Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
angla
is annamh a cloistear angla, anglántas — uair sna naoi n-aird, ach tá an t-aidiacht anglánta agus anglóir an-choitianta
drochmhúineadh; gangaide; a bheith nimheanta nó cantalach drisíneach.
+
Is ann atá an t-olc agus an t-angla — tá sé gangaideach, francaithe, cantalach
Lig de do chuid oilc is angla anseo.
TUILLEADH (4) ▼
Meireach a chuid angla, ligfeadh sé thairis an méid sin — meireach a chuid drochmhúineadh, ní thógfadh sé suas, nó ní chuirfeadh sé aon tsuim sa gcaint nó sa rud sin.
Tá nimh croite air le angla agus gangaide.
Dhá ndéanadh angla dhó é, ní fhágfadh sé aon duine beo sa tír.
Ní thógfaidh an dream siúd a chuid angla uaidh — is beag an baol atá orthub! — ní éistfidh siad lena chuid drochmhúineadh ná oilc.

Féach freisin