Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceathrú (36)

 
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
+
dán
Abair an cheathrú sin aríst sa gcaoi a bhfuil sí agatsa … Sin é atá ag luí le dán. Tá ceathrú lia agamsa ann
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta a aithinte ar an gceathrú sin nach bhfuil sí ag luí le dán. Níl an darna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. ansin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéana Dia maith uirthi, dhá rá. Faigh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
déan 1
D'imigh mé as seo ag ceathrú don ceathair, agus bhí mé ag Ard na bhF. le déanamh lae. Ba maith an choisíocht í, deirimse leat
 
Is beag duine a bhí sa ruta seo ariamh ba déircí ná N. Th. Aimsir an drochshaoil adeir siad, nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, ba é sin a choinnigh an cheathrú seo beo. D'fhaigheadh chomh maith le deich nduine fhichead beatha ann chuile lá
 
Chaith sé ceathrú uaire ag braiteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal ansin agus d'fheicfeá ag ligean siar a sheile é. 'Dheamhan a fhios agam fhéin,' adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinig orm failm de chic a thabhairt don phíopa
+
Tá an cheathrú dheiridh (dheireanach) den ghealaigh ann anois
TUILLEADH (5) ▼
Tá an ghealach ar an gceathrú dheiridh
Rachaidh muid ann ar an gceathrú dheiridh den ghealaigh
Tá sí (an ghealach) ag dul amach sa gceathrú dheiridh anois
Tá tú sa gceathrú dheiridh di anois
Chonaic tú féin ansin thuas é: M. P. nuair a phós sé isteach sa teach sin. Ní raibh bonn bán ar an áit. Bhí guth ag chuile dhuine dár bhain leis air: ag ceapadh go mb'fhurasta dhó pósadh ní b'fhearr a dhéanamh. Breathnaigh air inniu: an bhfuil aon fhear istigh ar an gceathrú is deisiúla ná é. Is deacair deirimse leat, tada a rá. Ba mhinic na caiple deiridh ag dul chun tosaigh
 
deis
Is tútach an deis a bhí ar an gcoca féir sin ar maidin inniu. Dheamhan asal ar an gceathrú nach dhá shracadh a bhí aréir
 
Deirimse leatsa, hé brí céard adéarfas tusa, gur deisiúla go mór an baile a bhfuil tú istigh ann ná aon bhaile eile ar an gceathrú. Breathnaigh ar an mbaile sin thoir. Nach bhfuil maith an bhaile uileag ag an L. Agus an dá bhaile seo taobh thiar dhíot, céard atá iontu ach breaclachaí agus clochair agus diomalachaí. Níl an baile seo giorraithe tada, agus dheamhan a bhfuil de chailleadh ar an talamh atá ann léar (de réir) mar atá talamh sa tír seo.
 
díle 1
hÓladh an díle pórtair anseo thoir lá an aonaigh. Níor mhair leathbhairille tigh Sh. ach ceathrú uaire. Abair go mba in sciobadh air!
 
Galra díobhálach í an cheathrú ghorm sin. Is leannán leis an mbaile seo críochnaithe í
 
Cén díogarnach lae! Bhí mé sa mbaile ó ló mhór féin. 'Sé an áit a ndeachaigh an ghrian faoi orm ag Ard D. L. Ní mórán le ceathrú uaire a thóg sé orm srianadh anoir. Ba bheag leis an naoi a chlog a bhí sé nuair a tháinig mé abhaile
+
díol 2
Shíl tú nach raibh mo dhíol siúil fúm. Bhí agus fuílleach. Ceathrú don trí a bhí mé ann
TUILLEADH (3) ▼
Ligeadh fairsinge mhór orm nuair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabháil leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathrú gabháltais eile nár mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé
Níl ceathrú cuid mo dhíol ann
Is díol náire don cheathrú (cupla baile fearainn) an bhail a chuaigh ar an duine bocht sin thíos anseo ar an mbóthar: é a robáil agus gan snáth éadaigh a fhágáil thuas ar a chraiceann. Is diabhlaí an t-iontas nach bhfeicfeadh duine eicínt dhá dhéanamh é
 
