Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anam
ginideach uatha: anama
1.
spioraid; an ghné den duine a bhfanann beocht ann théis báis na colna.
a.
+
"Anam bocht mé atá ag loirg an eolais ar bhóthar an chruatain" (líne as Na Críocha Déanacha)
"Bhí an t-anam ag screadach ar Dhia ag iarraidh trócaire" (as seanscéal)
TUILLEADH (20) ▼
Imíonn an t-anam as an gcorp thrí logán na baithise (sin é adeirtear)
T'anam fhéin a bheas síos leis má dhéanann tú an t-olc — ar t'anam fhéin a thitfeas an t-olc a dhéanfas tú
'Sé t'anam fhéin a íocfas ann ar an lá deireanach.
Cheannaigh Mac Dé anam chuile chréatúr ar an gcrois — shaor sé iad ó chumhacht an diabhail.
Is beag an suim atá inár n-anam againn agus chomh daor agus a cheannaigh Mac Dé muid.
Is maith a cheannaigh Mac Dé chuile anam dhá bhfuil ar an saol, agus is fánach an aird a thuganns cuid de na daoine ina dhiaidh sin air.
Rachaidh anamnacha na bhfíréan go flaithis agus na hanamnachaí damnaithe go hifreann.
Is cuma céard a dhéanfas an cholainn má tá an t-anam bocht ceart.
Níl a fhios ag an anam bocht cá ngabhfaidh sé ó fhágfas sé an cholainn
Is dhá anam féin is measa sin má tá i ndán is go ndearna sé an éagóir.
Meáfaidh Mícheál Ardaingeal chuile anam ansiúd, agus má tá i ndán is gur mó dhá chionta ná dhá dhea-oibreachaí, síos go hifreann a chuirfear é (ba é sin barúil na ndaoine faoin mbreithiúnas — go meáfadh Mícheál Ardaingeal chuile anam agus dhá mba troime a chionta ná a dhea-oibreachaí go dteilgfí síos go hifreann é; féach leat Na Críocha Déanacha le leide a fháil faoina scálaí seo)
Tá coirt ar a anam le peacaithe, ní dhá roinnt leis é.
Níl ag aon duine breithiúnas anama a thabhairt ar dhuine eile ach ag Dia.
Agróidh Dia ort breithiúnas anama a thabhairt ar chréatúr ar bith mar sin.
Tabhair aire do t'anam fhéin agus ná bac le anam aon chréatúr eile.
Anam bocht eicínt atá ar seachrán a bhí ann — nuair adéarfadh duine go bhfaca sé rud eicínt
Bíonn anam ar chuile thaobhán den teach an oíche sin (Oíche Shamhna — sin barúil eile a bhí ag na daoine faoin oíche sin)
Is geal atá anam sna flaithis anocht (inniu srl.); is geal é a anam sna flaithis anois — deirtear é seo nuair a tráchtar ar dhuine atá básaithe
Tógadh an Mhaighdean Mhuire suas go flaithis idir chorp is anam.
Choimrí m'anama ort — mo chara agus mo choimirce ort; tarrtháil mé; tabhair pardún nó maiteanas dom.
+
Slánaíonn an baisteadh an t-anam ó chathaithe an diabhail.
Ní mór dhuit a dhul chuig an aifreann le t'anam a shlánú.
TUILLEADH (3) ▼
Is cuma céard is cor don cholainn má fhéadann duine an t-anam a shlánú.
Cuireadh ar an saol seo thú chun t'anam a shlánú.
"Ní bailtí fearanna, stoc ná tréada; a mhúineas an tslí go flaithis Dé dhúinn; ach leasú ár n'anama léar (de réir) mar léitear; le breithiúnas aithrí, troscadh is déirce" (Raiftearaí)
+
Go ndéana Dia trócaire ar a anam!; go ndéana Dia maith ar a anam!
Go ndéana Dia maith ar a anam agus ar chuile anam bocht eile dhá bhfuil ar shlua na marbh. Áiméan!
TUILLEADH (11) ▼
Go dtuga Dia áras dá anam bocht!
Go dtuga Dia áras do chuile anam bocht atá ar seachrán!
"An Paidrín Páirteach a bhí i nGairdín Pharthas; in onóir na mná a bhí ariamh gan locht; a Íosa Críost is a Rí na ngrásta; go dtuga tú áras dá anam bocht!" (deirtear i ndiaidh an Phaidrín Pháirtigh ar thórraíochaí, nó nuair a cuirtear corp faoi bhrí na guí.)
Go dtuga Dia suaimhneas síoraí na bhflaitheas dá anam bocht agus d'anam chuile chréatúr eile, más é toil Dé é!
Nár fheice Dia a anam ar seachrán!
Nár fheice Dia fuíoll faoistin, faillí aifrinn, ná uireasa aithrí ar a anam!
Nár fheice Dia fuíoll ar bith ar a anam, más é toil Dé é!
Go ndéana Dia grásta ar a anam!; go ndéana Dia na grásta ar a anam.
Suaimhneas síoraí go dtuga Dia dá anam!
Go rathaí Dia ár n-anam agus an obair — deirtear i ndiaidh obair a chríochnú
Go dtuga Dia na flaithis do t'anam.
+
Chuir mé paidir lena anam — chuir mé a anam faoi bhrí na guí
Is fhearr dhúinn paidir a chur lena anam.
TUILLEADH (2) ▼
Chuadar ar a nglúine agus chuir siad paidir le hanam an mharbháin.
Ní paidir a chuir sé lena anam ar maidin! — nuair a bheadh duine ag eascainí
·
