Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ánlacan
anlacan (a fada i gConamara go h-iondamhail i bhfocla de'n tsórt seo go h-áithrid roimh n, nn, r, l, nó ll i.e ceánn, meáll, leánn etc) = adhnlacan
sean-chill, roillig: roinnt uaigheanna le chéile (burial plot).
+
Tá ánlacan mór ar Chnoc Leitir Caocháin = cineál sean-chille; áit a mbeadh daoine curtha ó'n tsean-aimsir.
Deir siad gur fathachaí (fathaigh) atá curtha 'san ánlacan atá ann = deirtear (is iondamhail "deir siad" i leaba deirtear i gCois-Fhairrge agus an fheidhm cheanann chéadna leis)
TUILLEADH (1) ▼
Ná bain leis an ánlacan sin, nó ní móide gur fearrde thú é = comhairle ar dhuine a raibh sé de rún aige ánlacan a chartadh amach.