Angla
—
droch-(mh)úineadh; gangaide; a bheith nimheannta nó cantalach drisíneach.
+–
Is ann atá an t-olc agus a' t-angla = tá sé gangaideach, franncuighthe, cantalach.
Leig de do chuid uilc a's angla annseo.
TUILLEADH (4) ▼
Meireach a chuid angla, leigfeadh sé thairis a' méid sin = meireach a chuid droch-mhúineadh, ní thóigfeadh sé suas, nó ní chuirfeadh sé aon-tsuím sa gcainnt nó sa rud sin.
Tá nimh craithte air le angla a's gangaide.
Dhá ndéanadh angla dhó é, ní fhágfadh sé aon-duine beo sa tír.
Ní thóigfe an dream siúd a chuid angla uaidh — is beag a' baoghal atá orra(b)! = ní éistfe siad le na chuid droch-mhúineadh na uilc.