Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
An-glánta
+
Duine anglánta é = tá sé droch-mhúinte, cantalach.
Tá sí chomh h-anglánta a's nach bhfuil goir ag duine 'druid' a rádh léithi
TUILLEADH (7) ▼
Sí'n ceann céadna atá anglánta, cantalach = is bean chantalach dhroch-mhúinte í.
B'fhearr a d'fhéadfá do bheart a tharraingt, dhá mbeitheá gan a bheith leath chomh h-anglánta.
Tá an bhrothtuinn atá thiar ar a' mbaile sin chomh h-anglánta a's go n-íosfaidís beo beithidheach thú, ní áirmhighim a mhalrait (féach brothtuinn)
Duinín anglánta go leor é, má bhaintear as é.
Sé'n frighdeoirín de dhuine is anglánta faoi'n mbogha bán é (féach frighdeoirín)
Droch rath air, marab é tá anglánta!
Tá'n t-athair chomh h-anglánta le na h-easógaí agus dheamhan mórán le reic ag a' gcloinn ach oiread.

Féach freisin