Tá an oíche chomh dubh le anam tincéara (anam ministéara) — chomh dubh le pic, chomh dubh leis an daol
Is duibhe anois í (an oíche) ná anam tincéara.
+
Tá a fhios ag do chroí agus ag t'anam istigh nach bhfuil an gasúr sin in ann a dhul ag saothrú fós — tá a fhios agat go maith srl.
Bhí a fhios agam in mo chroí agus in m'anam istigh gurb é bas ciontaí, ach ní raibh a chomharthaíocht lena chois mar sin fhéin.
TUILLEADH (10) ▼
Bhí a fhios aici ina croí agus ina hanam istigh nach raibh aon ghair agamsa a dhul ag breathnú uirthi agus freastal le déanamh agam ar lán tí de pháistí.
Is maith atá a fhios agat in do chroí agus in t'anam istigh gur fada go ndéanainnse éagóir ar bith ar do pháiste.
Tá a fhios ag do chroí agus ag t'anam nach raibh láimh ná cois agamsa in do chaora a mharú.
Tá a fhios ag a chroí agus ag a anam gur fada a bheinnse ag dhul thar iothlainn sula mhillfinn tada inti.
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam nach bhfuil a fhios agam céard adúirt sí. Tá mé bodhar le gairid.
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam má labhraíonn tú ar Cheata amach as do bhéal aríst, go mbeidh mé ag gabháil ort chúns a gheobhas mé aon teas in do chraiceann.
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam nach bhfuil pínn rua ag gabháil liom le tabhairt d'aon duine.
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam gur beag an náire atá oraibh más sibh a rinne sceanach den arán mar sin.
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam go mba chóra dhaoibh buille oibre eicínt a dhéanamh tharas a bheith sactha istigh ansin mar atá sibh.
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam gur beag an dochar dhuit a bheith tuirseach théis t'aistir (deirtear tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam go dúthrachtach faoi bhéim sna ráití sin)
+
Tá a chroí agus a anam sáite sa bhfeamainn; tá a chroí agus a anam ag dul amach thar a bhéal le saint sa bhfeamainn — tá sé tórtha ar a bhfeamainn
Tá a chroí agus a anam sáite san obair.
TUILLEADH (3) ▼
Sna leabhra atá a chroí agus a anam.
Tá a chroí agus a anam ann agus ní féidir é a chur dhe.
Tá a chroí agus a anam sa bhfoghlaim.
+
'Sé atá ag coinneáil an anama ann — dhá choinneáil beo; ag tabhairt slí mhaireachtála dhó.
'Sé Seán atá ag coinneáil an anama iontub fré chéile.
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an dole atá ag coinneáil an anama sna daoine. Bheadh muid thart dhá uireasa.
Tá lán tí de pháistí aici. Is maith an dícheall di an t-anam a choinneáil ar fad iontub
Is mór atá sé ag cruthachtáil agus é bheith ag coinneáil an anama uileag iontub.
Níl líon léith ag Muiréad ach léar (de réir) mar atá an deartháir ag coinneáil an anama inti.
+
Ní raibh ann ach gur caitheadh an t-anam leis; níl ann, ach go bhfuil an t-anam ann; tá an t-anam ann ar éigean; cuireadh an t-anam ann ar éigean; níl ann, ach gur caitheadh (gur cuireadh) an t-anam ann — déarfaí seo le duine réchúiseach, beagchainteach, socair, sásta
Maidir le Seáinín, níl ann ach gur caitheadh an t-anam leis — tá Seáinín réchúiseach socair sásta agus ar bheagán gleo ná cainte
TUILLEADH (12) ▼
An duine bocht sin, is beag le gur caitheadh an t-anam leis.
Níl, ach go mbeadh a fhios agat go bhfuil an t-anam ann, tá sé chomh socair sin.
Shíl mise gur conán socair é sin. Aon áit dhá bhfaca mé ariamh é, ní bheadh a fhios agat go raibh thar an anam ann ar éigean.
Dhá bhfeicteá i láthair comhluadair é, shílfeá nach raibh ann ach gur cuireadh an t-anam ann ar éigean, agus deir siad ina dhiaidh sin go bhfuil sé beo drochmhúinte má bhaintear as é.
Cuireadh an t-anam inti ar éigean — 'sé a raibh ann é. Ní bhfaightheá dhá fhocal cainte uaithi oíche fhada airneáin.
Nó go bhfeicfeá ag ól é, bheifeá siúráilte nach raibh ach an t-anam ann. Tá sé an-tsocair ar a chéill.
Ní chuirfidh an créatúr sin caidéis ar aon duine. Ní mó ná go bhfuil an t-anam caite leis.
Níl cor i dTaidhgín. Chaith Dia an t-anam leis ar éigean.
Dhá mbeadh chuile dhuine ar a laghad urchóide agus atá Tom, bheadh an saol ceart. Caitheadh an t-anam leis. 'Sé a raibh ann é.
Ní bheadh a fhios agat go mbeadh duine ar bith sa teach nuair a bhíonns sí istigh. Chaith Dia an t-anam léithe, sin é an méid.
