Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anglánta
+
Duine anglánta é — tá sé drochmhúinte, cantalach
Tá sí chomh hanglánta agus nach bhfuil gair ag duine druid a rá léithe
TUILLEADH (7) ▼
'Sí an ceann céanna atá anglánta cantalach — is bean chantalach dhrochmhúinte í.
B'fhearr a d'fhéadfá do bheart a tharraingt dhá mbeifeá gan a bheith leath chomh hanglánta.
Tá an bhratainn atá thiar ar an mbaile sin chomh hanglánta agus go n-íosfaidís beo beithíoch thú, ní áirím a mhalrait (fc. bratainn)
Duinín anglánta go leor é má bhaintear as é.
'Sé an frídeoirín de dhuine is anglánta faoin mbogha bán é (fc. frídeoirín)
Droch rath air, murab é tá anglánta!
Tá an t-athair chomh hanglánta le na heasógaí agus dheamhan mórán le reic ag an gclainn ach oiread.

Féach freisin

anglánta in iontrálacha eile (11)

 
conán
Dheamhan cor ar bith sa gconán sin. D'fhéadfá méir a chur faoina shúil, agus ní bhainfeadh sé leat. Ach i nDomhnach, níl an deartháir eile mar sin: tá sé sách anglánta.
 
beann
Tá sé neamh-mhothaitheach anglánta leis an té nach bhfuil beann aige air, ach an té a bhfuil, ní dhúnfaidh sé a shúile air.
 
beo 1
'Sé is anglánta beo má chuireann tú caidéis ar bith air.
 
buille
Bhí sé buille anglánta faoi na caoirigh a dhul i mbradaíl air.
 
aranta
Níl sé sin aranta ná anglánta chor ar bith, ní hé sin a fhearacht agaibhse é.
 
abair
Bean anglánta go maith í, déarfá
 
Bhí dodaireacht an tsaoil mhóir aige sa gcúinne, ach ní raibh duine ar bith ag féadachtáil a dhéanamh amach céard a bhí sé a rá, leis an meacan oilc a bhí ann. Níor mhóide gurbh fhearr dhó féin go bhféadfadh. Bhí an teach buille anglánta agus gheobhadh duine faoi na foraí an-éasca é
 
dual 1
Níor dhual duit a bheith anglánta ar chaoi ar bith. Ní hé a thug tú abhaile leat. Daoine síodúla a bhí ariamh in do mhuintir
 
déan 1
Is mall uaidh an seol a ardú. Tógann sé cosamar uair an chloig air seol a bheith déanta aige. Ach is beag a thaitneodh sé leis aon locht a fháil air ina dhiaidh sin. M'anam gurb é atá anglánta
 
dóigh 2
B'fhéidir di a bheith an-fháilí. Níor dhóichíde sin ná cibhear a thabhairt isteach ar na fiacla dhuit. Tá sí sách anglánta má thograíonn sí é
 
Níor dhual di muis a bheith mar sin. Chaithfeadh sé go bhfuil sí ag dul in aghaidh dúchais. Ní raibh duine ar an bhfeadhain acu sin nach raibh drochmhúinte anglánta