A muise a mhuirnín, má théann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brú ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathrú cloch fhataí a bhí aige théis soláthar trí lá, agus ina cheann sin, goideadh an sádar (solder) uaidh. Nach gann a chuaigh an saol orthu go mb'éigean dóibh a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cén neart a bhí acu air. Ar ndóigh níl ní dhár dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
 
dóigh 1
Níl aon áit sa gceathrú is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agatsa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí ina púir uileag, tá sí chomh séasúrach sin. Cuir coirce mór inti sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéatach agat air
 
Tháinig an domhnaíocht raic (wrack) anseo ar thús an chogaidh, ach 'sé cuid an bheagáin atá ag teacht anois. Ara cén mhaith a bheadh do dhuine a dhul dhá tóraíocht dhá mbeadh sé taobh lena dtugann na póilíos de cheathrú shábhála uirthi. Ceo ar bith ach dhá bhféadainn a coinneáil dom fhéin fhéin go mb'fhiú dhom a dhul ag cur aistear an chladaigh orm féin deireadh oíche. Ach i nDomhnach chreidim gur fíor dhuit é: ní fhaigheann duine ar bith breith a bhéil féin
 
Dhorchaigh sé go mór le ceathrú uair. Ach níl aon mhoill ar an tráthnóna an tráth seo bhliain. "Tráthnóna fómhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
 
Ní airím tada thíos san áit a bhfuil an lot anois. Tá an phian bodhraithe uileag ann. Ach tá drithlíní an tsaoil mhóir thuas anseo in mo cheathrú agus suas in mo thaobh
 
droim
Bhí sé thar am an obair sin (roinnt a bheith ar fheamainn dearg agus ar fheamainn reatha) a chur de dhroim seoil. Ba deas í mo cheird muis: a dhul síos chun an chladaigh agus an ceathrú cuid den méid a gheobhadh T. Th. a fháil, faoi rá is go raibh dhá ghabháltas aigesean agus gan agamsa ach leathghabháltas. Is cosúil go gcuireadh Dia gaoth aneas ann le go mbeadh a cheithre oiread tairbhe aigesean uirthi agus a bheadh agamsa
 
druid 2
Tá an posta ar ghort an bhaile anois. Nach in é ceathrú don dó é! Níor cheart dó faice moille a bheith anois air
 
duán
Theastódh riar duáin cheathrún le aghaidh na curraí
 
dubh 3
Beidh an mhóin sin ag dubhadh léar (de réir) mar a bheas tú ag dul síos barr léithe. An-mhóin í ar an ceathrú barr
 
Dúchan toirní é, nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Leagadh sé air anois, feadh is an cheathrú seo a bheith thuas agamsa. Níl aon tuilleamaí agam leis. Tá mo chuid coirce agus féir clúdaithe
 
Bhí dul orm, agus bhí a fhios agam go maith go raibh. Ní raibh a fhios agam ó neamh go néal céard ab fhearr dom a dhéanamh. Dhá bhfaigheadh sé ar an talamh mé, ní fhágfadh sé aon chnáimh in mo chorp gan leonadh. Dheamhan easna dhíom nach ndeachaigh i muinín mo chroí agus mo chruite, ag iarraidh mé féin a bhaint as greim. Agus bhaineas. Seo liom siar i ndiaidh mo chúil. Thug mé cor. Chuaigh seisean tharam amach de rite reathach. Níor liom féin ab fhaillí é. Tarraingím mo sheanchic air — isteach ansin ar an gceathrú …
+
Chuaigh sé go ceathrú (go tóin, go bléin srl.) san easca
TUILLEADH (1) ▼
An dtéann tú gon Cheathrún Rua chor ar bith anois (an áit a bhfuil an t-alt san ainm déantar gon de go, ach is deacair a rá an godo atá ann amantaí, arae tá an fhuaim chéanna ar go agus do mar réamhfhocla ar fud an cheantair seo, agus bíonn séimhiú ar an ainm agus ar an aidiacht scaití, fearacht is dá mba do a bheadh ann .i. ag dul gon Achréidh (an tAchréidh), ag dul gon bhaile mhór)
 
Níl baol ar bith air a chuid príosúntachta a bheith réidh fós aige. Chuaigh seacht mbliana air. Gheobhaidh sé lascainí as sin — an ceathrú cuid sílim. Caithfidh sé cúig bhliana agus ráithe a dhéanamh. Agus níl sé ach ag dul sa gceathrú bliain anois