Is beag an ghleo é. Cuireadh an t-anam ann ar éigean.
Maidir le Séamas, 'sé a bhfuil ann gur chaith Dia an t-anam leis, tá sé chomh réidh sin ag imeacht.
+
Tá an biorán sin ag dhul go hanam ionam — do mo ghortú; ag dul sa mbeo ionam; ag cur péine orm
Chuaigh an tairne go hanam ionam.
TUILLEADH (9) ▼
Bhuail pian in mo thaobh mé agus chráigh sí go hanam mé.
Sheas mé ar bhriogadán géar agus chráigh sé go hanam mé.
Chuaigh an arraing go hanam ionam.
Is cráite an rud iad na daitheachaí. Cuireann siad pian go hanam ar dhuine.
Bhuail preab in m'fhiacail mé agus chráigh sí go hanam mé.
Ná bac le go beo! Chuaigh sí go hanam ionam.
Má ghearrann siad sin thú, tiocfaidh siad go hanam ionat.
Sheas sé ar mo chois thinn agus chuir sé driog go hanam thríom.
Tagann driogannaí i mbéal mo chléibh orm agus téann siad thríom go hanam.
b.
+
Bainfidh mé an t-anam asat má chloisim tú dhá rá sin aríst.
Bainfidh sé siúd an t-anam asat má fhaigheann sé amach go gcainteoidh tú ar an méid sin.
TUILLEADH (18) ▼
Fhóbair gur bhain sé an t-anam asam le cuthach faoi gur shamhlaigh mé leis gurb é adúirt é.
Bhainfinn an t-anam as dhá mbeadh a fhios agam siúráilte go raibh aon phlé aige leis.
Ní raibh le déanamh leis ach an t-anam a bhaint as te bruite, má bhí aon láimh aige ann — é a mharú
Bainfidh mé an t-anam asat te bruite, má fheicim go gcuire tú aon phíopa in do bhéal le do ló aríst.
An t-anam a bhí a bhaint as mar 'sé a shaighid an chuid eile ar fad.
Is beag a bhéarfadh orm an t-anam a bhaint as murach leisce a dhul ag tarraingt aghaidh na ndaoine orm fhéin.
Bainfidh mé an t-anam asat má chloisim ag athléamh aríst thú.
Má chloiseann t'athair gur thaobhaigh tú isteach an teach sin, bainfidh sé an t-anam beo beithíoch asat.
Má tá i ndán is go mbainfidh tú leis an sparán sin feasta, bainfidh mé an t-anam amach asat beo beithíoch.
An t-anam a bhí a bhaint asat — sea sin!
Níl sé inrásta ag fear na háite seo a dhul siar ansiúd. Bhainfí an t-anam beo beithíoch as thiar ann.
Má bhaineann tú le mo bhicycle, bainfidh mé an t-anam asat, a chuimleacháin.
Dhá gcloiseadh a athair go mbeadh aon láimh aige in obair den tsórt sin, bhainfeadh sé an t-anam beo beithíoch amach as a chraiceann.
Má chuireann sé aon araoid ar mhac an pheata den tsráid seo, 'sé an t-anam a bhainfeas as, feicfidh sé fhéin.
Níor mhiste liom dhá mbainfí an t-anam asam ar an toirt, ach déanfaidh mé do lá.
Dheamhan ar mhiste leis siúd dhá mbainfí an t-anam as faoi, ach bhuailfeadh sé thú faoi láthair le rud ar bith ba túisce aige.
Ní chuirfeadh sé a dhath scóchais orm faoina dhéanamh agus bíodh a fhios agam go mbainfí an t-anam asam ar an toirt (scóchas = guaim; cúl; bacainn)
Ní loicfinn, ó chuirfinn romham an rud a dhéanamh, dá mbaintí an t-anam asam ar an nóiméad.
+
Thug mé m'anam liom ar éigean; is ar inn ar éigean a thug mé m'anam liom — sách rite a chuaigh sé liom a theacht slán
Bí buíoch ó thug tú t'anam leat as chor ar bith.
TUILLEADH (15) ▼
Is ait a chruthaigh tú agus t'anam a thabhairt leat chor ar bith ó na sclamhairí siúd.
Bhí an tseamair Mhuire agat agus t'anam a thabhairt slán leat ó na hamhais údan.
Murach chomh tráthúil agus a tháinig Máirtín, bhí mé réidh le m'anam a thabhairt liom beag ná mór — chinnfeadh orm a theacht slán
Ní cás duit é agus t'anam a thabhairt leat as an tromásc sin chor ar bith.
Ní raibh mé chomh mór i dteannta i gcaitheamh mo shaoil ariamh. Chinnfeadh orm m'anam a thabhairt liom chor ar bith uathub murach chomh hóltach agus a bhí siad, agus nach raibh a fhios acu céard a bhí siad a dhéanamh.
Ó thug mé m'anam liom den gheábh sin, is fada aríst go bhfeictear mise sna bólaí siúd.
Tabhair buíochas le Dia go dtug tú t'anam leat chor ar bith.
Ó d'éirigh liom m'anam a thabhairt liom as an tromásc sin, seachnóidh mise an anachain feasta.
Shíl mé nach dtabharfainn m'anam liom, arae bhí an sruth ar fad in m'aghaidh (fear a bhí ar snámh)
Mura n-insí tú amach anseo é, ní thabharfaidh tú t'anam leat as ball na háite.
Thug sé a anam leis as chuile ghábh.
Is iomaí achrann a raibh mé ann ariamh ach ní dheachaigh sé chomh déan (dian) ariamh orm m'anam a thabhairt slán liom agus chuaigh sé an babhta seo.
