar bith
 
Cén chiall go ngabhfá amach san bhfliuchán (san mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
+
focal
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nar éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nar thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gur thug sé cneamhaire air idtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabhail an fhocail. Ba mhian leis a rádh annsin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneamhaireacht 'ar bith leis
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
M'anam nach gar dó a bheith ag ceilt nach mbíodh sé ag cúirtéaracht léithi. Sé a bhíodh, agus go follasach!
 
Chuaigh sí scór punt. M'anam nach fuláir di cho maith agus atá sí ar scór.
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
+
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. 'Bfhaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaidhe go dtí thú!
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann se'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
 
M'anam nach bhfuil frasaíl ar bith in S. Deirimse leatsa gur beag a gheobhas brabach air sin
+
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcomhnaí! Ba shin é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin, bhíodh muid sáraithe aca: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
TUILLEADH (1) ▼
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? Sí atá freochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhighis uirre a thiacht isteach annseo. Dheamhan é muis
+
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an t-uafás go deó fruigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinnsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guidhe. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb shiúd é a rinne an ránn dó agus nach hí Áine den fhaoistean
+
Níl ann ach frídeóir de dhuine agus in a dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deó an gníomh atá ann. M'anam mara bhfuil gabhail na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
TUILLEADH (1) ▼
Sharaí dhó, an frídeóirín! 'Ar ndó, ní foghail fir atá sé sin indon a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é in a dhiaidh sin
 
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a phiorfhiachaí dhó (dhe)
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
+
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb ea = seadh go cinnte
TUILLEADH (4) ▼
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go maróidh mé thú! Ní bheidh sé níos saoire agad
Fágaim le m'anam nach bhfuil a fhios agam céard is cor dó ach an oiread leatsa
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reiche beó beithioch aice!
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb shin é
 
fága
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní shin iad is measa a mh'anam
 
fág
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
+
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cáil do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ollmhachan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
 
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonnaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nar bh'olc an saol é sin!