Is mór an t-ionadh gur fhéad sé a anam a thabhairt leis chor ar bith agus comh mór agus bhí siad sa tóir air.
Thrína ndeachaigh sé thríd ariamh, tá faitíos orm go gcinnfidh air a anam a thabhairt leis an babhta seo — is mór an lear a ndeachaigh sé thríd, ach tá sé i ngreim sa deireadh
Má thugann sé a anam leis anois, tá Dia ina fhabhar.
+
Nach mór an t-ionadh gur lig siad t'anam leat chor ar bith — nach mór an t-ionadh nár mharaíodar nó nár dhonaíodar thú
Bí buíoch gur lig siad t'anam leat, a mhic ó.
TUILLEADH (10) ▼
Ní raibh cuimhne ar bith aige go ligfidís a anam leis chomh réidh sin, ach ní dhearnadar níos airde ná broicneáil a bhualadh air.
Lig sé m'anam liom réidh go leor.
Ní bheadh baol orthub m'anam a ligean liom leath chomh héasca murach an faitíos mór atá orthub roimh an dlí anois.
Bhí tamall ann agus ní ligfí a anam leis chomh réidh sin as na bólaí sin.
Ba dona na fir iad, agus an ghráin a bhí acub air, gur lig siad a anam leis chomh réidh sin.
Ar inn ar éigean a ligeadar m'anam liom chor ar bith.
Ba bheag an díol trua thú dhá mbeidís gan t'anam a ligean leat fhéin. Breá go ndeachaigh tú ag brú orthub agus a fhiosacht duit go raibh an chloch sa muinchille acub duit.
Murach T. Bh. ní ligfí m'anam liom chor ar bith.
Dheamhan a anam a ligfí leis aréir murach faitíos roimh an áit abhus aríst.
Níor mhilleán ar bith dóibh é dá mbeidís gan anam a ligean leis an gceann céanna chor ar bith agus a dtug sé d'údar dóibh.
+
Beidh t'anam agam má chloisim ar an gcaint sin aríst thú — maróidh mé thú; tabharfaidh mé leath mharú ort
Mura dtóga tú aghaidh do bhéil dhíom, beidh t'anam agam agus sin é a bhfuil ina timpeall.
TUILLEADH (5) ▼
Go mba seacht míle measa a bheas tú a charracháinín, má bheirim ort, beidh t'anam agam!
Má chloisim an focal sin as do bhéal aríst, beidh mé do do rúscadh go mbí t'anam agam.
Má chloisim ag lua mionna mór aríst thú, beidh t'anam agam.
Mura ndéana sé a ghnaithe, agus éirí as cuartaíocht, beidh a anam agam.
Is fada é dhá thuar duit, ach beidh t'anam agam sa deireadh.
+
Beidh a anam orm sa deireadh — maróidh mé é sa deireadh. Is mé a bheas ciontach lena bhás; is orm a bheas a bhás
Ná bac leis. Níorbh fhiú dhuit a anam a bheith ort!
TUILLEADH (13) ▼
Mura n-éirí sé as a chuid magaidh fúmsa, 'sé an chaoi a mbeidh sé aige, beidh a anam orm, dhá fhada go dtí é.
Murach nárbh fhiú liom é, bheadh t'anam orm.
Murach nárbh fhiú liom t'anam a bheith orm, ní fhágfá ball na háite go ngiorraínn leat.
Is furasta cur chuige agus ní fiú dhuit a anam a bheith ort.
Ó dhonacht é, níor mhaith liom a anam a bheith orm.
Dhá dtugadh sé mórán eile údair dhom, bheadh a anam orm.
Shílfeá nach bhfuil sé ag cur a dhath múisiaim air go bhfuil anam Sh. air.
Ní ghoillfeadh sé a dhath air siúd anam duine bheith air — ní ghoillfeadh sé tada air duine a bheith maraithe aige.
Mura lige sibh dhíom fhéineacht, beidh anam ceann agaibh orm — maróidh mé duine agaibh.
Dhá mbainidís mórán eile cainte asam, bheadh anam duine orm.
Is beag beag an scrupall atá aige sin anam duine a bheith air.
Ma bhuaileann an taghd cheart é sin, beidh anam duine air.
Murach leisce t'anam a bheith orm, dheamhan deoir a d'fhágfainn ionat.
+
Tá anam duine ar M. Mh. — mharódh sé duine. Tá marú duine air (nó ann)
Lig dhó sin ar mhaithe leat féin. Tá anam duine air!
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an anachain. Tá anam duine air nuair a baintear amach é.
Ní chuirfeadh sé ó chodladh na hoíche é sin anam duine a bheith air.
Is furasta a aithne ar a dhá shúil go bhfuil anam duine air (ní chiallaíonn seo gur mharaigh sé duine, ach go maródh sé é ar bheagán scrupaill)
c.
+
Bhí a anam ina chluais — bhí sé lionraithe; bhí an-fhaitíos air.
Bhí m'anam in mo chluais agam faitíos a dtiocfadh sé isteach.
TUILLEADH (3) ▼
Ó chonaic mé é, bhí m'anam in mo chluais.
Ba bheag an dochar dhom m'anam a bheith in mo chluais agus an sonda a chonaic mé ann (fc. sonda)
Bhí m'anam in mo chluais i gcaitheamh na hoíche nuair nach raibh sé ag teacht.
+
Bhí m'anam in mo bhéal agam — bhí an-fhaitíos, an-deifir, an-fhurú, an-chruóg srl. orm.
Bhí a anam ina bhéal aige gur bhailigh sé anoir na Forraí Maola faitíos a n-éireofaí roimhe agus a mbascfaí é.
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcónaí — a anam ina bhéal aige — go mbí chuile shórt déanta críochnaithe amach.
Bhí a hanam ina béal aici le imní go dtáinig Seán.
+
Bhí m'anam ag dul amach thar mo bhéal — bhí mo chroí ag dul amach thar mo bhéal; le teann faitíos, scanartha, deifre, broide srl.
Bhí m'anam ag dul amach thar mo bhéal le faitíos go dtosódh achrann ann.
TUILLEADH (7) ▼
Chaith mé an oíche ar an leaba agus m'anam ag dul amach thar mo bhéal le faitíos roimhe thaibhsí.
Bhí a hanam ag dul amach thar a béal le teann deifre agus furú.
Tá a anam ag dhul amach thar a bhéal ag deifriú leis an gcur.
Bíonn a anam i gcónaí ag dul amach thar a bhéal ag iarraidh a bheith san áit in am.
Níl aon Domhnach beo nach mbíonn m'anam ag dul amach thar mo bhéal ag iarraidh breithe ar an aifreann.
Bhí m'anam ag dul amach thar mo bhéal go dtáinig mé isteach abhaile.
Má théann sé taobh amuigh den doras san oíche, bíonn a anam ag dhul amach thar a bhéal go mbí sé istigh aríst.
+
Tá a anam ar a bhois aige — tá a chroí ina bhois aige; é lionraithe nó scanraithe; furú nó deifir nó broid air.
Bhí a anam ar (in) a bhois aige ag teacht.
TUILLEADH (4) ▼
Tá m'anam in mo bhois le neart deifir, mar shíl mé go mbeadh an altóir tógtha romham.
Bhí saothar ann agus a anam ina bhois aige ag rith isteach.
Cén t-údar go mbíonn t'anam in do bhois mar sin i gcónaí?
Bíonn a anam ina bhois chuile oíche ag dhul abhaile, má bhíonn an deich chlog bainte aige.
·
Chroith sé an t-anam ionam — bóthar garbh; droch-charr srl.
Croitheadh an t-anam asam leis an siúl a bhí ag an gcarr
2.
+
Le hanam do mhairbh! — deirtear seo nuair a insíos duine scéal dochreidte, uafásach, nó iontach duit.
P.: Tá Seán beag ag dul ag pósadh; M.: Le hanam do mhairbh! An bhfuil!
TUILLEADH (8) ▼
Peige: Tá Pádraic S. D. básaithe; Bríd: Le hanam do mhairbh. An bhfuil!
Le hanam do mhairbh a dheartháirín, ná déan — ar son Dé a dheartháirín agus ná déan é.
Le hanam do mhairbh a Sheáin, ná tóg do láimh chuige!
Le hanam do mhairbh anois, ná téirigh amach!
Le hanam do mhairbh, ná cuir aon araoid ar aon duine síos ansin.
Le hanam do mhairbh a mhaicín chroí, ná cuir aon cheist ar aon duine den dream sin. Isteach ar thóin an phríosúin a chuirfidís thú.
Le hanam do bheo agus do mharbh, ná déan gleo ar bith anocht.
Le hanam do bheo agus do mharbh, fan ón mbainis sin, nó nuair a ardóchas an t-ól ort, beidh tú ar an gceird chéanna a mbíonn tú i gcónaí.
+
M'anam a Dhia is do Mhuire (do = do, ní go. Deirtear seo le osna, le scáth, le imní, le tuirse, nó le gála nó toirneach srl. nó ar chríochnú oibre. Le osna nó le tuirse is mó adeirtear anseo é. 'Sé an duine a ligeas an osna nó a bhfuil an tuirse air adeireas é. Deirtear freisin é ar chríochnú oibre)
M'anam a Dhia is do Mhuire go bhfuil mé tuirseach.
TUILLEADH (1) ▼
Ó m'anam a Dhia is do Mhuire (adéarfá nuair a chloisfeá drochphlump toirní nó séideán mór gála)
+
M'anam ag Dia mura bhfuil sé ar fáil! — dar príosta tá sé ar fáil.
M'anam ag Dia mura raibh sé in am agat a theacht.
TUILLEADH (6) ▼
M'anam ag Dia mura bhfuil sé ina bháistigh.
M'anam ag Dia mura beadaí an mhaise dhuit é.
M'anam ag Dia mura bhfuil Pádraicín ag caitheamh tobac!
M'anam ag Dia muran hóg an mhaise fós di é agus beirt fhear curtha aici.
M'anam ag Dia mura bhfuil sé ina dhamhsa anseo amuigh.
M'anam ag Dia muran deas an féirín a thug tú isteach chugainn!
+
M'anam ná raibh ag an diabhal, mura n-éirí tú as go n-éireoidh tú as agus aiféala ort!
M'anam ná raibh ag an diabhal, má leagann sé méirín fhliuch aríst ort agus go mbeidh a anam agam.
TUILLEADH (5) ▼
M'anam ná raibh ag an diabhal, mura dté tú amach in éadan do ghnaithe agus nach bhfágfaidh mé cnáimh in do chorp gan bhriseadh.
M'anamsa ag an diabhal go bhfuil sé in am agaibh éirí! (Ní léithe duine ná leagan ar "na mionnaí móra" seo ach is iondúla an chéad leagan réamhráite ná an ceann deiridh .i. "M'anamsa ag an diabhal". Is gnáthach an ghangaide a bhaint astu mar atá sa gceann sin "m'anam ná raibh ag an diabhal". 'Sé an cás céanna é le na ceanna seo síos)
T'anam ná raibh ag an diabhal, céard atá tú a dhéanamh?
T'anam ón diabhal, céard a d'éirigh dhuit!
T'anam ón diabhal thú, tuige nach ndearna tú maith do do gheallúint agus a theacht mar adúirt tú!
+
T'anam ón dacs a dhuine, cén mhoill a bhain duit? (dacs: foghar fearacht docks i mBéarla. Focal a cuireadh isteach leis an ngangaide a bhaint as diabhal, fc. mh'ainín i leaba m'anam; dar fia in áit dar Dia srl.)
T'anam ón dacs é mar scéal, nach bhfuil an bhróig millte agat leis an bpotráil sin.
TUILLEADH (4) ▼
T'anam ón dacs é mar scéal, más leat é a dhéanamh chor ar bith breá nach ndéanann tú ceart é?
T'anam ón dacs é, tuige ar rith tú chomh maolscríobach sin air. Caithfear a dhul air sin aríst i do dhiaidh — obair a dhéanamh go leadhbach.
T'anam ón dacs é mar scéal, tuige ar fhága tú i do dhiaidh é ar aon nós?
T'anam ón dacs é, teara uait mar a dhéanfadh fear, agus ná loic (orainn) mar sin.
+
T'anam coscartha ag an diabhal — crosaim aríst tú! — nach beag an náire atá ort a bheith ar an gcaint sin!
T'anam feannta ag an diabhal — crosaim aríst thú! — céard atá tú a dhéanamh ó mhaidin?
TUILLEADH (3) ▼
T'anam róstaithe ag an diabhal, ó bhain tú asam é, céard a rinne tú leis an ngasúr bocht?
T'anam mallaithe ag an diabhal, mura tú atá ábhailleach!
T'anam loiscthe ag an diabhal, mura beag atá ar t'aire!
+
T'anam ón riach é, céard adeir tú? (Achréidh é seo. riach = an diabhal. Tír riaiche = ifreann; "agus go mb'fhearr le Colm i dTír Riaiche thú, nó a theacht ar ais aríst go Cáisc" — Amhrán na SeanBhó — Colm a Bhailís)
T'anam ón riach, tuige nach gcuireann tú cóir air thairis sin!
TUILLEADH (4) ▼
T'anam ón riach é mar scéal, tuige nach rachfá ann dhá mba le cam srón birín air é.
A hanam ón riach é, ní féidir gur dhéan (foghar dhion) sé sin!
A h'anam ón riach é, nach ort atá an bhreathas!
A hanam ón riach, ní fhéadfadh sé a bheith chomh dona sin!
+
h'anam ón diabhal thú, le caoi a bheith ort!
h'anam ón diabhal (h'anam ón Riach)! — adéarfadh duine le neart iontais faoi thuairisc nó faoi scéal.
TUILLEADH (2) ▼
h'anam ón diabhal, ar chuir!
h'anam ón diabhal, an bhfaca tú é! (dúradh gur cuireadh nó gur facthas roimhe seo)
+
Dar m'anam (dar m'ainín) — dar príosta, dar fia, dar mo choinsias, dar bhrí an leabhair, dar an leabhar srl.
Dar m'anam gur fada gur chuimhnigh tú ar a theacht!
TUILLEADH (5) ▼
Dar m'anam gur deas an tráth éirí anois é ag buachaill óg.
Dar m'anam fhéin muise, mura ndéana tusa é gur deas an chaoi dhuit a bheith ag comórtas le do mháthair lena dhéanamh!
Dar m'anam fhéin nach bhfuil a fhios agam!
Dar m'anam! — nuair nach gcreidfeadh duine eile rud.
Dar m'anam agus dar m'fhocal, gurb in í an fhírinne anois agat, gan focal uirthi ná dhi.
+
A mh'ainín fhéin gur maith láidir an stócach anois é.
A mh'ainín fhéin, nach bhfuil a fhios agam muis!
TUILLEADH (5) ▼
Is maith daor é a mh'ainín!
Is breá mór é a mh'ainín!
Is deas an chaoi é a mh'ainín ag fear tí is urláir.
A mh'ainín gur maith mór an mac atá aici!
A mh'ainín gur maith an earra é an bia cladaigh!
+
M'anamsa fhéin nach bhfuil! (leagan dúshlánach le "m'anam go bhfuil" a shéanadh)
Seán: M'anam go bhfuil sé pósta muis!; Pádraic: M'anamsa fhéin nach bhfuil!
TUILLEADH (9) ▼
"Deir daoine go bhfuilimse pósta, ach m'anamsa fhéin nach bhfuil" (líne d'amhrán)
M'anamsa fhéin nach bhfaighidh tú an lampa sin!
M'anamsa fhéin nach ndéanfad, ná nach bhfuil cuimhne ar bith fhéin agam air.
M'anamsa fhéin nach n-iarrfad, ná dheamhan cuid d'iarraidh!
M'anamsa fhéin nach mbuailfead, ná dheamhan baol ar bith fhéin orm é a bhualadh!
M'anamsa féin nach n-íosfad, mura bhfaighe mé anlann eicínt leis!
M'anamsa fhéin nach dtabharfad muis! Is beag atá ar t'aire fhéin ach é a thabhairt aníos!
M'anamsa fhéin muis, gur beag a bheadh le déanamh agat a dhul siar an fhad bealaigh.
M'anamsa fhéin nach gcuirfidh mise chuige ná uaidh. Agaibh fhéin atá a rogha rud a dhéanamh leis.
+
Ná tabhair t'anam leis — ná mionnaigh leis; ná mionnaigh é, ná tiomain t'anam mar sin. Déarfaí é dá dtugadh duine a anam le rud eicínt agus fios ag an té a bhí ag éisteacht go raibh sé éiginnte faoi.
Is beag an scrupall atá agat t'anam a thabhairt faoi rud fánach mar sin.
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú ag tabhairt t'anama leis agus luí na bréige ar do chuid cainte.
Níl aon mhaith dhuit t'anam a thabhairt leis mar tá an scéal sin dochreidte.
3.
achar an anama: i mbrollach an bháis; ag saothrú báis; díbheo; beo ar éigean; na hualaí a thagas roimh an mbás; ag tabhairt na gcor.
+
Tá sé in achar an anama — ar na preaba deireanacha
Tá déanta lena bhás le seachtain ach ní raibh sé in achar an anama ceart críochnaithe go dtí inniu.
TUILLEADH (14) ▼
Inné a tháinig an t-ardú mór air agus tá sé in achar an anama anois.
Is gearr uaidh anois. Tá sé in achar an anama.
Bhí sé in achar an anama cheana agus tháinig sé as.
Tá sé in achar an anama le uair an chloig, agus tá srannán an bháis ag teacht ann anois.
Is minic ariamh a bhí duine in achar an anama agus a shrian sé thríd ina dhiaidh sin — a tháinig sé as; a fuair sé biseach
Ní sháróidh sé an oíche mar tá sé in achar an anama cheana fhéin.
Tá sé in achar an anama le scaitheamh. 'Sé clochar an bháis atá ag teacht anois ann.
Bhí sé réasúnta inné ach tháinig barr air tuairim is ardtráthnóna. Ag dul chun donacht atá sé ó shin, agus tá sé in achar an anama amach is amach anois.
Níor chuir siad fios ar an sagart dó go raibh sé in achar an anama.
Ba in é a dtráth fios a chur ar an dochtúr agus an duine bocht in achar an ama!
Ní dhéanfaidh sagart ná dochtúr aon mhaith dhó anois, arae tá sé in achar an anama agus níl ann ach go bhfuil sé díbheo.
Bhí réidh an achar aige cupla uair ó shin, ach tá sé in achar an anama anois.
Tá biseach beag air anois, ainneoin go raibh sé in achar an anama ó eadarshuth. Biseach an bháis is dóigh.
Bhí sé ansiúd in achar an anama agus ag tabhairt na gcor.
·
Dheamhan deoch uisce a bhéarfadh sí duit, dhá mbeifeá in achar an anama.
Ní thógfadh sí an splanc de do chois agus bí in achar an anama.
4.
·
Níl ceathrú anama ar bith le fáil uaidh — spás, cairde, maiteanas (fc. ceathrú)
5.
+
Tá sé ag déanamh a anama — ag déanamh aithrí, ag déanamh lóin don tsíoraíocht.
Ná fág t'anam gan déanamh, pé ar bith cén fhaillí eile a bhainfeas duit.
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé chomh maith dhuit t'anam a dhéanamh anois (a dhul ag déanamh t'anama) mar maróidh sé siúd thú an dá luath agus a bhfaighidh sé greim ort.
Tá sé chomh maith do na daoine a dhul ag déanamh a n-anama, mar 'sé a chosúlacht gurb é deireadh an domhain é.
Ní móide go bhfaightheá an t-ionú t'anam a dhéanamh an uair sin.
Ba chóra dhó go mór a bheith ag déanamh a anama, agus an aois atá aige, ná amuigh ag obair.
Ag déanamh t'anama ba cheart duit a bheith agus ní do do mhearú fhéin faoi obair.
Tá sé in am agat feasta a dhul ag déanamh t'anama, nó an ceapadh atá agat go mairfidh tú choíchin.
A phaidrín ba cheart dó bheith aige, agus é ag déanamh a anama, i leaba a bheith ag imeacht ag damhsaí.
6.
+
Bhí sé ag rith i muinín a anama — i muinín a chruite; chomh maith agus a bhí sé in ann.
Bhain sé as i muinín a anama go ndeachaigh sé abhaile — rith sé abhaile i muinín a chruite
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé ag obair i muinín a anama go gcríochnaí sé an cúilín siúd — tá bun anama (Achréidh) amuigh aige ag obair go gcríochnaí sé an cúilín siúd
Bhí sé ag cur dhe i muinín ghéar a anama — bhí sé ag caint chomh tapa agus a bhí sé in ann
Tá sé ag baint fhataí i muinín ghéar a anama ar an aimsir seo.
Lig sé leis fhéin soir an bóthar, i muinín ghéar a anama, agus níor facthas ó shin é.
Dhá gcloistheá é ag sioscadh bréag i muinín a anama!
Bhí sé ag gearradh criathraigh i muinín ghéar a anama nuair a chonaic mise é — bhí sé ag siúl go scafánta ar an gcriathrach srl.
Tá muid ag déanamh bóthair i muinín a (ár) n-anama anois.
Caithfidh mé a dhul ag cur amach fheamainne i muinín m'anama an tseachtain seo chugainn.
Níl aon chall dhuit a bheith ag coimhlint i muinín t'anama mar sin — ag coisíocht go géar; furú mór oibre bheith ort.
Glac go réidh leat fhéin. Cén chabhair dhuit a bheith ag deifriú i muinín t'anama mar sin?
Thaosc sé an bád i muinín a anama, ach bhí sí ag líonadh dhá bhuíochas ina dhiaidh sin.
Ainneoin go raibh mé ag scaradh i muinín m'anama, bhí sé ag cinnt orm coinneáil suas leis an sleádóir.
Bhí sé ag scríobh i muinín ghéar a anama. Bhreac sé páipéar ar chuma ar bith.

Féach freisin

anam in iontrálacha eile (50+)

 
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
+
Bhí faitíos m'anama orm — an-fhaitíos
TUILLEADH (5) ▼
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin damáisteach go leor
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
M'anam muise mar adúirt tú, más aicíd atá ann gur údar faitís é
M'anam nach ag creathadh ag an bhfuacht, ach ag creathadh ag an bhfaitíos a bhí sé leis an bhfaitíos; ba leis an bhfaitíos a bhí sé ag creathadh
 
fara
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad is a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dtéadh bean mhaith ina n-éadan ba bheag an stró uirthi péire nua a dhéanamh dhíobh aríst
+
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
TUILLEADH (1) ▼
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
 
M'anam nach é fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé chomh saor leat agus a chuaigh sé an uair dheiridh — lig mé uaim réidh go leor thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bheas sé aríst
 
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
 
Buaileadh é ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
 
M'anam gur cinniúint uirthi siúd é má ligeann sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh sí chor ar bith. 'Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar rómhór don chlaí sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claí a dhéanamh. Tá go leor talúna diomalaithe agat ansin
TUILLEADH (1) ▼
M'anam má bhí sé ar meisce gur shiúil sé abhaile aréir gan fiar ar bith
 
Cén chiall go ngabhfá amach sa bhfliuchán (sa mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
+
focal
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nár éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nár thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gur thug sé cneámhaire air i dtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabháil an fhocail. Ba mhian leis a rá ansin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneámhaireacht 'ar bith leis
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
M'anam nach gar dó a bheith ag ceilt nach mbíodh sé ag cúirtéireacht léithe. 'Sé a bhíodh, agus go follasach!
 
Chuaigh sí scór punt. M'anam nach foláir di chomh maith agus atá sí ar scór.
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
+
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. An bhfaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaí go dtí thú!
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann s'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
 
M'anam nach bhfuil frasaíl ar bith in S. Deirimse leatsa gur beag a gheobhas brabach air sin
+
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
TUILLEADH (1) ▼
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? 'Sí atá friochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhthís uirthi a theacht isteach anseo. Dheamhan é muis
+
Tá léinteachaí na bhfrogaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó rinne mise ceann acu do Sheán anseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. 'Leis an tír a bheith ag tabhairt suntais dom,' adeir sé. 'Ní bhíonn siad sin anois ach ar sheandaoine.' 'T'anam cascartha ón diabhal,' adeirimse leis. 'Tá sí sách maith agat. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí acu orthu.'
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an t-uafás go deo froigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guí. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb úd é a rinne an rann dó agus nach í Áine den fhaoistin
+
Níl ann ach frídeoir de dhuine, agus ina dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deo an gníomh atá ann. M'anam mura bhfuil gabháil na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
TUILLEADH (1) ▼
Shoraidh dhó, an frídeoirín! Ar ndóigh, ní foghail fir atá sé sin in ann a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é ina dhiaidh sin
 
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a pheiriachaí dhó (dhe)
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágfaidh muid ina hocht míle go leith é. Deir tusa go siúlfadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nár shiúil tusa aon hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
+
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb ea — sea go cinnte
TUILLEADH (4) ▼
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go maróidh mé thú! Ní bheidh sé níos saoire agat
Fágaim le m'anam nach bhfuil a fhios agam céard is cor dó ach an oiread leatsa
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reicthe beo beathach aici!
Fágaim le m'uacht agus le m'anam gurb in é
 
fága
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní hin iad is measa a mh'anam
 
fág
Ó a dhiabhail nach é a thug faoi. M'anam más thíos a frítheadh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
+
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cá'il do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ullmhúchan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
 
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nárbh olc an saol é sin!